Is scéim í an Scéim um Chúramaí Baile a dhéanann éascaíocht do dhéantóir baile cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach). Is é an sainmhiniú atá ar dhéantóir baile ná duine (fireann nó baineann) a thugann suas a c(h)uid oibre chun aire a thabhairt do leanbh faoi aois 12 bliain nó leanbh/duine fásta éagumasach aois 12 bliain nó ós a chionn tar éis an 6 Aibreán 1994.
Faoi láthair nuair a bhaineann tú aois an phinsin amach déantar neamhaird ar aon bhliain a chaith tú sa bhaile agus do mheánranníocaíochtaí in aghaidh na bliana á oibriú amach do Phinsean Stáit (Ranníocaíocht).Tá córas bunaithe ar chreidmheasa faoi bhreithniú ach níl aon dáta feidhmiúcháin fós. Bronnfaidh an córas nua creidmheasanna d’am caite ag tabhairt faoi chúramaí baile in áit neamhairde.
Chun a bheith incháilithe don Scéim um Chúramaí Baile, caithfidh:
Roimh an 14 Márta 2005, ní mór go raibh cónaí ort freisin leis an duine atá faoi do chúram. Ón 14 Márta 2005, mura bhfuil cónaí ort leis an duine sin:
Caithfidh an duine a bhfuil an cúram dhá fháil aige/aici a bheith chomh míchumasach nó éagumasach agus go dteastaíonn:
Nó
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mbreathnaítear ar níos mó ná duine amháin mar Chúramaí baile ag am ar bith. Má stopadh tú ag obair mar Chúramaí Baile agus má ghlacann do chéile/páirtnéir sibhialta dualgais na gcúraimí baile orthu féin, ba chóir duit fógra a thabhairt don Roinn láithreach chun cinntiú nach gcailltear teidlíochtaí ar bith faoin scéim do Chúramaí Baile.
Is bliain í an bhliain cúramaíochta baile ina bhfuil tú amuigh as an bhfórsa-oibre ar feadh na bliana ranníocaíochta iomláin.
Is féidir neamhaird a dhéanamh ar 20 bliain ar a mhéid caite mar chúramaí baile maidir le Pinsean Stáit (Ranníocach).
Tugtar creidmheasanna cúramaíochta baile suas go deireadh na bliana
ranníocaíochta inár thosaigh duine a bheith ina chúramaí baile. Má
éiríonn duine as a bheith ina c(h)úramaí baile le linn na bliana
ranníocaíochta, déantar creidmheasanna cúramaíochta baile a thabhairt suas
go dtí an dáta sin.
Ba chóir duit clárú roimh dheireadh na bliana ranníocaíochta tar éis na bliana inár thosaigh tú a bheith i do chúramaí baile, m.sh., má thosaigh tú mar chúramaí baile sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2012 agus an 31 Nollaig 2012, ba chóir duit clárú roimh an 31 Nollaig 2013.
In éineacht le do fhoirm chlárúcháin HM1 (pdf) caithfidh tú iad seo a chur ar fáil:
Tá teastais le haghaidh cúiseanna clárúcháin le fáil ón gCláraitheoir Breitheanna, Básanna agus Póstaí ar €1. Muna bhfuil tú ábalta an teastas/na teastais a fháil láithreach, ba chóir duit d'éileamh a chuir isteach le nóta ag rá go mbeidh an teastas/na teastais dá gcur isteach chomh luath agus is féidir.
Ná gá duit clárú má tá:
Níl gá duit clárú mar caithfear le d'éileamh ar Shochar Linbh, ar
Liúntas Cúramóra, ar Shochar Cúramóra nó ar Dheontas Cúraim Faoisimh mar
iarratas ar d'ainm a chlárú mar Chúramaí Baile. Déanfar an fhaisnéis seo
a chur síos ar do thaifeadh árachais go huathoibríoch.
Department of Social Protection
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.