An t-árachas sóisialach in Éirinn

Réamhrá

Íocann an chuid is mó de na fostóirí agus fostaithe (os cionn 16 bliana d’aois agus faoi 66) ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh isteach i gCiste Árachais Shóisialta náisiúnta na hÉireann. Go ginearálta, tá íocaíocht an árachais shóisialaigh éigeantach. úsáidtear an téarma 'fostaíocht inárachais' chun cur síos a dhéanamh ar fostaíocht ar a ndlitear ranníocaíochtaí árachais sóisialta. Féadfar ÁSPC a ghearradh ar dhaoine áitithe a bhfuil ioncam neamhthuillte acu

Tá Ciste Árachais Shóisialaigh na hÉireann déanta suas de chuntas reatha agus de chuntas infheistíochta atá á bhainistiú ag an Aire Coimirce Sóisialaí agus ag an Aire Airgeadais, faoi seach. Is éard atá sa chuntas reatha ná airgead a bailíodh ó dhaoine atá i bhfostaíocht. Baintear úsáid as an airgead ansin le híocaíochtaí árachais shóisialaigh a mhaoiniú. Is cuntas taisce an cuntas infheistíochta atá á bhainistiú ag an Aire Airgeadais. Tá an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste freagrach as a chinntiú go gcoinnítear na cuntais in ord agus go ndéantar tuairiscí chuig Tithe an Oireachtais.

Aicmí arachais shóisialta

Roinntear ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh i gcatagóirí difriúla, ar a dtugtar aicmí nó rátaí ranníocaíochta. Cinntear an cineál aicme agus ráta ranníocaíochta a íocann tú de réir nádúr do chuid oibre. Mar shampla, beidh duine atá fostaithe in ollmhargadh a thuilleann níos lú ná €38 sa tseachtain árachaithe faoi Aicme J. Má thuilleann siad níos mó ná €38 sa tseachtain beidh siad árachaithe faoi Aicme A. I bhfírinne, íocann an chuid is mó de na fostaithe in Éirinn ÁSPC Aicme A.

Tá tuilleadh eolais le fáil ag na haicmí éagsúla Árachais Shóisialaigh agus cá mhéad árachais shóisialaigh a íocfaidh tú.An t-árachas sóisialach in Éirinn

Obair agus árachas sóisialach

Má tá tú i bhfostaíocht, braitheann méid an árachais shóisialaigh a íocann tú ar do thuilleamh agus ar an gcineál oibre a dhéanann tú. Tugtar ÁSPC (Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa) ar do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh in Éirinn. In amanna, cloisfidh tú daoine ag baint úsáide as an bhfocal stampaí agus iad ag trácht ar a ranníocaíochtaí ÁSPC. Tagann an téarmaí seo ó roimh 1979 nuair a stampáladh fostóirí cárta go fisiceach gach seachtain den fhostaíocht. Tugadh an cárta sin chuig oifig leasa shóisialaigh áitiúil d’fhonn íocaíochtaí leasa shóisialaigh a éileamh.

Más fostaí thú, asbhaineann d’fhostóir do ranníocaíochtaí árachais shóisialta agus bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim iad. De réir an dlí, tá d’fhostóir freagrach as ÁSPC, cé go mb’fhéidir go mbeadh ort ‘sciar fostaí’ a íoc. Léigh níos mó faoi dhualgas d’fhostaitheora árachas sóisialach a íoc anseo.

Má tá tú féinfhostaithe, íocann tú ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh Aicme S go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ansin íocann na Coimisinéirí Ioncaim an t-airgead isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh. Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim taifead de na ranníocaíochtaí atá íoctha agat chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí agus Coimirce Sóisialaí.

Níl tú faoi dhlíteanas i leith ranníocaíochtaí ÁSPC tar éis 66 bliana d'aois - is é seo ancás an bhuil tú fostaithe nó féinfostaithe nó nach bhfuil. Más rud é nach bhfuil go leor ranníocaíochtaí tar eis 66 bliana daois, ní féidir ieat iad a chur isteach ina dhiaidh sin.

Ioncam neamhthuillte agus árachassóisialta

Tá dliteanas iomlán ÁSPC ar ioncam neamhthuillte ó 2014 i leith. íoctar ÁSPC 4% ar ioncam ó chíos, ó dhíbhinní agus ús ar thaiscí agus ar choigilteas ó 1 Eanáir 2014. Tá díolúine ó ÁSPC agus ón muirear nua ag daoine faoi bhun 16 bliain d'aois agus ós cionn 66 bliain d'aois .

(In 2013 thosaigh daoine a raibh ranníocaíochtaí ar ráta mionathraithe á n-íoc acu (formór acu ina státseirbhísigh earcaithe roimh Aibreán 1995) le bheith inmhuirir do ÁSPC ag 4% (íoctha ag Aicme K) ar ioncam féinfhostaithe agus aon ioncam neamhthuillte (ón 1 Eanáir 2013) agus ar ioncam féinfhostaithe atá faoin gcóras ÍMAT (ÓN 28 Meitheamh 2013).

