Ní mór do dhuine dhá choinníoll a chomhlíonadh má tá sé nó sí chun íocaíochtaí árachais shóisialta a fháil in Éirinn. Ar an gcéad dul síos caithfidh sé/sí oiread áirithe ranníocaíochaí ÁSPC a bheith déanta acu ón am ar thosaigh siad ag obair agus lena chois sin caithfidh siad líon áirithe ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith déanta acu i dtréimhse áirithe faoi leith nó creidiúint a fháil dóibh. Is ionann an tréimhse sin agus an bhliain ranníocaíochta chuí a bhaineann leis an bhliain atá i gceist. Ní hionann líon na ranníocaíochtaí atá ag teastáil le bheith i dteideal na sochair éagsúla a fháil.
Is í an Bhliain Chánach Ábhartha atá i gceist (nó an bhliain rialaithe ranníocaíochtaí) ná an bhliain a bhí ann dhá bhliain roimh an Bhliain Sochair. Mar sin, sí 2010 an Bhliain Ranníocaíochtaí atá i gceist maidir le hiarratais i 2012.
Is eisceacht é Pinsean Easláinte. Is í an bhliain chánach ábhartha do Phinsean Easláinte ná an bhliain a bhí ann bhliain roimh an bhliain sochair. Mar sin, sí 2011 an bhliain chánach ábhartha atá i gceist maidir le hiarratais i 2012.
Ní féidir a rá go baileach gurbh í an bhliain a thosaíonn ar an 1 Eanáir an Bliain Sochair mar sí an 12 mhí a thosaíonn ar an gcéad Luan de réir féilire na bliana sin an bhliain atá i gceist, cé go mbíonn eisceachtaí ann. I 2012, mar shampla ba é an 2 Eanáir an chéad Luan sa bhliain agus ar an ábhar sin níor mhór d'iarratais a rinneadh suas go dtí an 2 Eanáir a bheith bunaithe ar Bhliain íocaíochtaí níos luaithe. D'fhéadfadh sé seo difríocht a dhéanamh i gcásanna áirithe don té a bheadh ag éileamh.
Mar shampla, beadh iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist a rinneadh an 1 Eanáir 2012 bunaithe ar ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith déanta i 2009 ach beadh iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist a rinneadh an 3 Eanáir 2012 bunaithe ar ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith déanta i 2010.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.