Print Page Send to a Friend

Obair agus Liúntas Cuardaitheora Poist

Réamhrá

De gnáth, chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil caithfidh tú a bheith dífhostaithe. Mar sin féin, d'fhéadfá ioncam áirithe a thuilleamh ó fhostaíocht faoi chúinsí áirithe agus Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Mar shampla:

Caithfidh tú na coinníollacha eile maidir le Liúntas Cuardaitheora Poist a chomhlánú , mar shampla, caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh agus a bheith as obair ar feadh 3 lá ar a laghad as 6 lá.

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne Liúntas Cuardaitheora Poist. Caithfidh d'ioncam teaglaigh bheith faoi leibhéal áirithe chun cáiliúl. Tá d'ioncam ó obair measúnaithe mar acmhainní agus beidh tionchar ag an ioncam a fhaigheann tú ón obair ar mhéid an Liúntais Cuardaitheora Poist gur féidir leat a fháil. Beidh tionchar ag anioncam a fhaigheann do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ón obair ar do Liúntas Cuardaitheora Poist freisin. Áfach, ní thógtar suim ioncaim san áireamh. Tugadh air d'acmhainní ón obair.

B'fhéidir go bhfuil tionchar ag foinsí ioncaim nó achmainní ar do Liúntas Cuardaitheora Poist. Breathnaítear anseo ar conas atá tionchar ag ioncam fostaíochta ar Liúntas Cuardaitheora Poist.

Níl Liúntas Cuardaitheora Poist inchánaithe.

Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh agus Liúntas Cuardaitheora Poist

Má tá d'ioncam oibre laghdaithe nó déanann tú obair páirtaimseartha agus leanbh amháin ar a laghad á thacú agat, d'fhéadfá Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) a fháil. Caithfidh tú 19 uair an chloig nó níos mó a oibriú in aghaidh na seachtaine (nó 38 uair an chloig nó níos mó in aghaidh na coicíse) agus caithfidh d'ioncam bheith faoi bhun leibhéil áirithe. Má tá tú ag obair nó ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist, ní féidir leat Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigha fháil. Faigh amach ó d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil nó ó do Lárionad Faisnéise do Shaoránaigh an íocaíocht is fearr duit.

Acmhainní ón obair fhostaíocht a ríomh

Léirímid anseo conas d'ioncam ó fhostaíocht (féinfhostaíocht as áireamh) a ríomh. Faigh amach conas d'ioncam ó fhéinfhostaíocht atá measúnaithe sa doiciméad, Féinfhostaíocht agus dífhostaíocht.

Tuilleamh inmheasúnaithe ó obair

Déantar na heisíocaíochtaí seo a leanas a asbhaint ó d'olltuilleamh chun do thuilleamh inmheasúnaithe a fháil.

Tá 2 chéim chun an tionchar ag an ioncam ón obair ar mhéid do Liúntais Cuardaitheora Poist a ríomh.

Ar dtús, ní mór duit faigh amach an bhfuil tú i dteideal aon Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil - féach 'Cuid 1' thíos. Má tá tú i dteideal roinnt Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil, ansin déan an méid Liúntas Cuardaitheora Poist a bhféadfá a fháil a ríomh - féach 'Cuid 2' thíos.

Cuid 1: Faigh amach an bhfuil tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil

Ar dtús, tá ort faigh amach an bhfuil tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil.

Chun é seo a dhéanamh tóg do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe agus bain €20 in aghaidh an lae do gach lá a d'oibrigh tú suas le huasmhéid de €60 (3 lá). Ansin faigh 60% den iarmhéid. Measúnaítear é seo mar d'acmhainní seachtainiúla.

Tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe - €20 = iomlán x 60% = acmhainní seachtainiúla ón obair.

Gearrtar d'acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtí:

  • Ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh (seachas Sochar Leanaí, Pinsean Míchumais, Liúntas Cúram Baile, íocaíocht chaomhnóra, Liúntas Leasa Forlíontach agus Liúntas Cúramóra leath-ráta)
  • Ar chúrsa FÁS nó SDOG agus ag fáil liúntais oiliúna ina c(h)eart féin

Má tá d'acmhainní seachtainiúla níos lú ná an t-uasráta seachtainiúil do do chúinsí ansin déantar do mheántuilleamh laethúil a ríomh chun ar mhéid iarbhír an Liúntas Cuardaitheora Poist a gheobhaidh tú.

