Más fostaí thú, baintear Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC) as do thuarastal gach seachtain. Is féidir le do ranníocaíochtaí ÁSPC don Chiste Árachais Shóisialaigh cuidiú leat cailiú d’íocaíochtaí árachais shóisialaigh, mar Sochar Cuardaitheora Poist agus Pinsean Stáit (Ranníocaíoch). Má tá tú as obair b’fhéidir nach mbeadh ranníocaíocht ÁSPC agat ach b’fhéidir go mbeifeá cáilithe le haghaidh ranníocaíocht chreidiúnaithe.
Is é atá i gceist le ranníocaíocht chreidiúnaithe árachais shóisialaigh ná ranníocaíocht a thugtar duit agus atá taifeadta ar do thaifead Árachais Shóisialaigh. Ligeann cuid de na ranníocaíochtaí leasa shóisialaigh duit do ranníocaíochtaí íoctha agus creidiúnaithe a thabhairt le chéile chun cuidiú leat cáiliú le haghaidh íocaíocht árachais shóisialaigh.
Le bheith cáilithe le haghaidh creidmheasanna caithfidh go raibh tú ag obair agus gur íoc tú ar a laghad aon ranníocaíocht ÁSPC ag aicme ÁSPC A, B, C, D, E, nó H agus caithfidh gur íoc tú ranníocaíochtaí íoctha nó creidiúnaithe i gceann amháin de cheachtar den dá bhliain chríochnaithe chánach. Mar shampla, má tá tú ag cur isteach ar ‘chreidmheasanna’ i 2011 caithfidh gur íoc tú ranníocaíochtaí íoctha nó creidiúnaithe i 2010 nó i 2009. Má tá bearna ann de níos mó ná dhá bhliain chánach críochnaithe beidh ort bheith ag obair agus rannaíocaíochtaí a íoc go ceann 26 seachtaine eile sula mbeidh tú cáilithe le haghaidh ranníocaíochtaí creidiúnaithe.
Is iondúil go dtugtar creidmheasanna ag an ráta céanna leis an ranníocaíocht ÁSPC a íocadh go deireanach. Ní chuideoidh do chreidmheas leat ach cáiliú le haghaidh na híocaíochtaí árachais shóisialaigh atá oiriúnach do do ghrád ÁSPC. Mar shampla, má bhí do ranníocaíocht dheireanach ÁSPC ag aicme A, beidh do chuid ‘creidmheasanna’ ag aicme A ach má bhí do ranníocaíocht dheireanach ÁSPC ag aicme B beidh do creidmheasanna le haghaidh aicme B. Léigh anseo le níos mó faisnéise a fháil faoi aicmí árachais shóisialaigh agus na híocaíochtaí atá ar fáil i ngach aicme.
Nuair a thosóidh tú ag obair tabharfar creidmheasanna réamhiontrála duit go huathoibríoch. Is gnách go dtugtar na creidmheasanna seo uair amháin agus clúdaíonn siad thú ó thús na bliana cánach ina dtosaíonn tú ag obair, suas leis an bhfíordháta ar a dtosaíonn tú ag obair. Clúdaíonn na creidmheasanna tú don dá bhliain chánach ioncaim roimhe sin. A luaithe agus a bheidh tú ag obair do ‘creidmheasanna réamhiontrála’ cuidiú leat cáiliú le haghaidh na n-íocaíochtaí árachais shóisialaigh seo a leanas:
Faigheann tú creidmheasanna go huathoibríoch má bhíonn tú lán-dífhostaithe agus ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist. Is féidir leat leanúint de bheith ag fáil creidmheasanna má tá do theidlíocht ar Shochar Cuardaitheora Poist ídithe agat agus tú cáilithe do Liúntas Cuardaitheora Poist .
Caithfidh go bhfuil ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha nó curtha chun sochair agat i gceachtar den dá bhliain chánach dheireanacha le ‘creidmheasanna’ a fháil le Liúntas Cuardaitheora Poist. Má tá tú dífhostaithe ach mura bhfuil tu i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh a bheith agat is féidir leat síniú le haghaidh creidmheasanna má tá tú ar fáil agus in ann obair a dhéanamh.
