Fostaíocht pháirtaimseartha agus árachas sóisialach

Réamhrá

Tá dliteanas ar fhostaithe páirtaimseartha os cionn 16 bliana d'aois a shaothraíonn os cionn €38 i gach seachtain ÁSPC ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a dhéanamh. Cinneann nádúr na fostaíochta agus an méid comhlán a thuilleann an fostaí an méid árachais shóisialaigh atá le híoc, mar sin, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa a thugtar air.

Mar fhostaí páirtaimseartha, tá seans ann nach bhfuil an t-uasmhéid ranníocaíochtaí ÁSPC á déanamh agat gach bliain. Tosaíonn an bhliain chánach ar 1 Eanáir gach bliain agus mar sin tosaíonn an tseachtain ranníocaíochta (ÁSPC) ar an lá céanna, 1 Eanáir. Mar sin, féadann an tseachtain oibre ÁSPC a bheith éagsúil ón seachtain ranníocaíochta. Má tá tú i bhfostaíocht pháirtaimseartha, tá sé tábhachtach go dtabharfá suntas de seo mar d'fhéadfadh sé tionchar a imirt ar do theidlíochtaí leasa shóisialaigh laistigh den chóras árachais shóisialaigh.

Rialacha

Go ginearálta, íocann tú ranníocaíocht ÁSPC bunaithe ar gach seachtain ranníocaíochta ÁSPC ina n-oibríonn tú. Is gá go bhfuil tú ag obair ar a laghad lá amháin i ngach seachtain ranníocaíochta ÁSPC chun ranníocaíocht a íoc.

Má tá pátrún de sheachtain ag obair, seachtain gan obair agat, seans go gcaillfidh tú líon ranníocaíochtaí más í an tseachtain nach bhfuil tú ag obair an tseachtain chéanna ranníocaíochta ÁSPC. Is féidir seo tarlú má oibríonn tú cúig lá gach re seachtain (cuir i gcás Luan go hAoine) nó má oibríonn tú seachtain scoilte, cuir i gcás Céadaoin go hAoine seachtaine amháin, agus ina dhiaidh Luan agus Máirt. Braitheann sé uile ar lá tosaithe den tseachtain ranníocaíochta ÁSPC, atá bunaithe ar an lá a thiteann an chéad lá do mhí Eanáir amach gach bliain.

Sampla: Ritheann an tseachtain ÁSPC ranníocaíochta ón Luan

I mbliain nuair a thiteann an chéad lá d'Eanáir amach ar Luan, is ansin a thosaíonn gach seachtain ranníocaíochta ÁSPC sa bhliain sin ón Luan go dtí an Domhnach ina dhiaidh. Más é do phátrún oibre, seachtain ag obair/seachtain gan a bheith ag obair, cailleann tú amach ag íoc ÁSPC gach dara seachtain ranníocaíochta ÁSPC, mar nach bhfuil tú ag obair ar chor ar bith sna seachtainí sein. Sa chás seo, ní íocfá ach díreach 26 ranníocaíochtaí sa bhliain.

Mar an gcéanna, más é do phátrún Luan go hAoine, le seachtain amháin gan a bheith ag obair, d'íocfá 39 ranníocaíochtaí sa bhliain.

Mar sin féin, má oibríonn tú Céadaoin go hAoine in aon tseachtain amháin, agus an Luan agus an Mháirt ina dhiaidh, íocfaidh tú na 52 ranníocaíochtaí sa bhliain, mar bheifeá ag obair gach seachtain ranníocaíochta ÁSPC gach Luan-Domhnach.

An cás i 2022

I 2022, thit 1 Eanáir Dé Sathairn rud a chiallaíonn go ritheann gach seachtain ranníocaíochta PRSI ón Satharn go dtí an Aoine. Má éilíonn do shocrú oibre páirtaimseartha go n-oibríonn tú cuid de gach seachtain idir na laethanta Luan go hAoine, gheobhaidh tú do 52 ranníocaíocht PRSI iomlán do 2022.

2022: Ritheann seachtain ranníocaíochta PRSI ón Satharn

Pátrún oibre 2022

Ranníocaíochtaí uasta iomlána ÁSPC

don bhliain 2022

Lánaimseartha 52
4 lá gach seachtain 52
3 seachtaine ag oibriú/1 sheachtain saor on obair

(ó Luan go hAoine)

39
Lá oibre 9am - 3pm (ó Luan go hAoine) 52
3 lá (na laethanta céanna gach seachtain) 52
2 lá (na laethanta céanna gach seachtain) 52
1 lá (an lá céanna gach seachtain) 52
Maidineacha amháin 52
Tráthnóntaí amháin 52
Seachtain ag obair/ Seachtain gan obair (Luan go hAoine) 26

Staid sna blianta roimhe seo nuair a thit 1 Eanáir ar laethanta éagsúla

I 2021, thit 1 Eanáir Dé hAoine a chiallaigh gur rith gach seachtain ranníocaíochta PRSI ó Dé hAoine go Déardaoin. Má éilíonn do shocrú oibre páirtaimseartha go n-oibríonn tú cuid de gach seachtain idir na laethanta Luan go Satharn, beidh do 52 ranníocaíocht PRSI iomlán faighte agat do 2021.

