Is uimhir shainiúil tagartha í d'uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) a chabhraíonn leat sochair leasa shóisialaigh, seirbhísí poiblí agus eolas in Éirinn a fháil. Áirítear an Roinn Coimirce Sóisialaí, na Coimisinéirí Ioncaim agus na Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sna gníomhaireachtaí seirbhíse poiblí a úsáidíonn uimhreacha PSP chun daoine a aithint.
Is ainm nua don uimhir chánach (RSI) é an PSP. Má tá uimhir chánach agat cheana féin, ní athróidh sí, ach tabharfar d'uimhir PSP uirthi as seo amach. Áfach, má tá uimhir PSP do chéile ar aon uimhir leat agus má chríochnáionn d'uimhir PSP le 'W', b'fhéidir go mbeadh uimhir PSP nua de dhíth ort. Féach 'Uimhreacha W a chéimniú amach' thíos chun tuilleadh eolais a fháil.
Is féidir leat d'uimhir PSP a úsáid le haghaidh:
Tá uimhir PSP eisithe duit cheana má:
Bíonn uimhreacha PSP clóscríofa ar na cáipéisí seo a leanas:
Roimh 2000 nuair a phós roinnt daoine bhí orthu an Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí céanna lena gcéile a úsáid, ach le W ag deireadh na huimhreach. D’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim an uimhir W seo chun céilí a aithint i gcaidreamh ina ndearnadh Measúnú Comhpháirteach ar an lánúin.
D’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim uimhir W chun céilí a aithint i gcaidreamh ina ndearnadh Measúnú Comhpháirteach ar an lánúin. Bhí an uimhir W nasctha le huimhir PSP an Chéile Inmheasúnaithe (is é seo an téarma a úsáideann na Coimisinéirí Ioncaim don chéile a ngearrtar cáin air/uirthi ar ioncam na beirte).
Tá na huimhreacha W á gcéimniú amach de réir a chéile. Níor eisíodh uimhir W ar bith ó 1999 i leith.
Más mar an gcéanna d’uimhir PSP le huimhir PSP do chéile, agus má tá W ag deireadh d’uimhreach, caithfidh tú uimhir nua PSP a fháil más amhlaidh:
Má eisíodh uimhir PSP nua ort tar éis 1979 agus sular phós tú, is féidir leis an Roinn an bunuimhir a bhí agat a ath-eisiúint ort má iarrann tú é.
Má tá d’uimhir W á athrú agat i gcomhair uimhir PSP nua, ní gá duit dul tríd an bpróiseas iarratais céanna le gach duine eile. Chun d’uimhir nua a fháil nó chun do sheanuimhir a fháil ar ais, téigh i dteagmháil le Rannóg Aitheantais na gCliant sa Roinn Coimirce Sóisialaí, is í an uimhir theileafóin ná (01) 704 3236.
Nuair a fhaigheann tú d’uimhir nua ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoi d’Uimhir PSP nua trí úsáid a bhaint as Foirm 12A (pdf).
Ní fhéadann tú iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP roimh theacht duit go hÉirinn. Caithfidh tú bheith i do chonaí cheana féin in Éirinn chun iarratas ar uimhir PSP a dhéanamh. Iarrfar ort fianaise cháipéisíochta d’aitheantas agus de chónaí in Éirinn a thaispeáint. Beidh fianaise cháipéisíochta eile de dhíth, ag brath ar do náisiúntacht. Tá liosta iomlán de na cáipéisí ar riachtanach mar fhianaise ar d’aitheantas iad le fáil anseo.
I roinnt cásanna, d’fhéadfadh Uimhir PSP bheith ag teastáil ó dhaoine nach gcónaíonn in Éirinn. Mar shampla, d’fhéadfadh duine atá ina t(h)airbhí faoi uacht Éireannach uimhir PSP a sholáthar sular féidir bronnadh probháide a eisiúint.
Cuireann Seirbhísí Aitheantais Chliaint (SAC) sa Roinn Coimirce Sóisialaí Seirbhís Cláraithe d’iarratasóirí neamhchónaithe nach féidir leo freastal ar Ionad sannta Cláraithe PSP agus ag a dteastaíonn Uimhir PSP d’idirbheart le comhlacht sonraithe.
Má tá cónaí i dTuaisceart Éireann nó sa Ríocht Aontaithe ort agus má tá tú ag oibriú i bPoblacht na hÉireann (oibrí trasteorann), féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Uimhir PSP sa ghnáthbhealach ag Ionad sannta Cláraithe PSP.
Chun uimhir a fháil, beidh ort foirm iarratais a líonadh agus dearbhú aitheantais a chur ar fáil.
Más Éireannach tú, beidh ort na cáipéisí seo a chur ar fáil:
Agus
Agus
Murab Éireannach tú, beidh ort na cáipéisí seo a leanas a chur ar fáil:
Nó
Agus
Tugtar Uimhir PSP do leanaí a rugadh in Éirinn nuair a chláraítear a mbreith leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin (POC). Ciallaíonn sé seo nach gá duit iarratas a dhéanamh ar uimhir PSP do leanbh a rugadh in Éirinn.
Ní mór iarratas a chur isteach ar Uimhreacha PSP do leanaí a chónaíonn in, ach nár rugadh in Éirinn ag an tuismitheoir/caomhnóir. Is gá do cheann de na tuismitheoirí/caomhnóirí Uimhir PSP a bheith acu chun an leanbh a chlárú agus a nascadh lena gcuid sonraí.
Ba chóir don tuismitheoir/chaomhnóir fianaise aitheantais agus seolta a sholáthar agus fianaise ar dháta breithe an linbh, mar shampla, Teastas Breithe (An Ríocht Aontaithe amháin) nó pas an linbh féin nó iontráil an linbh ar phas an tuismitheora.
Is í don Roinn Coimirce Sóisialaí amháin is féidir uimhir PSP a thabhairt duit. Is féidir liosta Oifigí Leasa Shóisialaigh Áitiúla a chláraíonn Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí ar an suíomh gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí a fháil.
Mura bhfuil d'uimhir PSP ar eolas agat, téigh i dteagmháil le d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil agus gheobhaidh an fhoireann ansin d'uimhir duit.
Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil gníomhaireacht, duine, nó gníomhaire ar
leith i dteideal d'uimhir PSP a iarraidh nó a úsáid, ba cheart duit dul i
dteagmháil le Seirbhísí Aitheantais Chliaint sa Roinn Coimirce Sóisialaí.
Ba choir duit teagmháil
a dhéanamh le Seirbhísí Aitheantais Chliaint trí úsáid a bhaint as an
bhfoirm iarratais ar líne nó tríd an nguthán ag 1890 927 999 nó (071)
967 2616.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.