Is féidir leat síniú i gcomhair creidmheasanna, mura bhfuil tú i dteideal íocaíochta leasa shóisialaigh nó más duine fásta cáilithe tú ar íocaíocht leasa shóisialaigh do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoirchomh fada agus go bhfuil tú:
Is féidir leat síniú le haghaidh creidmheasanna chomh maith má bhíonn tú ar stailc ón obair. Caithfidh tú síniú le haghaidh creidmheasanna i d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil - féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos. Má tá tú dífhostaithe agus ag fáil creidmheasanna is féidir leat leanúint de bheith ag fáil creidmheasanna má bhíonn tú páirteach i gceann de na cúrsaí seo a leanas:
Má ghlacann tú páirt sa Scéim Liúntais um Fhilleadh ar an Oideachas, ní bhfaighidh tú íocaíocht Liúntais um Fhilleadh ar an Oideachas, ach d’fhéadfadh sé go bhfaighfeá an Liúntas Costais Oideachais. Is íocaíocht aonuaire í seo ag tús gach bliain acadúil.
Damhtar creidmheasanna má bhíonn tú ag fáil Sochar Breoiteachta agus Sochar Easláinte. Is féidir leat creidmheasanna a fháil chomh maith le Sochar Díobhálacha Ceirde. Má ídíonn tú do theidlíocht ar Shochar Breoiteachta (SB) nó Sochar Díobhála Ceirde (SDC) agus má tá tú cáilithe ar Fhorlíonadh Éagumais ba cheart duit leanúint ar aghaidh le teastais mhíochaine a chur isteach lena chinntiú go leanfaidh tú de bheith ag fáil creidmheasanna. Má chuir tú iarratas isteach ar Shochar Breoiteachta nó ar Shochar Díobhála Ceirde agus níl tú cáilithe, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal fós creidmheas a fháil más amhlaidh go bhfuil ranníocaíochtaí íoctha nó creidiúnaithe agat sa dá bhliain chánach dheireanacha.
Má bhíonn tú ag fáil Liúntas Míchumais cionn is go bhfuil do theidlíocht ar Shochar Breoiteachta ídithe agat, gheobhaidh tú ‘creidmheasanna’. Le ‘creidmheasanna’ a fháil le linn duit a bheith ar Liúntas Míchumais caithfidh go bhfuil ranníocaíochtaí íoctha nó curtha chun sochair agat sa dá bhliain roimhe sin. Is féidir le seirbhísigh phoiblí a éiríonn as obair mar gheall ar dhrochshláinte a dteidlíocht ar íocaíochtaí áirithe a chosaint trí theastais mhíochaine a sheoladh isteach uair amháin sa bhliain.
Is féidir leat leanúint ag fáil creidmheasanna le linn tinnis, má ghlacann tú páirt sa Scéim Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas. Má ghlacann tú páirt sa Scéim, ní bhfaighidh tú íocaíocht Liúntais um Fhilleadh ar an Oideachas, ach d’fhéadfadh sé go bhfaighfeá an Liúntas Costais Oideachais. Is íocaíocht aonuaire í seo ag tús gach bliain acadúil.
Má bhíonn tú ag fáil Pinsean Stáit (Idirthréimse) gheobhaidh tú creidmheasanna go huathoibríoch. Cuideoidh na creidmheasanna seo le do theidlíocht ar Shochar Cóireála a choinneáil agus cuideoidh sin leat cailiú le haghaidh Pinsean Stáit (Ranníocaíoch).
Má éiríonn tú as obair le cúram a thabhairt do dhuine éigin agus má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra nó Sochar Cúramóra tabharfar creidmheasanna duit. Gheobhaidh tú creidmheasanna chomh maith mura bhfaigheann tú ceann de na híocaíochtaí seo ach tá tú ar saoire chúramóra ón obair. Má bhaineann tú úsáid as saoire chúramóra reachtach neamhíoctha, áfach, caithfidh tú iarraidh ar d’fhostaitheoir iarratas ar chreidmheasanna saoire cúramóra atá le fáil i mileog faisnéise SW49 de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí (pdf) a líonadh, i ndiaidh duit filleadh ar obair.
Is féidir le Scéim na nDéantóirí Baile é a dhéanamh níos fusa do dhéantóirí baile cáiliú do Phinsean Stáit (Ranníocaíoch).
