Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Córas Leasa Shóisialaigh na hÉireann > Árachas Sóisialach (ÁSPC) > Dualgas an fhostóra árachas sóisialta (ÁSPC) a íoc

Print Page Send to a Friend

Dualgas an fhostóra árachas sóisialta (ÁSPC) a íoc

Réamhrá

Íocann an chuid is mó de dhaoine fostaithe d'aois ranníocaíocht i dtreo árachais sóisialta. os cionn 16 bliana. Tá an méid a íocann tú bunaithe ar do chuid tuillimh agus ar an gcineál oibre a dhéanann tú. Ar an gcúis seo glaoitear ‘Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa’ air (ÁSPC).

I bhfírinne, déanann an dlí d'fhostóir freagrach as ÁSPC, cé go mb'fhéidir go mbeidh ort 'scar an fhostaí' a íoc. Tá an méid ÁSPC a íocann tú féin agus d'fhostóir ag brath ar d'Aicme Árachais Shóisialta. Tá d'Aicme Árachais Shóisialta ina theannta sin ag brath ar do chuid tuillimh agus ar an gcineál oibre a dhéanann tú. Léigh anseo chun breis faisnéise a fháil ar Árachas Sóisialta agus na hAicmí Árachais Shóisialta difriúla.

Baineann d'fhostóir do ranníocaíocht ÁSPC go díreach ó do chuid pá. Déanann na Coimisinéirí Ioncaim ansin é a bhailiú agus coinníonn d'fhostóir agus an Roinn Coimirce Sóisialaí araon taifead ar do chuid ranníocaíochtaí. San Acht um Íoc Pá 1991, caithfear duillín pá a thabhairt duit nuair a íoctar tú. Go minic, nótáiltear asbhaint an ÁSPC ar do dhuillín pá.

Íocann d'fhostóir ranníocaíochtaí ÁSPC duit chomh maith. Ní bhaintear an t-airgead (ranníocaíocht) seo ó do chuid pá. Is é sin ranníocaíocht d'fhostóra féin go dtí an Ciste Árachais Sóisialta náisiúnta. Arís, déanann na Coimisinéirí Ioncaim é seo a bhailiú agus tá taifead den ranníocaíocht coinnithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Foilsíonn an Roinn faisnéis chun cuidiú le fostóirí - Treoir an Fhostóra ar an gcórás ranníocaíochta Árachais Sóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC)

Fostaithe a chuirtear thar lear

I gcásanna áirithe, déantar ranníocaíochtaí ÁSPC ó fhostaithe atá inárachais faoi reachtaíocht slándála shóisialach na hÉireann ach nach dtagann laistigh den gcóras ÍMAT a bhailiú trí Chóras Bailiúcháin Speisialta atá á fheidhmiú ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Ceadaíonn Rialúcháin an AE agus Comhaontuithe Déthaobhacha Slándála Shóisialach d'oibrithe a chuirtear in áit, agus atá seolta ag an bhfostóir ó Éirinn ar ghearr-théarmaí oibre go dtí tír eile, fanacht faoi ÁSPC na hÉireann seachas aistriú go córas slándála sóisialaí na tíre eile. Mar shampla, má tá tú fostaithe in Éirinn agus go gcuireann d'fhostóir tú ag obair go gearrthéarmach thar lear i stát AE eile, fanfaidh tú faoi chóras ÁSPC na hÉireann agus leanfaidh tú ag íoc ÁSPC ar feadh 24 mhí (12 mhí roimhe sin) Ní mór do do fhostóir dearbhú A1 (E101 roimhe sin) a chomhlánú (ar fáil ó Bhailiúchán Speisialta ÁSPC) le scrúdú ag na húdaráis slándála shóisialach sa bhall stát ina chuirtear chun oibre tú. Léigh anseo chun breis faisnéise a fháil amach faoin gCóras Bailiúcháin Speisialta SW63.

Má chuireann fostóir tú ag obair go gearrthéarmach i dtír nach bhfuil clúdaithe faoi Rialúcháin an AE nó go dtí tír nach bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí aici le hÉirinn, fanann tú faoi dhliteanas ranníocaíochtaí ÁSPC na hÉireann a íoc suas chomh fada le 12 mhí. Má mhaireann an tréimhse fostaíochta níos faide ná 12 mhí, d'fhéadfaí fanacht faoi dhliteanas ag ÁSPC na hÉireann ar feadh tréimhse níos faide ná 12 mhí. Is féidir le fostaithe atá ag obair thar lear agus nach dtagann faoin gcóras ÁSPC na hÉireann roghnú Ranníocaíochtaí Deonacha a íoc.

