Íocann daoine atá i bhfostaíocht in Éirinn ranníocaíochtaí go dtí Ciste Árachais Shóisialaigh na hÉireann. Braitheann an ranníocaíocht a íocann tú ar do chuid tuillimh agus gairm bheatha agus mar sin glaoitear Árachas Sóisialta Pá Choibhneasa (ÁSPC) ar an ranníocaíocht. Tá 11 Aicmí difriúla ÁSPC , is iad sin A, B, C, D, E, H, J, K, M, S agus P. Braithfidh na híocaíochtaí árachais shóisialta le go bhféadfá a bheith i dteideal ar an Aicme ÁSPC ina bhfuil tú. Féach liosta d'aicmí árachais shóisialta Éireannacha anseo
Tá réimse leathan d'íocaíochtaí ar fáil do dhaoine atá tar éis árachas sóisialta a íoc. Murar ranníocóir in Aicme A tú, ciallaíonn sé seo nach bhfuil tú i dteideal réimse iomlán d'íocaíochtaí árachais shóisialta. Is amhlaidh atá toisc go bhfuil tú ag íoc níos lú i dtreo árachas sóisialta ná ranníocóir in Aicme A. I gcásanna áirithe, má thiteann d'ioncam taobh thíos de mhéid áirithe ní chaithfidh tú ranníocaíocht árachais shóisialta a íoc, cibé ar bith, beidh tú fós clúdaithe ag árachas sóisialta toisc go gcaithfidh d'fhostóir árachas sóisialta a íoc duit. Léigh níos mó faoi dhualgas an fhostóra agat féin árachas sóisialta a íoc
Tá gach Aicme ÁSPC dá réir roinnte ina chatagóirí difriúla. Ní théann na catagóirí seo i bhfeidhm ar do theidlíochtaí faoin gcóras árachais shóisialta. Ní bhaineann siad ach amháin leis an ÁSPC méid a chaithfidh d'fhostóir a íoc.
Tuillimh ináirithe is ea d'ollphá lúide aon íocaíocht déanta do scéim phinsin agus scéim árachais sláinte.
B'fhéidir nach mbeadh do sheachtain oibre mar an gcéanna leis an tseachtain ranníocaíochta ÁSPC. Tosaíonn an tseachtain ranníocaíochta ÁSPC ar 1 Eanáir gach bliain. Seachtain a haon is ea an tréimhse ó 1 Eanáir go dtí 7 Eanáir, seachtain a dó is ea ón 8 Eanáir go dtí 14 Eanáir agus ar aghaidh mar sin. Don bhliain 2009, tosaíonn an tseachtain ranníocaíochta ar an Déardaoin agus críochnaíonn sí ar an gCéadaoin. Don bhliain 2012, tosaíonn an tseachtain ranníocaíochta ar an Domhnach agus críochnaíonn sí ar an Satharn . Is féidir leis an tseachtain ranníocaíochta dul i bhfeidhm ar chlúdach árachais shóisialta na n-oibrithe páirtaimseartha agus daoine atá ag roinnt poist.
Bhaineann sé le daoine i bhfostaíocht thionsclaíoch, thráchtála nó seirbhíse atá fostaithe faoi chonradh seirbhíse le pá ináirithe de €38 nó níos mó ó fhostaíocht in aghaidh na seachtaine. Cuimsíonn siad seo státseirbhísigh agus seirbhísigh phoiblí a earcaíodh ó 6 Aibreán 1995. Íocann an chuid is mó d'fhostaithe in Éirinn ÁSPC Aicme A.
Ní bhaineann Aicme A le daoine atá i bhfostaíocht inárachais agus os cionn 66 bliana d'aois. Tá siad seo inárachais faoi Aicme J.
Is féidir leat sonraí faoi aicmí árachais shóisialta a fháil agus na gairmeacha atá clúdaithe ag gach aicme i 'Tuilleadh eolais' thíos.
Braithfidh an méid ÁSPC a íocann tú ar do thuillimh agus an aicme ina
bhfuil tú faoi árachas. Seo sampla:
D'fhostaithe atá faoi árachas in Aicme A, tá an méid a íocann tú mar a
leanas:
Má thuilleann tú níos lú ná ollioncam €352 in aghaidh na seachtaine (roimh cháin a bheith asbhainte), ní íocfaidh tú aon árachas sóisialta. Ní chiallaíonn sé seo nach bhfuil ranníocaíocht á fháil agat. Tá tú fós clúdaithe ag árachas sóisialta Aicme A toisc go bhfuil d'fhostóir ag íoc árachais shóisialta ar do shon. Íocfaidh d’fhostóir 4.25% ar thuilleamh suas go dtí €356. (Ba é an ráta 8.5% suas go 1 Iúil 2011 agus cuirfear é ar ais go 8.5% i 2014.)
