Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Córas Leasa Shóisialaigh na hÉireann > Árachas Sóisialach (ÁSPC) > An t-árachas sóisialach in Éirinn

Print Page Send to a Friend

An t-árachas sóisialach in Éirinn

Réamhrá

Íocann an chuid is mó de na fostaitheoirí agus fostaithe (os cionn 16 bliana d’aois) ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh isteach i gCiste Árachais Shóisialta náisiúnta na hÉireann. Go ginearálta, tá íocaíocht an árachais shóisialaigh éigeantach.

Tá Ciste Árachais Shóisialaigh na hÉireann déanta suas de chuntas reatha agus de chuntas infheistíochta atá á bhainistiú ag an Aire Coimirce Sóisialaí agus ag an Aire Airgeadais, faoi seach. Is éard atá sa chuntas reatha ná airgead a bailíodh ó dhaoine atá i bhfostaíocht. Baintear úsáid as an airgead ansin le híocaíochtaí árachais shóisialaigh a mhaoiniú. Is cuntas taisce an cuntas infheistíochta atá á bhainistiú ag an Aire Airgeadais. Tá an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste freagrach as a chinntiú go gcoinnítear na cuntais in ord agus go ndéantar tuairiscí chuig Tithe an Oireachtais.

Chomh maith le híoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh, beifear ag dúil go n-íocfaidh tú rud ar a dtugtar an Ranníocaíocht Sláinte, a ghearrtar ar gach ioncam. Ní íoctar an Ranníocaíocht Sláinte isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh. Bailítear an t-airgead seo ó do thuarastal agus íoctar leis an Roinn Sláinte é le seirbhísí sláinte in Éirinn a mhaoiniú.

Obair agus árachas sóisialach

Má tá tú i bhfostaíocht, braitheann méid an árachais shóisialaigh a íocann tú ar do thuilleamh agus ar an gcineál oibre a dhéanann tú. Tugtar ÁSPC (Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa) ar do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh in Éirinn. In amanna, cloisfidh tú daoine ag baint úsáide as an bhfocal stampaí agus iad ag trácht ar a rannaíocaíochtaí ÁSPC. Tagann an téarmaí seo ó roimh 1979 nuair a stampáladh fostaitheoirí cárta go fisiceach gach seachtain den fhostaíocht. Tugadh an cárta sin chuig oifig leasa shóisialaigh áitiúil d’fhonn íocaíochtaí leasa shóisialaigh a éileamh.

Más fostaí thú, asbhaineann d’fhostaitheoir do ranníocaíochtaí árachais shóisialta agus bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim iad. De réir an dlí, tá d’fhostaitheoir freagrach as ÁSPC, cé go mb’fhéidir go mbeadh ort ‘sciar fostaí’ a íoc. Léigh níos mó faoi dhualgas d’fhostaitheora árachas sóisialach a íoc anseo.

Má tá tú féinfhostaithe, íocann tú ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh Aicme S go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ansin íocann na Coimisinéirí Ioncaim an t-airgead isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh. Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim taifead de na ranníocaíochtaí atá íoctha agat chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Rátaí árachais shóisialaigh

Do dhaoine i bhfostaíocht in Éirinn, roinntear ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh i gcatagóirí difriúla, ar a dtugtar aicmí nó rátaí ranníocaíochta. Cinntear an cineál aicme agus ráta ranníocaíochta a íocann tú de réir nádúr do chuid oibre. Mar shampla, beidh duine atá fostaithe in ollmhargadh a thuilleann níos lú ná €38 sa tseachtain árachaithe faoi Aicme J. Má thuilleann siad níos mó ná €38 sa tseachtain beidh siad árachaithe faoi Aicme A. I bhfírinne, íocann an chuid is mó de na fostaithe in Éirinn ÁSPC Aicme A. Leis an aicme seo de ranníocaíochtaí b’fhéidir go mbeifeá i dteideal réimse iomlán íocaíochtaí árachais shóisialaigh atá ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí, má chomhlíonann tú na critéir cháilithe.

Is iad na haicmí eile árachais ná aicmí C, D, B, E, H, J, S, K, M, agus P. Má tá tú árachaithe faoi cheann de na haicmí seo, tá tú ag íoc árachais ag ráta níos ísle ná ranníocóirí aicme A, agus ciallaíonn sé seo nach bhfuil tú i dteideal an réimse iomlán íocaíochtaí árachais shóisialaigh. Tá sé seo de bharr go bhfuil tú ag íoc níos lú árachais shóisialaigh ná ranníocóir aicme A agus P.

Beidh méid an ÁSPC a íocann tú ag brath ar do thuillimh agus an aicme a bhfuil tú árachaithe faoi. Léigh níos mó faisnéise anseo faoi na haicmí éagsúla Árachais Shóisialaigh agus cá mhéad árachais shóisialaigh a íocfaidh tú.