Má éiríonn tú as obair le haire a thabhairt do leanbh faoi bhun 12 bliana d’aois, nó leanbh míchumasaithe, nó duine fásta, is féidir leat creidmheasanna a fháil ón dáta a n-éiríonn tú as obair chuig deireadh na bliana ranníocaíochta seo. Má tá tú lasmuigh den saol oibre ar feadh na bliana iomláine rannaíocaíochta déantar neamhaird ar an mbliain iomlán maidir le measúnú don Phinsean Stáit (Ranníocaíoch).
I gcásanna áirithe is féidir daoine a bheith i dteideal creidmheasanna déantóirí baile má bhíonn siad ag comhroinnt oibre chun aire a thabhairt do leanbh faoi bhun 12 bliana d’aois, nó do leanbh nó duine fásta míchumasaithe.
Ní thugtar creidmheasanna mac léinn ach aon uair amháin agus is féidir leo tréimhsí san oideachas lánaimseartha a chlúdach. Le bheith cáilithe caithfidh sé go raibh tú ag obair agus go raibh ÁSPC grád A íoctha agat sular thosaigh tú ar an gcúrsa duit. Caithfidh gur thosaigh tú do chúrsa sular shroich tú 23 bliana d’aois amach agus sula ndeachaigh tú isteach i bhfostaíocht inárachais lánaimseartha. Cuireann tú iarratas isteach ar ‘chreidmheasanna’ mac léinn ag am céanna agus atá tú ag cur iarratais isteach ar íocaíocht árachais shóisialaigh. Caithfidh tú dearbhú scríofa a chur ar fáil ón scoil nó ón gcoláiste ag rá go raibh tú i do mhac léinn ansin agus na dátaí a raibh tú ag freastal ann. B’fhéidir go mbeadh ort a thaispeáint go bhfuil fostaíocht lánaimseartha tosaithe agat chomh maith. B’fhéidir go mbeadh ort do P60 nó litir ó d’fhostaitheoir a chur faoi bhráid.
Tabharfar creidmheasanna duit go huathoibríoch agus tú ag fáil Sochar Máithreachais, Sochar Uchtála, nó Sochar Sláinte agus Sábháilteachta.
Má bhaineann tú úsáid as saoire máithreachais neamhíoctha reachtúil caithfidh tú a iarraidh ar d’fhostaitheoir iarratas ar chreidmheasanna saoire máithreachais atá le fáil i leabhrán faisnéise na Roinne Coimirce Sóisialaí SW 11 (pdf) a líonadh i ndiaidh duit filleadh ar obair. Ar an dóigh chéanna, má bhaineann tú úsáid as saoire uchtála neamhíoctha reachtúil caithfidh tú a iarraidh ar d’fhostaitheoir iarratas ar chreidmheasanna saoire uchtála atá le fáil i leabhrán faisnéise na Roinne Coimirce Sóisialaí SW 37 (pdf) a líonadh i ndiaidh duit filleadh ar obair.
Má ghlacann tú saoire tuismitheora, caithfidh d’fhostaitheoir teagmháil a dhéanamh le Rannóg na dTaifead den Roinn Coimirce Sóisialaí, ag sonrú na seachtainí nach raibh tú ag obair, ionas gur féidir leat ‘creidmheasanna’ a fháil don am seo - féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
Má chaitheann tú am mar oibrí deonach forbartha thar lear, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal ‘creidmheasanna’ a bheith agat as an am a chaitheann tú mar oibrí deonach forbartha thar lear suas le huasmhéid de chúig bliana. Léigh anseo le níos mó faisnéise a fháil faoi 'chreidmheasanna' d’oibrithe deonacha forbartha.
Tugtar creidmheasanna go huathoibríoch má bhíonn tú ag fáil aon chinn de na híocaíochtaí seo a leanas:
Cuireann tú isteach ar ‘chreidmheasanna’ mac léinn nuair a chuireann tú isteach ar íocaíocht árachais shóisialach.
Má bhíonn tú dífhostaithe nó ar stailc ba cheart duit síniú le haghaidh creidmheasanna ag do oifig áitiúil leasa shóisialaigh.
Le haghaidh creidmheasanna neamhíoctha saoire uchtála cuir iarratais
chuig:
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Buncrana
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
Le haghaidh creidmheasanna shaoire mháithreachais íoctha cuir iarratais
isteach chuig:
Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
Le haghaidh creidmheasanna saoire tuismitheora cuir iarratas chuig:
Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/
Do Scéim na nDéantóirí Baile cuir iarratais isteach chuig:
Department of Social Protection
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.