Rialacha

Teastaíonn d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) eart ó d'fhostóir chun ranníocaíochtaí árachais sóisialta a dhéanamh duit. Mura ndéanann d'fhostóir an ranníocaíocht ÁSPC ceart, beidh d'fhostóir freagrach as costas na ranníocaíochta iomláine agus aon riaráistí a bheadh le híoc. D’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar theipeadh ar an bhfreagracht seo go bhféadfaí ÁSPC nár íocadh a aisghabháil sa chúirt mar fhiacha go dtí an Stát.

D'fhéadfadh go mbeadh dualgas ar d'fhostóir aon íocaíocht leasa shóisialaigh a fuair tú a aisíoc leis an Roinn.

Iniúchtaí ÁSPC

Gach bliain, tugann Cigirí na Roinne Coimirce Sóisialaí cuairt ar suas le 10,000 fostóirí. Is é cuspóir na n-iniúchtaí ná fostóirí a aimsiú:

  • Nach n-íocann aon ranníocaíochtaí ÁSPC dá bhfostaithe
  • Nach gcoinníonn taifid cruinne díobh
  • A spreagann fostaithe chun íocaíochtaí dífhostaíochta a éileamh
  • A dhéanann ganniontráil ar an bpá atá á íoc le fostaithe.

Tá cumhacht ag Cigirí na Roinne taifid a iniúchadh agus tá pionóis do dhaoine a chuireann bac ar nó a shéanann faisnéis a sholáthar, nó a theipeann orthu taifid agus doiciméid a choinneáil agus a tháirgeadh.

Díolúine ó ÁSPC

I gcásanna áirithe, ní chaithfidh fostóirí a scar den ÁSPC a íoc d'fhostaithe. Caithfidh fostaithe a scar den ÁSPC a íoc fós, áfach. Ní mór d’fhostaithe a scair ÁSPC a íoc fós, áfach, seachas más oibrithe atá seolta go hÉirinn iad - féach thíos.

Ó 1 Iúil 2011 beidh an ráta ÁSPC fostóra níos ísle laghdaithe faoina leath (go 4.25%) le haghaidh iomlán jabanna a íocann suas go €356 sa tseachtain. Beidh an ráta curtha ar ais go 8.5% ó 1 Eanáir 2014.

Scéim Dreasachta Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí
Tá an Scéim Dreasachta Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí oscailte d’fhostóirí a chruthaíonn jabanna nua agus jabanna breise. Faoin scéim seo, ní gá d’fhostóirí cion an fhostóra de ranníocaíochtaí ÁSPC i leith fostaithe áirithe a íoc ar feadh 18 mhí. Chun cáiliú don scéim seo, ní mór don jab a chruthaíonn tú agus don duine a fhostaíonn tú critéir áirithe a chomhlíonadh. Faigh amach tuilleadh faoin Scéim Dreasachta Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí.

Scéim Díolúine (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí
Bhí an Scéim Díolúine ÁSPC i gcomhair Fostóirí oscailte d’fhostóirí a d’fhostaigh fostaí a bhí ag fáil an Liúntais um Fhilleadh ar Obair. Faoin scéim seo, ní gá d’fhostóirí cion an fhostóra de ranníocaíochtaí ÁSPC a íoc don chéad 2 bhliain. Ní mór don fhostóir duine atá ag fáil Liúntais um Fhilleadh ar an Obair den chéad uair an lá a dtosaíonn sé nó sí ag obair leis an gcuideachta, a fhostú, chun cáiliú don scéim. Tá na scéimeanna dúnta d' iarratasóirí nua.

Oibrí a chuirtear in Éirinn
D'fhéadfadh oibrí atá ina c(h)ónaí i dtír nach bhfuil clúdaithe ag Rialúcháin an AE, nó nach bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí ag Éirinn leo agus a chuirtear ag obair go gearrthéarmach in Éirinn ag fostóir nach bhfuil cláraithe in Éirinn nó nach bhfuil príomhionad an ghnó acu in Éirinn, i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain nó Oileán Mhanann, a bheith díolúnaithe ó ranníocaíochtaí ÁSPC na hÉireann a íoc ar feadh tréimhse suas go dtí 12 mhí.