Ag coinneáil d’árachas sóisialach

Tá sé tábhachtach go gcoinníonn tú do thaifead árachais shóisialaigh, chomh fada agus is féidir. Má fhágann tú saol na hoibre, tá sé tábhachtach go gcoinníonn tú do thaifead árachais shóisialaigh gníomhach. Le do thaifead árachais shóisialaigh a chosaint agus a choinneáil gníomhach, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí lena sheiceáil an féidir leat Ranníocaíochtaí Creidiúnaithe a fháil. B’fhéidir go mbeifeá in ann, in imthosca áirithe, Ranníocaíochtaí Deonacha a dhéanamh. Chomh maith leis sin, is féidir leat do ranníocaíochtaí Éireannacha agus do rannaíocaíochtaí a d’íoc tú i stáit eile agus tú ag obair thar lear a chur le chéile le bheith incháilithe ar íocaíocht árachais shóisialaigh.

Más oibrí páirtaimseartha thú nó má tá tú i socrú roinnte poist ba cheart duit smaoineamh faoin dóigh ar féidir le do phatrún oibre dul i bhfeidhm ar do thaifead árachais shóisialaigh. Tá sé seo thar a bheith ábhartha má tá tú páirtaimseartha nó má tá tú ag roinnt oibre le seachtain shaor mar chuid de do phatrún oibre cionn is gur féidir leat gan íocaíocht ÁSPC a dhéanamh don tseachtain nach bhfuil tú ag obair. Léigh anseo le níos mó faisnéise a fháil faoi oibrithe páirtaimseartha agus comhroinnte oibre agus ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh.

Is í rannóg na dTaifead ÁSPC sa Roinn Coimirce Sóisialaí a choinníonn agus a dhéanann bainistíocht ar gach taifead de do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh. Tá an Roinn freagrach as na h-íocaíochtaí déanta do do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh.

D’fhonn do thaifead árachais shóisialaigh a sheiceáil, beidh do Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPSN) de dhíth ort. Is uimhir shainiúil aitheantais í seo atá de dhíth ort le linn duit a bheith ag déileáil le gníomhaireachtaí stáit.

Íocaíochtaí agus sochair árachais shóisialaigh

Tá réimse leathan sochar ann atá ar fáil do dhaoine a bhfuil árachas sóisialach íoctha acu. Tá teidlíocht do na sochair seo ag brath ar roinnt coinníollacha seachas an riachtanas maidir le ranníocaíocht árachais shóisialaigh. Bíonn na critéir cháilithe difriúil, ag brath ar an íocaíocht a bhfuil tú ag cur iarratais isteach ina leith. Go ginearálta, déanfar scrúdú ar na rudaí seo a leanas:

  • Cén aicme/aicmí árachais shóisialaigh a d’íoc tú
  • An aois nuair a thosaigh tú a dhéanamh ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (tá sé seo i bhfeidhm i gcás na bPinsean Stáit)
  • Cá mhéad ranníocaíochtaí íoctha agus/nó creidiúnaithe atá déanta agat ó chuaigh tú isteach i bhfostaíocht inárachaithe.
  • Líon na ranníocaíochtaí a íocadh agus/nó a creidiúnaíodh sa bhliain chánach ábhartha roimh an bhliain sochair ina ndéanann tú an t-éileamh. Is í an bhliain chánach ábhartha ná an dara bliain dheireanach iomlán cánach sula ndéanann tú éileamh.
  • Meánmhéid bhliantúil de líon na ranníocaíochtaí i gcás cuid de na pinsin.

Ar na híocaíochtaí árachais shóisialaigh atá ar fáil tá:

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Rannóg Aisíocaíochtaí ÁSPC

Roinn Coimirce Sóisialaí
Teach Oisín
Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:(01) 673 2586

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 June 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Aicmí árachais shóisialta
    Cinntíonn d'aicme ÁSPC na sochair leasa shóisialta a gheobhaidh tú. Cabhraíonn an doiciméad seo d'aicme árachais shóisialach agus an méid seachtainiúil iníoctha a fháil amach.
  • Dualgas an fhostóra árachas sóisialta (ÁSPC) a íoc
    Nuair íocann tú ÁSPC tá teidlíocht agat íocaíochtaí leasa shóisialaigh a fháil. Tá freagracht dhlíthiúil ar d'fhostóir as ÁSPC. Déanann an doiciméad cur síos ar dhualgas d'fhostóir ÁSPC a íoc.
  • Ranníocaíochtaí deonacha árachais shóisialaigh
    Is féidir le ranníocaíochtaí deonacha árachais shóisialta cuidiú leat cáiliú i gcomhair íocaíochtaí árachais shóisialaigh sa todhchaí. Faigh amach tuilleadh faoi ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.