Cárta Seirbhísí Poiblí

Céard é Cárta SeirbhísíPoiblí?

•Go hiondúil eisítear Cárta Seirbhísí Poiblí nuair a leithdháiltear uimhir PPS. Má dhéanann tú iarratas ar, nó má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat faoi láthair (lena n-áirítear Sochar Linbh) iarrfar ort do Chárta Seirbhísí Poiblí a chlárú.

•Mura bhfuil Cárta Seirbhísí Poiblí agat fós - féach ar 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

•Cén cineál eolais atá ar taispeáint ar an gcárta seo?

•Tá d’ainm, grianghraf agus síniú le feiceáil ar aghaidh an chárta, mar aon le dáta éaga an chárta. Tá d’uimhir PPS agus uimhir an chárta le fáil ar chúl an chárta. Tá stiall mhaighnéadach air freisin a chumasaíonn íocaíochtaí leasa shóisialaigh cosúil le pinsin a bhailiú ag oifigí poist

•Má tá tú i dteideal saorthaistil taispeánfar an t-eolas seo a leanas sa chúinne in uachtar ar chlár. Má tá FT-P scríofa ar an gcárta tá sealbhóir an chárta i dteideal saorthaistil. Má tá FT+S scríofa ar an gcárta tá cead ag sealbhóir an chárta taisteal lena c(h)éile, c(h)omhpháirtí nó c(h)omháitritheoir. Má tá FT+C scríofa ar an gcárta is féidir le sealbhóir an chárta compánach a thabhairt leis/léi (os cionn 16 bliana d’aois) saor in aisce.

Do PSC a úsáid chun iarratas adhéanamh ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar líne

•Má tá Cárta Seirbhísí Poiblí agat, is féidir leat cuntas fíoraithe MyGovID a chlárú chun rochtain a fháil ar raon seirbhísí poiblí ar líne.

•Ní mór uimhir d’fhóin phóca a fhíorú le DSP chun cuntas fíoraithe MyGovID a bhunú. M

•Má tá Cárta Seirbhísí Poiblí agat agus más mian leat go mbeidh d’uimhir fóin phóca á fíorú ag DSP, is féidir leat glaoch ar an uimhir: 0818 927 999.

Clárú le haghaidh Cárta Seirbhísí Poiblí

Tugtar clárú SAFE (Timpeallacht Creatlaí i gcomhair Fíordheimhniú Caighdeáin) ar chlárú duine ar dhuine le haghaidh Cárta Seirbhísí Poiblí.

Má rinne tú iarratas ar íocaíocht leasa shóisialaigh (íocaíochtaí cuardaitheora poist agus Teaghlach Aontuismitheora faoi láthair), gheobhaidh tú litir le do choinne cláraithe SAFE. Glacann clárú SAFE thart ar 15 nóiméad lena chríochnú agus is gnách go mbíonn sé ar siúl i d'Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh. Tá sé tábhachtach go bhfreastalaíonn tú ar do choinne. Cabhróidh sé chun aon deacracht fhéideartha a sheachaint maidir le rochtain a fháil ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh amach anseo. Le linn na coinne seo, glacfar do ghrianghraf agus cuirfear i dtaifead do shíniú do do Chárta Seirbhísí Poiblí nua, a chuirfear sa phost chuig do sheoladh baile. Ina theannta sin, iarrfar ort freagraí a thabhairt ar roinnt ceisteanna slándála.

Ní mór duit roinnt cáipéisí a thabhairt leat chuig do choinne le d’aitheantas agus do sheoladh a chruthú. Ba cheart duit litir dheimhnithe an choinne a thabhairt leat freisin, agus do ghuthán póca má bhíonn ceann agat. Ciallaíonn guthán póca gur féidir leis an an roinn d’uimhir a dhearbhú. Beidh dearbhú gutháin ag teastáil chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar-líne.

Caitheann tú d’aitheantas a chruthú chun íocaíocht nó sochar leasa shóisialaigh a fháil. Meastar gur fhíordheimhnigh tú d’aitheantas má chomhlíonann tú leis an bpróiseas clárúcháin SAF nuair a iarrtar amhlaidh. Mura gcomhlíonann tú leis an bpróiseas clárúcháin SAFE is féidir d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh (lena n-áirítear Sochar Linbh) agus/nó do theidlíochtaí leasa shóisialaigh (ar nó an tSaorthaistil) a chur ar fionraí.