Má tá d'acmhainní seachtainiúla níos mó ná an t-uasráta seachtainiúil do do chúinsí ansin gheobhaidh tú Liúntas Cuardaitheora Poist.

Nóta: Is uasmhéid Liúntas Cuardaitheora Poist do do chúinsí é an uasráta Liúntas Cuardaitheora Poist agus aon méadú le haghaidh duine fásta agus leanbh cáilithe. Má ghearrtar d'acmhainní faoi leath, gheobhaidh tú méadú do duine fásta cáilithe ach gheobhaidh tú leath an ráta den mhéadú do leanbh cáilithe.

Uasráta seachtainiúil Liúntas Cuardaitheora Poist 2011 do dhaoine os cionn aois 25

Ráta pearsanta (iarrthóir) €188 (uasráta)
Méadú Duine Fásta Cáilithe €124.80
Méadú Leanbh Cáilithe €29.80 (ráta iomlán) €14.90 (leath-ráta)

Faigheann daoine faoi 25 bliana d’aois ráta ag brath ar aois le haghaidh Liúntais Chuardaitheora Poist. Áfach, tá roinnt eisceachtaí ann agus d’fhéadfadh le daoine áirithe an ráta LCP níos airde a fháil. Tá tuilleadh eolais maidir le ráta LCP do dhaoine faoi 25 bliana d’aois inár ndoiciméid faoi Liúntais Chuardaitheora Poist.

Cuid 2 Déan an tionchar ag an obair ar mhéid do Liúntais Cuardaitheora Poist a ríomh

Má tá tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil, déan ríomh chun a fhaigh amach cén tionchar a bheidh ag obair ar d'íocaíocht.

1. Déan do mheántuilleamh laethúil a ríomh

Chun do mheántuilleamh laethúil a ríomh faigh do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe iomlán ó fhostaíocht agus roinn faoin líon laethanta a d'oibrigh tú an tseachtain sin.

Tuilleamh seachtainiúil iomlán ÷ líon laethanta oibrithe = meántuilleamh laethúil.

2. Ansin, déan d'acmhainní laethúla ón obair a ríomh

Chun d'acmhainní laethúla ón obair a ríomh, ní mór duit neamhaird a thabhairt ar ioncam ar bith nár cuireadh san áireamh. Is é an t-ioncam nach gcuirtear san áireamh ná €20 do oibrítear. Ansin faigh 60% den iarmhéid. Measúnaítear é seo mar d'acmhainní laethúla.

Meántuilleamh laethúil - €20 = iomlán x 60% = acmhainní laethúla ón obair.

3. Ar fad, faigh amach d'acmhainní seachtainiúla ón obair

Chun d'acmhainní seachtainiúla ón obair a fháil, méadaigh d'acmhainní laethúla faoin líon laethanta. Má oibríonn tú ar an Domhnach, cuir an Domhnach san áireamh sa líon laethanta oibrithe -féach 'obair Dhomnaigh thíos. Má íoctar thú, áfach, as saoire phoiblí agus mura n-oibríonn tú ar an lá sin, beidh sé san áireamh i líon na laethanta a oibríodh - féach 'saoirí poiblí' thíos.

Acmhainní laethúla ón obair x líon laethanta oibrithe = acmhainní seachtainiúla ón obair.

Gearrtar d'acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir:

  • Ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh (seachas Sochar Leanaí, Pinsean Míchumais, Liúntas Cúram Baile, íocaíocht chaomhnóra, Liúntas Leasa Forlíontach agus Liúntas Cúramóra leath-ráta)
  • Ar chúrsa FÁS nó SDOG agus ag fáil liúntais oiliúna ina c(h)eart féin

Obair Dhomhnaigh

Má oibríonn tú ar an Domhnach, tá an chaoi a ndéanann tú d'acmhainní ó fhostaíocht a ríomh difriúil ón gnáth. Ní chuirtear an Domhnach san áireamh mar lá oibre, mar sin ní chuirtear d'acmhainní laethúla ón Domhnach san áireamh maidir le Liúntas Cuardaitheora Poist. Áfach ní mór duit do thuilleamh ó obair Dhomhnaigh a chur san áireamh chun do thuilleamh inmheasúnaithe seachtainiúil a fháil.