Meastar aon duine a bhfuil ioncam neamhthuillte ós cionn €5,000 acu (€3,174 a bhí ann) mar ‘dhuine inmhuirir’ agus ní mór dó/di an muirear ÁSPC ag 4% a íoc ar gach ioncam neamhthuillte. Íoctar an muirear faoi chóras féinmheasúnaithe na gCoimisinéirí Ioncaim (Íoc agus Tuairisciú). Íoctar an muirear ÁSPC nua faoi Aicme K agus ní bhíonn aon teidlíocht ag an duine ar shochair leasa sóisialaigh.

Ní mheastar cáiníocóirí ÍMAT mar ‘dhaoine inmhuirir’ agus ní íocann siad an muirear ÁSPC nua. Ní dhuine inmhuirir é duine a bhfuil a ioncam as foinsí neamh-ÍMAT níos lú na €5,000 (€3,174 a bhí ann) agus má ghearrtar cáin ar an ioncam seo faoin gcóras ÍMAT (De ghnáth gearrtar cáin ar a leithéid d’ioncam trí chreidmheasanna an duine a laghdú mar chúiteamh ar cháin iníoctha. Má tá Cáin Choinneála ar Ús Taisce (CCÚT) íoctha agat áfach ar d’ioncam neamh-ÍMAT ní gá duit cáin ioncaim sa bhreis a íoc ar an ioncam seo).

ÁSPC agus daoine muinteartha afhostú

Ta dliteanas ar fhormhór fostaithe ÁSPC a íoc. Tá eisceachtaí ar an riail ghinearálta seo i gcás fostaíocht teaghlaigh áirithe. Úsáidtear an téarma seo chun chur síos a dhéanamh ar chás más rud é go bhfostaíonn trádálaí aonair féinfhostaithe duine/daoine muinteartha, nó más rud é go gcabhraíonn siad leis. Ní fhostaíocht teaghlaigh atá ann mura Trádálaí Aonair atá i gceist – mar shampla más cuideachta theoranta nó páirtnéireacht atá i gceist.

Tá na catagóirí a leanas d’fhostaíocht teaghlaigh inárachaithe faoin gcóras árachais sóisialta ar díreach an gcaoi chéanna agus fostaíocht nach bhfuil aon ghaol teaghleaigh i gceist leo:

  • Má tá tú fostaithe mar fhostaí ag gaol forordaithe agus mura mbaineann an fhostaíocht le teach cónaithe príobháideach ó le feirm ina/ar a bhfuil tú féin agus d’fhostóir i bhur gcónaí (Baineann ÁSPC Aicme A nó Aicme J)
  • Má tá tú fostaithe mar phrintíseach ag gaol forordaithe (Fiú má bhaineann an fhostaíocht phrintíseachta le teach cónaithe príobháideach ó le feirm ina/ar a bhfuil tú féin agus d’fhostóir i bhur gcónaí) caithfidh go bhfuil conradh cláraithe printíseachta i gceist (Baineann ÁSPC Aicme A nó Aicme J).
  • Má chabhraíonn tú le do chéile nó do pháirtí sibhialta chun gnó teaghlaigh a reáchtáil ach nach fostaí tú (baineann ÁSPC Aicme S)

Is éard is gaol forordaithe ann ná tuismitheoir, seantuismitheoir, leastuismitheoir, mac, iníon, garmhac, gariníon, leasmhac, leasiníon, deartháir, leathdheartháir nó leathdheirfiúr deirfiúr.

Is eisceachtaí iad nach bhfuil clúdaithe ag an gcóras árachais shóisialta na catagóirí fostaíocht teaghlaigh a leanas:

  • Céile nó páirtí sibhialta fostaithe ag céile nó páirtí sibhialta féinfhostaithe
  • Má tá tú fostaithe mar fhostaí ag gaol forordaithe agus go mbaineann an fhostaíocht teaghlaigh le teach cónaithe príobháideach nó feirm ina bhfuil nó ar a bhfuil cónaí ort féin agus ar an bhfostóir.
  • Má chuidíonn tú nó má ghlacann tú páirt i reáchtáil an ghnó teaghlaigh, ach ní mar fhostaí. (Mar shampla, mac/iníon atá ag freastal go lánaimseartha ar oideachas agus a ghlacann páirt sa ghnó tar éis uaireanta scoile - ach nach fostaí iad).

Roimh 2014 ní raibh dliteanas do ÁSPC ag céilithe agus ag páirtithe sibhialta trádálaithe aonair a d’oibrigh sa ghnó (mar fhostaí nó i gcáil eile). Ó 2014 i leith is féidir le céilithe agus le páirtithe sibhialta trádálaithe aonair airithe ÁSPC a íoc agus mar sin teidlíochtaí ar shochair a bhunú astu féin. baineann na hathruithe seo le daoine a oibríonn i gcuideachta a gcéilithe agus a bpáirtithe sibhialta féinfhostaithe agus a dhéanann na tascanna céanna nó tascanna coimhdeachta ach nach páirtnéirí gnó ná fostaithe iad. Baineann an tairseach ioncaim €5,000 leis na céilithe agus leis na páirtithe sibhialta seo ar aon dul le daoine féinfhostaithe eile, mar sin má thuilleann céile nó páirtí sibhialta níos lú ná an tairseach seo ní íocann siad ÁSPC.