Cáipéisí atá le tabhairt leat chuig do choinne chláraithe SAFE

1.Fianaise féiniúlachta:

Fianaise féiniúlachta
Saoránaigh Éireannacha a rugadh in Éirinn Pas reatha Éireannach nó ceadúnas tiomána reatha Éireannach nó RA nó ceadúnas fhoghlaimeora Éireannach.
Saoránaigh Éireannacha a rugadh i dtuaisceart na hÉireann agus saoránaigh RA Pas reatha, nó do theastas breithe agus do cheadúnas tiomána reatha *
Saoránaigh Éireannacha tríd eadóirseacht nó Clárú na mBreitheanna Eachtrannacha Pas reatha Éireannach nó Teastas Eadóirseachta nó teastas Cláraithe na mBreitheanna Eachtrannacha agus ceadúnas tiomána reatha Éireannach nó RA nó ceadúnas fhoghlaimeora Éireannach.
Saoránaigh den AE (seachas Éire agus an RA) Pas reatha nó cárta náisiúnta aitheantais.
Saoránaigh neamh-AE Pas reatha nó cáipéis taistil 1951

*Más saoránach Éireannach tú nó saoránach na Ríochta Aontaithe (an RA) agus mura bhfuil pas ná ceadúnas tiomána agat mar mheán aitheantais, d'fhéadfaí Cárta Seirbhísí Poiblí a eisiúint duit fós. D'fhéadfaí eolais breise gur féidir é a dheimhniú chun d'aitheantas a dhearbhú a bhailiú ag d'agallamh coinne.

Do shaoránaigh a rugadh in Éirinn, is féidir sonraí breithe a dheimhniú ar líne leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin, i bhformhór na gcásanna. Ach i gcásanna áirithe, ní féidir an clárúchán breithe a aimsiú, agus mar sin bíonn ar an duine filleadh le cóip dá theastas/teastas breithe

Má theastaíonn cóip de do theastas breithe Éireannach uait le haghaidh clárúchán SAFE, (Timpeallacht Creatlaí i gcomhair Fíordheimhniú Caighdeáin) is féidir é a fháil ón gCláraitheoir, ar ráta laghdaithe, nuair a thaispeánann tú do litir cuiridh(SAFE).

Níl rochtain ag an Roinn ar an gclár uchtaithe, agus mar sin ba chóir do dhaoine uchtaithe, a dteastas uchtaithe a thabhairt leo chuig an gcoinne.

Tá tuilleadh eolais maidir le hAitheantas Seirbhíse Poiblí ar Welfare.ie

2. Fianaise i leith seolta (tá ar gach duine é seo a sholáthar, más saoránach Éireannach, AE nó neamhAE iad):

Caitheann tú fianaise i leith do sheolta a thaispeáint. Is féidir leat leas a bhaint as aon cheann de na cáipéisí seo a leanas chuige sin (Ní mór d’ainm agus do sheoladh a bheith ar an doiciméad agus ba chóir go mbeadh sé laistigh de thrí mhí ó dháta a eisithe):

  • Bille fóntais an teaghlaigh
  • Litir/cáipéis oifigiúil éigin
  • Ráiteas airgeadais
  • Léas maoine nó comhaontú tionóntachta
  • Deimhniú de sheoladh ag tríú páirtí ar nós príomhoide/riarthóir scoile, úinéir* nó bainisteoir cóiríochta/maoine.

*Beidh bunbhille teaghlaigh móide nóta ó shealbhóir an bhillle ag deimhniú do chónaitheachta ag seoladh an bhille inghlactha más rud é go bhfuil tú ag fanacht le cairde nó le gaolta. Is féidir an nóta sin a bhreacadh ar an mbille féin.

3. Cáipéisí breise cabhracha

Má tá aon cheann de na rudaí agat a liostaítear thíos, ba cheart duit iad a thabhairt leat mar gheall go bhféadfaidís cabhrú, chomh maith, chun d’aitheantas a dheimhniú. Mura bhfuil aon chinn díobh seo agat, ba cheart duit cáipéisí eile nó foirmeacha eile d’aitheantas a thabhairt leat ina ionad sin*.