Má thuilleann tú idir €352 agus €356 in aghaidh na seachtaine déantar neamhaird ar an gcéad €127 a thuileann tú agus íocfaidh tú 4% ar aon rud os cionn an mhéid sin. Íocfaidh d’fhostóir 4.25% ar thuilleamh suas go dtí €356. (Ba é an ráta 8.5% suas go 1 Iúil 2011 agus cuirfear é ar ais go 8.5% i 2014.)
Má thuilleann tú breis agus €356 in aghaidh na seachtaine déantar neamhaird ar an gcéad €127 a thuilleann tú agus íocfaidh tú 4% ar gach rud os a chionn sin in aghaidh na bliana. Íocfaidh d’fhostóir 4.25% ar thuilleamh suas go dtí €356. (Ba é an ráta 8.5% suas go 1 Iúil 2011 agus cuirfear é ar ais go 8.5% i 2014.)
Beidh athrú ar an méid ÁSPC a íocann daoine atá faoi árachas in aicmí eile.
Í 2011cuireadh an teorainn ÁSPC €75,036 ar ceal agus gabhfaidh Muirear Uilíoch Sóisialach (pdf) ionad an tobhach sláinte.
Má asbhaintear an ráta mícheart ÁSPC ó do chuid pá, tá tú i dteideal aisíocaíochta. Tá roinnt cúiseanna go bhféadfá a bheith ag íoc an ráta mícheart ÁSPC. Mar shampla, b'fhéidir nach bhfuil d'fhostóir ar an airdeall go bhfuil cárta leighis agat agus nár chóir dó/di a bheith ag íoc Ranníocaíochta Sláinte.
Chun aisíocaíocht a fháil, ba chóir duit féin nó d'fhostóir teagmháil a dhéanamh le Rannóg na dTaifead sa Roinn Coimirce Sóisialaí - Féach ‘Cá hait le iarratas a dhéanamh’ thíos. Seolfar foirm iarratais aisíocaíochta chugat le líonadh amach. Má tá an iomarca ÁSPC íoctha agat gheobhaidh tú aisíocaíocht agus ceartóidh an Roinn do thaifead árachais shóisialta.
Más fostaí tú, bainfidh d'fhostóir do ranníocaíocht árachais shóisialta roimh duit do chuid pá a fháil. Cuireann d'fhostóir do ranníocaíocht agus ranníocaíocht ÁSPC an fhostóra faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim. Íocfaidh d'fhostóir árachas sóisialta ar do shon chomh maith. Léigh anseo chun breis eolais a fháil faoi dhualgas an fhostóra agat féin ÁSPC a íoc
Má tá tú féinfhostaithe, íocann tú árachas sóisialta in Aicme S. Sa chás seo, íocann tú do chuid ranníocaíochtaí árachais shóisialta go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Íocann na Coimisinéirí Ioncaim an t-airgead isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh. Tá taifead ar na ranníocaíochtaí atá déanta agat ansin seolta ar aghaidh chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Má tá fadhb ag déanamh cinnidh maidir le cén aicme d'árachas
sóisialta gur chóir duit a íoc déan teagmháil leis:
Roinn Coimirce Sóisialaí
Teach Oisín
212-213 Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 673 2585
Tá eolas maidir le do thaifead árachais shóisialta in Éirinn ar fáil
ó:
Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/
Má tá an iomarca ranníocaíochtaí ÁSPC déanta, is féidir leat
iarratas a dhéanamh ar:
Roinn Coimirce Sóisialaí
Teach Oisín
Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 673 2586
Tá 11 Aicme Árachais Shóisialta difriúla in Éirinn. Seo a leanas iad:
Baineann Aicme A le daoine sna hearnálacha tionsclaíochta, tráchtála agus seirbhíse ata fostaithe faoi chonradh seirbhíse le pá inríofa de €38 nó níos mó in aghaidh na seachtaine ag baint leis an bhfostaíocht. Áirítear leo sin státseirbhísigh agus fostaithe sa tseirbhís phoiblí freisin a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995. Íocann tromlach na bhfostaithe in Éirinn ÁSPC Aicme A.