Saoirí poiblí

Má oibríonn tú go páirtaimseartha, ní mór do d'fhostóir tú a íoc as na saoirí poiblí nach n-oibríonn tú, ar an gcoinníoll gur oibrigh tú 40 uair a laghad sna 5 seachtaine go díreach roimh sheachtain na saoire poiblí. Tá níos mó eolais ar fáil faoi íocaíochtaí le haghaidh saoirí poiblí inár ndoiciméad ar saoirí poiblí.

Má íoctar thú, áfach, as saoire phoiblí agus mura n-oibríonn tú ar an lá sin, beidh sé san áireamh i líon na laethanta a oibríodh chun d'acmhainní seachtainiúla ón obair a fháil. Ag brath ar d'acmhainní, is féidir leat leanúint de Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil i leith na laethanta eile nach n-oibríonn tú.

An méid Liúntas Cuardaitheora Poist a bhféadfá a fháil:

Bain do acmhainní seachtainiúla ón uasmhéid Liúntas Cuardaitheora Poist do do chúinsí.

Is uasmhéid Liúntas an Chuardaitheora Poist do do chúinsí é an uasráta Liúntas Cuardaitheora Poist agus aon méadú le haghaidh duine fásta agus leanbh cáilithe. Má ghearrtar d'acmhainní faoi leath, gheobhaidh tú méadú do duine fásta cáilithe ach gheobhaidh tú leath an ráta den mhéadú do leanbh cáilithe.

Má tá aon acmhainní eile de bhreis ar acmhainní ón obair agat tógfar siad san áireamh agus beidh tionchar acu ar do Liúntas Cuardaitheora Poist a bhféadfá a fháil:

Bileog oibre

D'fhéadfadh an bileog oibre seo cabhrú leat a dhéanamh acmhainní ón obair do Liúntas Cuardaitheora Poista bheith úsáideach duit chomh maith.

Ioncam ón obair do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir

Sa tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist déantar d'ioncam ó fhostaíocht do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a mheasúnú.

Chun acmhainní ón obair dochéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a ríomh caithfear

  • Bain €20 in aghaidh an lae ó thuilleamh inmheasúnaithe do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir í do gach lá oibrithe suas le huasmhéid de €60 (an Domhnach san áireamh)
  • Ansin faigh 60% den iarmhéid. Déantar é seo a mheasúnú mar a (h)acmhainní seachtainiúla.

Tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe - €20 in aghaidh an lae (uasmhéid de 3 lá) = iomlán x 60% = acmhainní seachtainiúla ón obair.

Gearrtar d'acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir:

  • Ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh (seachas Sochar Leanaí, Pinsean Míchumais, Liúntas Cúram Baile, íocaíocht chaomhnóra, Liúntas Leasa Forlíontach agus Liúntas Cúramóra leath-ráta)
  • Ar chúrsa FÁS nó SDOG agus ag fáil liúntais oiliúna ina c(h)eart féin

Nóta: má ghearrtar d'acmhainní faoi leath, gheobhaidh tú méadú do duine fásta cáilithe ach gheobhaidh tú leath an ráta den mhéadú do leanbh cáilithe.

Ioncam féinfhostaíochta do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir

Déantar ioncam féinfhostaíochta do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a mheasúnú sa tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist.

Caithfidh an measúnú tuar réasúnta a thabhairt d'ioncam do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ón ghnó sna chéad 12 mhí amach romhainn. Glacfar le hioncam sna 12 mhí deiridh mar threoir, ach ceadófar do thosca ar bith a dhéanfadh cúrsaí a athrú. Ba chóir don chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir atá agat a bheith réidh leis na tosca seo a phlé nuair atá measúnú á dhéanamh don Liúntas Cuardaitheora Poist.

