Díolmhaíonn an Scéim Dreasachta Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí fostóirí óna ndliteanas a gcion d’ÁSPC i leith fostaithe áirithe a íoc. Tá an scéim seo oscailte d’fhostóirí a chruthaíonn jabanna nua agus jabanna breise.
Má cháilíonn tú, mairfidh sé ar feadh tréimhse 18 mhí ón dáta ar a
bhfaomhtar don scéim tú (do jabanna a cruthaíodh tar éis 1 Eanáir, 2012).
Is é an cuspóir atá ag an scéim ná tacú le cruthú jabanna agus oibriú i
gcoinne daoine a bheith i ndífhostaíocht fadtéarmach agus spleách ar leas
sóisialach.
Chun cáiliú don Scéim Dreasacht Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí, ní mór don jab a chruthaíonn tú agus don duine a fhostaíonn tú critéir áirithe a chomhlíonadh. Chomh fada is atá tú ag fanacht ar fhaomhadh don scéim, ba chóir duit ÁSPC fostaí agus fostóra caighdeánach a fheidhmiú.
Ní mór don duine a fhostaíonn tú a bheith ag fáil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas ar feadh tréimhse leanúnach 6 mhí ar a laghad:
Tá an t-am a chaithfear ar an gClár Socrúcháin Oibre ó JobBridge, Scéim Náisiúnta Intéirneachta ináirithe i gcomhair cúiseanna cáilitheachta freisin. Is féidir leat a fhostú ar dhuine cáilithe díreach as ceann de na scéimeanna seo nuair atá critéir 156 lá (6 mhí) sásaithe.
Ní mór don jab seo:
Má tá fostaí nua agat agus go bhfuil tú incháilithe don scéim, líon isteach foirm ÁSPC 20.
Seol an fhoirm ÁSPC 20 le deimhniú imréiteach cánach reatha chuig an
Roinn Coimirce Sóisialaí - féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’
thíos.
Ba chóir d’iarratas ar an Scéim Dreasachta Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí a sheoladh chuig:
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Urlár 2
Lóiste na Sionainne
Cora Droma Rúisc
Liatrom
Éire
Lóghlao:1890 927 999
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.