Baineann Aicme J le daoine atá ag tuilleamh níos lú ná €38 in aghaidh na seachtaine. Mar sin féin, bíonn daoine os cionn 66 bliana d’aois nó daoine i bhfofhostaíocht i gcónaí inárachais ag Aicme J, is cuma cé mhéid a thuilleann siad. Fofhostaíocht in Aicme J is ea daoine, mar shampla, atá inárachais in Aicme B, C, D nó H ina bpríomhfhostaíocht. Clúdaíonn Aicme árachais shóisialta J Sochar Díobhálacha Ceirde amháin.
Baineann Aicme E le ministrí creidimh atá fostaithe ag Comhlacht Ionadaíoch Eaglais na hÉireann. Clúdaíonn an Aicme na híocaíochtaí árachais shóisialta uile seachas Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta agus Sochar Díobhálacha Ceirde.
Baineann Aicme B le státseirbhísigh agus Gardaí a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995, agus dochtúirí agus fiaclóirí cláraithe atá fostaithe sa Státseirbhís. Ní chlúdaíonn an aicme ach líon teoranta d’íocaíochtaí árachais shóisialta.
Baineann Aicme C le hOifigigh Choimisiúnaithe an Airm agus baill de sheirbhís Altranais an Airm a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995. Ní chlúdaíonn an aicme ach líon teoranta de shochair árachais shóisialta.
Baineann Aicme D le fostaithe buana agus inphinsin sa tseirbhís phoiblí seachas iad sin atá luaite in Aicmí B agus C a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995. Ní chlúdaíonn an aicme ach líon teoranta d’íocaíochtaí árachais shóisialta.
Baineann Aicme H le ONC agus pearsanra liostáilte Óglaigh na hÉireann. Clúdaíonn an aicme na híocaíochtaí árachais shóisialta uile seachas Sochar Díobhálacha Ceirde.
Baineann Aicme K le daoine ar ioncam nach raibh faoi réir ranníocaíochtaí árachais shóísialta ach ar a ndlitear an Ranníocaíocht Sláinte (cosúil le sealbhóirí na bpinsean gairme, sealbhóirí oifige áirithe (breithimh agus aturnaetha Stáit) agus daoine os cionn 66 bliana d’aois a bhí ar Aicme S roimhe sin). Maidir le 2012, íocfaidh sealbhóirí oifige poiblí ÁSPC ag ráta 4% ar an ioncam uile, más rud é go bhfuil a n-ioncam os cionn €5,200 sa bhliain. Sealbhóirí oifige poiblí a mbeadh €100 nó ní ba lú d'ioncam seachtainiúil acu, ba chóir iad a thuairisciú ar Aicme M. Ní bhaineann aon íocaíochtaí árachais shóisialta le daoine atá faoi árachas in Aicme K.
Baineann Aicme M le fostaithe gan dliteanas ar bith chun ranníocaíocht a dhéanamh le hárachas sóisialta cosúil le fostaithe atá faoi bhun 16 bliana d’aois agus daoine le hioncam €500 nó níos lú agus atá faoi árachas in Aicme K.
Clúdaíonn Aicme M ranníocóirí áirithe le Sochar Díobhálacha Ceirde.
Baineann Aicme S le daoine féinfhostaithe lena n-áirítear stiúrthóirí cuideachtaí áirithe, daoine atá i mbun gnó go neamhspleách agus daoine a bhfuil ioncam acu ó infheistíochtaí agus cíosanna. Ní chlúdaíonn an aicme ach líon teoranta d’íocaíochtaí árachais shóisialta.
Baineann Aicme P le scair-iascairí a rangaítear mar dhaoine féinfhostaithe agus a íocann ÁSPC faoi Aicme S cheana féin. Clúdaíonn an aicme íocaíochtaí árachais shóisialta nach bhfuil clúdaithe ag Aicme S. Is iad na híocaíochtaí a leanas atá i gceist: Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta teoranta, Sochar Breoiteachta teoranta agus Sochar Cóireála.
Má bhíonn fadhb ann ag déanamh amach cén aicme árachais shóisialta lena déanfar íocaíocht, féadfaidh Rannóg Scóip na Roinn Coimirce Sóisialaí cinneadh a dhéanamh ar an gceist tar éis do chás fostaíochta a scrúdú.
Má bhíonn fadhb agat ag déanamh amach cén aicme árachais shóisialta lena mbaineann tú, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an rannóg seo a leanas:
Roinn Coimirce Sóisialaí
Teach Oisín
212-213 Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 673 2585
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.