Déantar na tuillimh a mheasúnú mar ollioncam lúide na costais a bhaineann le hobair thar tréimhse 12 mhí. Déantar do thuillimh bhliantúla tuartha a roinnt faoi 52 chun d'acmhainní seachtainiúla do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ó fhéinfhostaíocht a fháil.

Níl 'tarraingtí' ar bith a bhaintear ón ghnó incheadaithe mar chostas. Má tá do 'tharraingtí' ón ghnó níos mó ná an leibhéal ioncaim a ríomhtar, déantar 'tarraingtí' a mheasúnú mar ioncam in airgead tirim.

Níl aon liosta uileghabhálacha de chostais uile toisc nádúr agus réim na féinfhostaíochta. Mar sin, is iad na nithe a leanas na príomhchostais incheadaithe sa chuid is mó de chásanna:

  • Ábhair (costais soláthairtí)
  • Costais coinneála mótair (sciar a bhaineann leis an ngnó)
  • Dímheas innealra nó trealaimh
  • Árachas a bhaineann leis an ngnó
  • Teileafón (sciar a bhaineann leis an ngnó)
  • Soilsiú agus téamh (don ghnó agus ní úsáid sa bhaile)
  • Fógraíocht
  • Táillí bainc
  • Stáiseanóireacht
  • Léasú veain
  • Costais saothair
  • Plean pinsean
  • Costais ar bith eile a bhaineann le bainistiú an ghnó.
  • Níl costais reatha teaghlaigh ceadaithe mar asbhaintí in aghaidh bhrabúis ghnó.
  • Ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme S (íoctha nó iníoctha) (Sonraigh má tá ranníocaíochtaí iníoctha nár íocadh, caithfear tuairisc ar leith a dhéanamh leis an Imscrúdaitheoir Leasa Shóisialaigh don ghné seo.)

Chun an leibhéal ioncaim ón ghnó atá ag do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a ríomh caithfidh tú d'admhálacha agus íocaíochtaí (cáipéisíocht a léiríonn airgead ag teacht isteach agus amach ón ghnó atá agat) nó cuntais iniúchta a thabhairt don duine ag déileáil le d'iarratas san Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Tuilleadh eolais

Ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist roimh an 26 Meán Fómhair 2007

Má fuair tú ag fáil Liúntais Cuardaitheora Poist roimh an 26 Meán Fómhair 2007 agus tá Liúntas Cuardaitheora Poist éilithe go leanúnach agat ón 26 Meán Fómhair, déanfar d'ioncam agus ioncam do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a mheasúnú ag baint leasa as an seanthástáil mhaoine agus an tástáil mhaoine nua - gheobhaidh tú an méid is airde. (An seanthástáil mhaoine is ea an tástáil mhaoine a úsáideadh roimh 26 Meán Fómhair 2007. Úsáidtear an tástáil mhaoine nua d'iarratais LCP a fuarthas tar éis 26 Meán Fómhair 2007).

Roimh an 26 Meán Fómhair 2007, bhí tionchar ag ioncam fostaíochta do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ar d'íocaíocht LCP mar a leanas:

Má oibríonn do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir agus go dtuilleann sé/sí €100 comhlán in aghaidh na seachtaine, tá tú i dteideal do mhéadú iomlán dó/di mar dhuine fásta cáilithe. Íoctar liúntas aosaigh cháilithe laghdaithe má tá a t(h)uillimh idir €100 agus €310. Má thuilleann do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir níos mó ná €310 comhlán in aghaidh na seachtaine, ní íocfar aon mhéadú leat dó/di. Má tá leanbh cleithiúnach agat agus go bhfuil tú ag fáil méadú cleithiúnaí linbh i d'íocaíocht, déantar leat den sciar seo má thuilleann do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir níos mó ná €310 in aghaidh na seachtaine.