In 2020, thit 1 Eanáir Dé Céadaoin rud a chiallaíonn go ritheann gach seachtain ranníocaíochta PRSI ón gCéadaoin go dtí an Máirt. Má éilíonn do shocrú oibre páirtaimseartha go n-oibríonn tú cuid de gach seachtain idir na laethanta Luan go Satharn, gheobhaidh tú do 52 ranníocaíocht PRSI iomlán do 2020.

In 2019, thit 1 Eanáir Dé Máirt. Ciallaíonn sé seo go ritheann gach seachtain ranníocaíochta PRSI ó Mháirt go Luan. Má éilíonn do shocrú oibre páirtaimseartha go n-oibríonn tú cuid de gach seachtain idir Dé Máirt agus Dé Luain, beidh do 52 ranníocaíocht PRSI iomlán agat do 2019.

In 2018, thit 1 Eanáir Dé Luain a chiallaigh gur rith gach seachtain ranníocaíochta PRSI ó Luan go Domhnach. Má éilíonn do shocrú oibre páirtaimseartha go n-oibríonn tú cuid de gach seachtain idir na laethanta Luan go Domhnach, beidh do 52 ranníocaíocht PRSI iomlán faighte agat do 2018.

2021

Pátrún oibre 2021

Ranníocaíochtaí uasta iomlána ÁSPC

don bhliain 2021

Lánaimseartha 52
4 lá gach seachtain 52
3 seachtaine ag oibriú/1 sheachtain saor on obair

(ó Luan go hAoine)

52
Lá oibre 9am - 3pm (ó Luan go hAoine) 52
3 lá (na laethanta céanna gach seachtain) 52
2 lá (na laethanta céanna gach seachtain) 52
1 lá (an lá céanna gach seachtain) 52
Maidineacha amháin 52
Tráthnóntaí amháin 52
Seachtain ag obair/ Seachtain gan obair (Luan go hAoine) 52

2020

Pátrún oibre 2020 Ranníocaíochtaí uasta iomlána ÁSPC

don bhliain 2020

Lánaimseartha 52
4 lá in aghaidh na seachtaine 52
3 seachtaine ag oibriú/1 sheachtain saor on obair

(ó Luan go hAoine)

52
Lá oibre 9am - 3pm (ó Luan go hAoine) 52
3 lá (na laethanta céanna gach seachtain) 52
2 lá (na laethanta céanna gach seachtain 52
1 lá amháin (an lá céanna gach seachtain) 52
Maidineacha amháin 52
Tráthnónta amháin 52
Seachtain oibre ag oibriú/saor ón obair

(ó Luan go hAoine)

52

2019

Pátrún oibre 2019

Ranníocaíochtaí uasta iomlánaÁSPC

don bhliain 2019

Lánaimseartha 52
4 lá gach seachtain 52
3 seachtaine ag oibriú/1 sheachtain saor on obair

(ó Luan go hAoine)

52
Lá oibre 9am - 3pm (ó Luan go hAoine) 52
3 lá (na laethanta céanna gach seachtain) 52
2 lá (laethanta céanna gach seachtain) 52
1 lá (an lá céanna gach seachtain) 52
Maidineacha amháin 52
Tráthnóntaí amháin 52
Seachtain oibre ag oibriú/saor ón obair (ó Luan go hAoine) 52

2018

Pátrún oibre 2018 Ranníocaíochtaí uasta iomlána ÁSPC

don bhliain 2018

Lánaimseartha 52
4 lá gach seachtain 52
3 seachtaine ag oibriú/1 sheachtain saor on obair

(ó Luan go hAoine)

39
Lá oibre 9am - 3pm (ó Luan go hAoine) 52
3 lá (na laethanta céanna gach seachtain) 52
2 lá (na laethanta céanna gach seachtain) 52
1 lá (an lá céanna gach seachtain) 52
Maidineacha amháin 52
Tráthnóntaí amháin 52
Seachtain oibre ag oibriú/saor ón obair (ó Luan go hAoine) 26

Rataí

Nuair atáthar ag ríomh an ráta ÁSPC go gcaithfidh tú agus d'fhostóir a íoc déantar do thuillimh iomlán a roinnt faoi líon na seachtainí ranníocaíochta nuair a bhí tú ag obair. Faigh tuilleadh eolais anseo mar gheall ar do dhliteanas le hÁSPC a íoc.

Má thuilleann tú idir €38 agus €352 ní gá duit ÁSPC a íoc. Ach sa chás seo, is é an fostóir a íocann an tÁSPC. Faigh tuilleadh eolais anseo faoin dualgas atá ar an bhfostóir árachas sóisialach a íoc.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Eanáir 2022