Ag íoc ranníocaíochtaí ÁSPC le linn breoiteachta

Má íocann d'fhostóir tú nuair atá tú breoite, leanfaidh tú ag íoc ÁSPC. Leanfaidh fostóirí áirithe tú a íoc nuair atá tú as obair de bharr breoiteachta chomh fada agus go dtugann tú aon íocaíocht Sochair Breoiteachta a fhaigheann tú ón Roinn Coimirce Sóisialaí ag an bhfostóir. Sa chás seo, ní íocann d'fhostóir ach ranníocaíocht ÁSPC ar an méid pá breoiteachta lúide an méid Sochair Breoiteachta.

Má íocann d'fhostóir tú nuair atá tú breoite agus ceadaíonn duit d'íocaíocht Sochair Breoiteachta a choinneáil, íoctar ranníocaíocht ÁSPC d'fhostóir ar an méid iomlán pá breoiteachta, ag déanamh neamhaird den íocaíocht Sochair Breoiteachta.
Mura n-íocann d'fhostóir tú nuair atá tú as obair trí bhreoiteacht, níl aon ranníocaíochtaí ÁSPC le híoc.

Ó 2012 tá an Shochar Breoiteachta inchánaithe. Áfach tá iocaíochtaí do leanaí cleithiúnacha neamhincháinithe. Is féidir leat faisnéis a fháil i bhFógra ÍMAT d'Fhostóiri ó na Coimisinéirí Ioncaim agus Treoir IT50 an Choimisinéara Ioncaim, atá ar fáil ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.. (Roimh 2012 bhí an chéad sé seachtainí de Shochar Breoiteachta in aon bhliain neamhincháinithe.)

Ranníocaíochtaí pinsean agus ÁSPC

Tá ranníocaíochtaí pinsean fostóra agus fostaí inmhuirearaithe le ÁSPC. Sa mBuiséad 2012 cuireadh deireadh le faoiseamh 50% ar ÁSPC fostóra ar ranníocaíochtaí fostaí do scéimeanna pinsin.

Ag fostú baill teaghlaigh agus ÁSPC

Tá an chuid is mó d'fhostaithe faoi dhliteanas ÁSPC a íoc. Baineann eisceachtaí leis an riail ghinearálta seo maidir le 'Fostaíocht Theaghlaigh' áirithe. Úsáidtear an téarma seo chun cur síos ar chás ina bhfostaíonn trádálaí aonair féin-fhostaithe, cúnamh i reáchtáil an gnó, ó chéilí, páirtnéirí sibhialta nó baill eile teaghlaigh. Mura bhfeidhmíonn an gnó ar bhunús an trádálaí aonair – mar shampla más Comhlacht Teoranta nó Comhpháirtíocht atá i gceist - ní 'Fostaíocht Theaghlaigh' atá ann mar sin

Tá na catagóirí a leanas d'Fhostaíocht Theaghlaigh inárachais faoin gcóras Árachais Sóisialta ar an mbealach céanna le fostaíochtaí nach bhfuil aon cheangal teaghlaigh leo:

Má tá tú fostaithe mar fhostaí ag 'gaol forordaithe' agus nach bhfuil an fhostaíocht bainteach le teach cónaithe príobháideach nó feirm ina bhfuil nó ar a bhfuil cónaí ort féin agus an fostóir (baineann ÁSPC Aicme A nó Aicme J). Má tá tú fostaithe mar Phrintíseach ag 'gaol forordaithe' (fiú amháin má bhaineann fostaíocht na printíseachta le teach cónaithe príobháideach nó feirm ina bhfuil nó ar a bhfuil cónaí ort féin agus an fostóir) caithfidh Conradh Printíseachta cláraithe a bheith i gceist (baineann ÁSPC Aicme A nó Aicme J).

'Gaol Forordaithe' ná tuismitheoir, seantuismitheoir, leas-tuismitheoir, mac, iníon, garmhac, gariníon, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, nó deirfiúr leasghaolmhar.

'Siad na catagóirí a leanas 'd'Fhostaíocht Theaghlaigh' na heisceachtaí nach bhfuil clúdaithe ag an gcóras Arachais Shóisialta:

  • Má tá tú fostaithe mar fhostaí ag do chéilí nó do pháirtnéir sibhialta
  • Má tá tú fostaithe mar fhostaí ag 'gaol forordaithe' agus go mbaineann an fhostaíocht theaghlaigh le teach cónaithe príobháideach nó feirm ina bhfuil nó ar a bhfuil cónaí ort féin agus an fostóir.
  • Má chuidíonn tú nó má ghlacann tú páirt i reáchtáil an ghnó teaghlaigh, ach ní mar fhostaí. (Mar shampla, mac/inion atá ag freastal go lánaimseartha ar oideachas a ghlacann páirt sa ghnó tar éis uaireanta scoile (m.sh. feirm) nó céile/páirtnéir sibhialta a dhéanann an obair chuntasaíochta don ghnó a chomhlíonadh - ach nach fostaí).