Go hachomair:

Oibríonn an céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir Pá glan D'íocaíocht
1, 2 nó 3 lá €50 Gan athrú
1, 2 nó 3 lá Níos mó ná €50 Déantar leath de thuillimh ar bith os cionn na suime seo agus déantar é a asbhaint ó d'íocaíocht
4 lá nó níos mó €100 Gan athrú
4 lá nó níos mó Níos mó ná €100 Déantar leath de thuillimh ar bith os cionn na suime seo agus déantar é a asbhaint ó d'íocaíocht

Is féidir le hioncam do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir tionchar a bheith aige ar d'íocaíocht chomh maith.Léigh níos mó anseo faoin dóigh a dhéantar ioncam fostaíochta do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a mheasúnú mar acmhainní agus conas is féidir leis tionchar a bheith aige ar do Liúntas Cuardaitheora Poist.

Úsáidtear do mhéanthuillimh inmheasúnaithe seachtainiúil glan chun d'acmhainní a ríomh. Déantar é seo amach go hiondúil trí do mheánthuilleamh a ríomh don 13 seachtain roimhe sin (nó tréimhse eile má thugann sé sin léiriú níos fearr ar do ghnáthsheachtain oibre). Nuair atá d'ioncam ó fhostaíocht á mheasúnú, déantar na lamháltais a leanas a asbhaint ó d'ollthuillimh chun do thuillimh glan a fháil.

  • ÁSPC (Ranníocaíocht)
  • Dleachtanna ceardchumainn
  • Costais taistil réasúnacha
  • Aoisliúntas nó ranníocaíocht i gciste árachais sláinte príobháideach

Tá an dóigh a dhéantar d'ioncam fostaíochta a mheasúnú ag brath ar cibé an bhfuil cleithiúnaithe linbh agat nó nach bhfuil.

Má tá cleithiúnaí linbh amháin nó níos mó agat agus go bhfuil tú ag obair cuid den tseachtain nuair atá LCP á éileamh, déantar d'acmhainní a mheasúnú mar 60% de do mheánthuilleamh seachtainiúil glan.

Mura bhfuil cleithiúnaithe linbh cáilithe agat, ní thógtar €12.70 de do thuilleamh do gach lá san áireamh, agus déantar neamhaird díobh i do mhéanthuilleamh seachtainiúil glan. Is 60% amháin den fhuílleach a dhéantar a mheasúnú in aghaidh an ráta seachtainiúil LCP.

Níl duine i dteideal an LCP a fháil ach do thréimhsí dífhostaíochta amháin. Is é an íostréimhse go gcaithfidh duine a bheith dífhostaithe chun LCP a fháil ná 3 lá i dtréimhse 6 lá leanúnach.

Roimh 20 Samhain 1996, bhí tionchar ag ioncam fostaíochta do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ar d'íocaíocht LCP mar a leanas:

Baineann an modh a leanas maidir le hacmhainní ó fhostaíocht inárachais a mheasúnú má bhí LCP á fháil agat ar an 20 Samhain 1996 agus gur lean tú ag fáil LCP go leanúnach ina dhiaidh sin, agus má tá an modh measúnaithe seo níos fearr ná faoi mhodh measúnaithe reatha na dtuilleamh oibre. Má tá d'acmhainní athraithe ar chúis ar bith ón 20 Samhain 1996, ní bheidh feidhm leis an ráta sábhála.

Mar seo a leanas a dhéantar d'acmhainní a mheasúnú ag baint leasa as an gClásal Sábhála:

  • Déantar do phatrún fostaíochta a dhéanamh amach (is é sin an líon laethanta a oibríonn tú ar an meán gach seachtain)
  • Déantar meánthuilleamh seachtainiúil glan a dhéanamh amach (.i. olltuilleamh lúide cáin ioncaim, ÁSPC, VHI, BUPA, HSF, aoisliúntas agus dleachtanna ceardchumainn)
  • Ní thógtar méid áirithe de do mheánthuilleamh seachtainiúil glan san áireamh, agus is neamhaird tuillimh a thugtar ar a leithéidí. Aon séú d'uasráta seachtainiúil an Liúntas Cuardaitheora Poist móide €19.05 do gach lá a oibrítear. Má oibríonn tú ar an Domhnach, is €19.05 amháin nach dtógtar san áireamh.
  • Déantar an méid iomlán neamhairde a asbhaint ón tuillimh glan agus breathnaítear ar an bhfuílleach mar d'acmhainní seachtainiúil.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 January 2012

Teanga

English | Polsku

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.