  • Pas Saorthaistil Éireannach
  • Cárta leighis arna eisiúint faoin tSeirbhís Mhíochaine Ginearálta
  • Cárta Eorpach um árachas sláinte
  • Cárta creidmheasa/dochair
  • Cárta mic léinn

*Ní ghlactar leis na rudaí a leanas mar chruthúnas aitheantais ar mhaithe le clárú SAFE: Deimhniú baiste, cárta aitheantais oibre, foirm ML-10 an Gharda Síochána, cárta aoise an Gharda Síochána, deimhnithe nó cáipéisí fótachóipeáilte agus cáipéisí éagtha go ginearálta.

Cártaí Seirbhísí Poiblí caillte nó goidte

Má tá do Chárta Seirbhísí Poiblí caillte, goidte nó damáistithe, caithfidh tú dul i dteagmháil leis an Deasc Chabhrach Chárta Seirbhísí Poiblí ar 0818 837 000 láithreach.

Athraigh d'ainm ar do CPS

Más mian leat d’ainm a athrú ar do CPS, ní mór duit freastal go pearsanta ar Ionad Clárúcháin SAFE leis na doiciméid ábhartha (féach thíos) mar go bhfuil síniú nua ag teastáil le haghaidh do CPS.

Athrú ainm trí úsáid agus cáil

Chun ainm an CSP a athrú, ní mór duit 2 bhliain úsáid d’ainm nua a chruthú. Chun é seo a chruthú ní mór duit 2 cheann de na cáipéisí a leanas a chur isteach siardhátaithe go 2 bhliain ar a laghad:

  • Cumarsáid oifigiúil le roinn rialtais
  • Teastas oideachasúil
  • Ráiteas nó cárta bainc
  • Bille fóntais
  • Aitheantas Mic léinn nó fostaí (nó den sórt sin)

I ndiaidh pósta nó comhpháirtíocht shibhialta

Chun d’ainm ar do Chárta Seirbhísí Poiblí a athrú i ndiaidh duit posadh nó dul i mbun compháirtíocht shibhialta, is gá duit a leanas a chur isteach:

  • Aitheantas a bhfuil grianghraf air agus d’ainm réamh-phósta/chomhpháirtiochta sibhialta (mar shampla CSP. pas nó ceadúnas tiomána), agus
  • Do theastas pósta nó comhpháirtíochta sibhialta

Ag aistriú siar chun d’ainm réamhphósta nó réamhchomhpháirtíochta sibhialta

Chun d’ainm ar do Chárta Seirbhísí Poibli a athrú siar go dtí d’ainm réamhphósta nó réamhchomhpháirtíochta sibhialta, is gá duit a leanas a chur isteach:

  • Cáipéisí colscartha, scaoilte nó comhaontuithe idirscartha dlíthiúil
  • Comhfhreagras ó dhlíodóir ina léirítear go bhfuil tús curtha le hidirscaradh, le colscaradh nó le scaoileadh.

Athrú ainm trí ghníomhas aonpháirtí

Má d’athraigh tú d’ainm trí ghníomhas aonpháirtí, ba chóir duit gníomhas aonpháirtí, atá cláraithe le hArd-Chúirt na hÉireann, a chur isteach.

Seirbhísí Aitheantas Cliant

An Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh

An Roinn Coimirce Sóisialaí
Lóiste na Sionainne
Cora Droma Rúisc
Contae Liatroma

Teil: (071) 967 2616 or 0818 927 999

Cá háit is féidir iarratas adhéanamh ar Chárta Seirbhísí Poiblí?

D’fhéadfaí go dtabharfaí cuireadh do chustaiméirí na Roinne Coimirce Sóisialaí freastal ar choinne chun Cárta Seirbhísí Poiblí a chlárú.

Chomh maith leis sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’Ionad Intreo chun coinne a eagrú. Tá liosta d’ionaid chlárúcháin Cárta Seirbhísí Poiblí le fáil ar gov.ie.

SharedAddress for Social Protection (Client Identity) : ID a311261b031

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Márta 2023