Pointí le tabhairt faoi deara:

Úsáidtear ÁSPC Aicme M chun cásanna a thaifead nach bhfuil dliteanas ar bith i gceist do cheachtar d'Árachas Sóisialta nó Ranníocaíocht Sláinte.

Ag brath ar choinníollacha áirithe, má thagann deireadh le do chlúdach ag ÁSPC éigeantach, d'fhéadfá rogha a dhéanamh a bheith faoi árachas ar bhonn deonach agus Ranníocaíochtaí Deonacha a íoc.

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi Fhostaíochtaí Theaghlaigh & ÁSPC - SW 102

Rataí

Beidh an méid ÁSPC a íocann tú féin agus d'fhostóir ag brath ar do chuid tuillimh agus an Aicme Árachais Shóisialta ina bhfuil tú faoi árachas. Seo sampla maidir le fostaí Aicme A i 2012:

Má tá tú ag tuilleamh níos lú ná €352 comhlán in aghaidh na seachtaine (roimh a mbaintear cáin), ní íocfaidh tú aon árachas sóisialta. Ní chiallaíonn sé seo nach bhfuil tú ag fáil ranníocaíochta. Tá tú fós clúdaithe ag árachas sóisialta Aicme A. Tá d'fhostóir ag íoc árachais sóisialta ar do shon. Íocfaidh d'fhostóir ranníocaíocht de 4.25% ar do chuid tuillimh. (Ba é an ráta 8.5% suas go 1 Iúil 2011 agus cuirfear é ar ais go 8.5% i 2014.)

Má thuilleann tú idir €352 agus €356 in aghaidh na seachtaine, déantar neamhaird ar an gcéad €127 de do thuilleamh agus íocfaidh tú 4% ar aon rud os cionn an mhéid sin. Íocfaidh d’fhostóir 4.25% ar thuilleamh suas go dtí €356. (Ba é an ráta 8.5% suas go 1 Iúil 2011 agus cuirfear é ar ais go 8.5% i 2014.)

Má thuilleann tú níos mó ná €356 in aghaidh na seachtaine, déantar neamhaird ar an gcéad €127 de do thuilleamh agus íocfaidh tú 4% ar aon rud os cionn an mhéid sin. Íocfaidh d’fhostóir 10.75% ar do thuilleamh seachtainiúil.

Léigh anseo chun faisnéis a fháil ar an méid ÁSPC íoctha i ngach Aicme

Conas iarratas a dhéanamh

Baineann d'fhostóir do ranníocaíocht ÁSPC ó do chuid pá. Mar fhostaí a íocann ranníocaíochtaí ÁSPC, tá tú i dteideal de réir dlí scrúdú a dhéanamh ar an dtaifead ÁSPC coinnithe ag d'fhostóir fút nó is féidir leat ráiteas de do thaifead a fháil ó d'fhostóir gach trí mí.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh chomh maith le Rannóg na dTaifead sa Roinn Coimirce Sóisialaí chun do thaifead ÁSPC a sheiceáil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Rannóg um Taifead ÁSPC

Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire

Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/

Rannóg Bailithe Speisialta ÁSPC

Roinn Coimirce Sóisialaí
Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar Chorcaí
Waterford
Port Láirge
Éire

Teil:(01) 471 5898 or (051) 356 010

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 May 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Aicmí árachais shóisialta
    Cinntíonn d'aicme ÁSPC na sochair leasa shóisialta a gheobhaidh tú. Cabhraíonn an doiciméad seo d'aicme árachais shóisialach agus an méid seachtainiúil iníoctha a fháil amach.
  • Cad a tharlaíonn mura bhfuil aon P45 nó P60 agat
    Tá d'fhostóir freagrach as do chuid ranníocaíochtaí ÁSPC a íoc. Céard a tharlaíonn duit mura dtugtar P45 nó P60 duit nuair atá tú ag fágáil?
  • An t-árachas sóisialach in Éirinn
    De thoradh ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh bíonn tú i dteideal réimse leathan sochar atá riartha ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.