Print Page Send to a Friend

Cúnamh sóisialach in Éirinn

Eolas

Íoctar íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh le daoine nach bhfuil a ndóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) le cáiliú do na híocaíochtaí árachais shóisialaigh. Mar shampla de sin, cuir i gcás duine atá nua-dífhostaithe ag cur isteach ar Shochar Cuardaitheora Poist, ní cháileoidh sé don sochar mar níl a d(h)óthain ranníocaíochtaí ÁSPC aige/aici. Is féidir leis/léi cur isteach ar Liúntas Cuardaitheora Poist, íocaíocht atá cosúil leis an Shochar Cuardaitheora Poist ach nach bhfuil bunaithe ar na ranníocaíochtaí. Is íocaíocht árachais shóisialaigh é Shochar Cuardaitheora Poist ach is íocaíocht chúnaimh shóisialaigh é Liúntas Cuardaitheora Poist.

Ní mór duit gnáthchónaí a bheith agat in Éirinn agus ní mór duit tástáil acmhainne a shásamh le cáiliú do na híocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh.

Rialacha

Tá rialacha ag baint le híocaíochtaí leasa shóisialaigh agus tá siad leagtha síos i reachtaíocht agus/nó i dtreoirlínte riaracháin. Tá an chuid is mó de na treoirlínte ar fáil anois ar an láithreán gréasáin atá ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Go ginearálta ní féidir dhá íocaíocht cúnaimh shóisialaigh a fháil (seachas Liúntas Cúramóra a d’fhéadfadh bheith leath-ráta iníoctha le híocaíocht leasa shóisialaigh eile. Má cheapann tú go bhfuil tú i dteideal níos mó ná íocaíocht amháin a fháil, go ginearálta beidh ort an ceann is tairbhí duit a roghnú.

Tá réimse íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh ann. Féadann tú bheith i dteideal ceann acu a fháil, braitheann sé ar do chúinsí pearsanta.

Íoctar an Liúntas Cuardaitheora Poist le daoine 18 mbliana d'aois nó os a cionn atá dífhostaithe in Éirinn.

Íocaíocht is ea an Liúntas Réamhscoir (PRETA) do dhaoine 55 bliana d'aois nó os a cionn atá éirithe as an bhfórsa saothair. Dúnadh an scéim seo d'iarratais nua in 2007.

Is scéim tacaíochta ioncaim í an Cúnamh Feirme d'fheirmeoirí in Éirinn. Ní gá duit a bheith ar fáil i gcomhair fostaíocht le cáiliú do Chúnamh Feirme.

Tá an Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) do bhaintreacha , baintreacha fir agus páirtnéirí sibhialta marthanacha nach bhfuil páistí cleithiúnacha acu.

Íoctar an Íocaíocht Chaomhnóra (Neamhranníocach) le caomhnóir an linbh go dtí go slánóidh an leanbh an 18 mbliana nó go dtí slánóidh sé/sí an 22 bliain má tá sí/sí in oideachas lánaimseartha.

Íoctar an Liúntas Cúramóra le daoine a dhéanann cúram baile de dhuine a bhfuil cúnamh lánaimseartha de dhíth air/uirthi mar gheall ar aois, míchumais fhisiciúla nó intinne lena áirítear tinneas intinne.

Íoctar an Liúntas Leasa Forlíontach le daoine atá ar ísealioncam nó gan ioncam.

Íoctar an Pinsean Stáit (Neamhranníocach) do dhaoine a bhfuil 66 bliana d'aois nó níos mó slánaithe acu.

Íoctar Pinsean na nDall le daoine atá dall nó atá faoi mhíchumas súl agus atá ina gcónaí in Éirinn go hiondúil.

Íocaíocht is ea an Liúntas Míchumais do dhaoine atá faoi mhíchumas agus atá idir 16 agus 66 bliana d'aois.

Íocaíocht is ea Liúntas Banchéile Thréigthe do mhná atá tréigthe ag a bhfear agus nach bhfuil leanaí cleithiúnacha acu. Dúnadh an scéim seo d'iarratais nua in Eanáir 1997.

Íocaíocht is ea Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora do mhná agus fir in Éirinn atá ag tógáil clainne ina n-aonar.

Má cháilíonn tú d'íocaíocht leasa shóisialaigh, féadann tú cáiliú chun sochair bhreise leasa shóisialaigh a fháil.

Don chuid is mó íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh, is iad na hOifigigh Bhreithiúnacha a dhéanann an cinneadh cé atá i dteideal íocaíochta. Is oifigigh leasa shóisialaigh iad na hOifigigh Bhreithiúnacha atá ceaptha faoi reachtaíocht leasa shóisialaigh. Is iad na hoifigigh de chuid Feidhmeannacht Seirbhíse Sláinte (FSS) agus oifigigh de chuid Roinn Coimirce Sóisialaí a dhéanann na híocaíochtaí eile ar nós íocaíochtaí ar fáil faoin Scéim Liúntas Leasa Forlíontach.

Má tá tú míshásta le cinneadh a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí, tá sé de rogha agat achomharc a lorg in aghaidh cinntí ar íocaíochtaí atá bunaithe i reachtaíocht. Déantar achomhairc leis an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh, eagraíocht neamhspleách reachtúil. Faigh amach anseo conas achomharc a lorg ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Rataí

Rátaí íocaíochtaí agus cleithiúnaithe

Tá íocaíochtaí leasa shóisialaigh roinnte in íocaíochtaí don éilitheoir, ar a dtugtar an ráta pearsanta íocaíochta agus íocaíochtaí ar son aon chleithiúnaithe ar dhaoine fásta iad nó cleithiúnaithe ar leanaí iad.Foilsíonn an Roinn Coimirce Sóisilaí Leabhrán um Rátaí Íocaíochta SW 19 gach bliain agus tá sonraí le fáil ann maidir le méid an airgid iníoctha faoi gach scéim agus méid an airgid atá iníoctha do chleithiúnaithe an éilitheora.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar íocaíocht leasa shóisialaigh ar leith, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d'oifig áitiúil leasa shóisialaigh nó le hIonad Faisnéise do Shaoránaigh le foirm iarratais agus bileog faisnéise a fháil. Líon isteach an fhoirm iarratais cheart agus cuir ar ais í chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá an seoladh fillte foilsithe ar chúl na foirme iarratais.

Íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí an chuid is mó d'íocaíochtaí, ach tá eisceachtaí ann. Déan teagmáil leis an Oifigeach Leasa Phobail i d'oifig sláinte áitiúil más mian leat cur isteach ar Liúntas Leasa Forlíontach, Fordheontas Cíosa, Fordheontas Ús Morgáisteíocaíochtaí leasa fhorlíontaigh eile.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 July 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An Liúntas Breosla
    Cur síos atá sa cháipéis seo ar an Scéim Náisiúnta Breosla, scéim a chuireann liúntas breosla ar fáil do líonta-tí ar ioncam íseal, nach bhfuil ábalta a riachtanais teasa a shásamh.
  • Liúntas Leasa Forlíontach
    Liúntas Leasa Forlíontach é íocaíocht do dhaoine incháilithe atá gan ioncam. Cur síos gairid ar na coinníollacha teidlíochta ar Liúntas Leasa Forlíontach lena n-áirítear an scrúdú maoine.
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
    Má tá dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC ag an té atá básaithe nó an chéile, d'fhéadfadh an Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) (an Pinsean (Ranníocach) Baintrí (Fir)roimhe seo) a bheith íoctha chomh maith le sochair leasa shóisialaigh atá bainteach.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.