Má reáchtálann beirt nó níos mó gnó mar phairtnéireacht agus má roinneann siad brabúis tá gach páirtí inárachaithe mar ranníocóir féinfhostaithe (má thuilleann siad níos mó ná an tairseach €5,000).

Léigh tuilleadh faisnéise a fháil faoi Fhostaíocht Teaghlaigh.

Pointí le tabhairt faoi deara:

Úsáidtear ÁSPC Aicme M chun cásanna a thaifead nach bhfuil dliteanas ar bith i gceist do cheachtar d'árachas sóisialta.

Ag brath ar choinníollacha áirithe, má thagann deireadh le do chlúdach ag ÁSPC éigeantach, d'fhéadfá rogha a dhéanamh a bheith faoi árachas ar bhonn deonach agus ranníocaíochtaí deonacha a íoc.

Íocaíochtaí agus sochair árachaisshóisialaigh

Tá réimse leathan sochar ann atá ar fáil do dhaoine a bhfuil árachas sóisialach íoctha acu. Tá teidlíocht do na sochair seo ag brath ar roinnt coinníollacha seachas an riachtanas maidir le ranníocaíocht árachais shóisialaigh. Bíonn na critéir cháilithe difriúil, ag brath ar an íocaíocht a bhfuil tú ag cur iarratais isteach ina leith. Go ginearálta, déanfar scrúdú ar na rudaí seo a leanas:

  • Cén aicme/aicmí árachais shóisialaigh a d’íoc tú
  • An aois nuair a thosaigh tú a dhéanamh ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (tá sé seo i bhfeidhm i gcás na bPinsean Stáit)
  • Cá mhéad ranníocaíochtaí íoctha agus/nó creidiúnaithe atá déanta agat ó chuaigh tú isteach i bhfostaíocht inárachaithe.
  • Líon na ranníocaíochtaí a íocadh agus/nó a creidiúnaíodh sa bhliain chánach ábhartha roimh an bhliain sochair ina ndéanann tú an t-éileamh. Is í an bhliain chánach ábhartha ná an dara bliain dheireanach iomlán cánach sula ndéanann tú éileamh.
  • Meánmhéid bhliantúil de líon na ranníocaíochtaí i gcás cuid de na pinsin.

Ar na híocaíochtaí árachais shóisialaigh atá ar fáil tá:

Ag coinneáil d’árachas sóisialach

Tá sé tábhachtach go gcoinníonn tú do thaifead árachais shóisialaigh, chomh fada agus is féidir. Má fhágann tú saol na hoibre, tá sé tábhachtach go gcoinníonn tú do thaifead árachais shóisialaigh gníomhach. Le do thaifead árachais shóisialaigh a chosaint agus a choinneáil gníomhach, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí lena sheiceáil an féidir leat Ranníocaíochtaí Creidiúnaithe a fháil. B’fhéidir go mbeifeá in ann, in imthosca áirithe, Ranníocaíochtaí Deonacha a dhéanamh. Chomh maith leis sin, is féidir leat do ranníocaíochtaí Éireannacha agus do rannaíocaíochtaí a d’íoc tú i stáit eile agus tú ag obair thar lear a chur le chéile le bheith incháilithe ar íocaíocht árachais shóisialaigh.

Más oibrí páirtaimseartha thú nó má tá tú i socrú roinnte poist ba cheart duit smaoineamh faoin dóigh ar féidir le do phatrún oibre dul i bhfeidhm ar do thaifead árachais shóisialaigh. Tá sé seo thar a bheith ábhartha má tá tú páirtaimseartha nó má tá tú ag roinnt oibre le seachtain shaor mar chuid de do phatrún oibre cionn is gur féidir leat gan íocaíocht ÁSPC a dhéanamh don tseachtain nach bhfuil tú ag obair. Léigh anseo le níos mó faisnéise a fháil faoi oibrithe páirtaimseartha agus comhroinnte oibre agus ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh.

Is í rannóg na dTaifead ÁSPC sa Roinn Coimirce Sóisialaí a choinníonn agus a dhéanann bainistíocht ar gach taifead de do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh. Tá an Roinn freagrach as na h-íocaíochtaí déanta do do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh.

Féadfaidh tú iarraidh ar chóip de do thaifead ÁSPC ar líne ag MyWelfare.ie . Má bhíonn aon deacracht agat an áis ar líne seo a úsáid, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann seirbhíse chustaiméirí um Thaifid ÁSPC chun cúnamh a fháil (féach ‘Cá háit a ndéanfaidh tú iarratas’).

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Rannóg um Taifead ÁSPC

Roinn Coimirce Sóisialaí

Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire

Teil: (01) 471 5898 or 0818 690 690

An Rannóg Aisíocaíochtaí ÁSPC

Roinn Coimirce Sóisialaí

Teach Gandon
Sráid Amiens
Baile Átha Cliath 1
Éire
D01 A361

Teil: (01) 673 2586
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Feabhra 2021