Chun cáiliú don Liúntas Cuardaitheora Poist, caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh. Le tástáil mhaoine, scrúdaíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí d’fhoinsí ioncaim ar fad chun tástáil an dtiteann tú faoi leibhéal áirithe. Gheobhaidh tú Liúntas Cuardaitheora Poist má thiteann siad faoin leibhéal sin. Braitheann méid an Liúntais Cuardaitheora Poist a fhaigheann tú ar an leibhéal ioncaim atá agat.
Sa tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist, déantar d’ioncam teaghlaigh a mheasúnú. Má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag comhchónaí, déantar acmhainní do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a thógáil san áireamh chomh maith.
Uaireanta, ní dhéantar méid áirithe ioncaim nó ioncam ó fhoinsí áirithe a thógáil san áireamh. Is minic a thagraítear d’ioncam nach gcuirtear san áireamh mar "neamhaird ioncaim".
Is féidir le ríomh na tástála maoine don Liúntas Cuardaitheora Poist a bheith casta. Breathnaímid anseo ar mhíreanna ginearálta nach dtógtar san áireamh sa tástáil mhaoine.
Scrúdaíonn an tástáil mhaoine na cineálacha ioncaim a leanas:
Déantar measúnú sa tástáil mhaoine ar an ioncam ar fad in airgead tirim a thuartar a fháil sa bhliain romhainn. Mura bhfuil sé indéanta d’ioncam don chéad 12 mhí eile a mheas, déantar measúnú ar an bhfigiúr trí mhéid an ioncaim sa bhliain roimhe sin a ríomh.
An t-ioncam in airgead tirim a dhéantar a mheasúnú ná:
Ní chuirtear tromlach na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh ná íocaíochtaí Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte san áireamh. Faigh tuilleadh eolais faoi ioncam in airgead tirim nach gcuirtear san áireamh i dtástáil mhaoine.
Mar sin féin, má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á éileamh agat agus do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ag fáil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialta thíosluaite, ní féidir leis an méid iomlán a íoctar libh a bheith níos mó ná an t-uasmhéid a íoctar le duine aonair (lena n-áirítear duine fásta agus leanaí cleithiúnacha) ar íocaíocht leasa shóisialaigh amháin.
| Mar shampla 2011: |
Cáilíonn Paul don Liúntas Cuardaitheora Poist. Faigheann a pháirtí Anna Pinsean Easláinte Roghnaigh Anna agus Paul Pinsean Easláinte Anna mar phríomhíocaíocht seach Liúntas Cuardaitheora Poist Paul mar íoctar an Pinsean Easláinte ag ráta seachtainiúil níos airde. Éilitheoir faoi 65 bliana ar Phinsean Easláinte (PE) €193.50 Gheobhaidh Paul Liúntas Cuardaitheora Poist de €138.10 |
Ní áirítear an teach cónaithe atá agat sa mheasúnú acmhainní murach go bhfuil ioncam á fháil uaidh. Má tá seomra ar cíos agat sa teach, déantar measúnú ar an ioncam sin ach ní dhéantar luach an tí a mheasúnú.
Áirítear maoin (seachas do theach féin), coigiltis agus infheistíochtaí mar chaipiteal. Más úinéir maoine tú (seachas do theach) nó má tá infheistíochtaí nó foirm chaipitil eile agat, déantar an luach a mheasúnú ag baint leasa as foirmle caighdeánach (féach thíos) cibé an bhfuil nó nach bhfuil ioncam á fháil agat ón maoin nó infheistíocht.
I measc na maoine agus na n-infheistithe ar féidir measúnú a dhéanamh orthu faoin gceannteideal seo tá coigilteas i gcuntas bainc (nó aon áit eile), teach a ligeann tú ar cíos agus stoic agus scaireanna. Má dhéanann do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir cuid de d’íocaíocht leasa shóisialaigh a choigilt gach seachtain, cuirfear an coigilteas sin agus coigilteas ó bheagnach gach foinse eile san áireamh mar chuid de do mhaoin.
Seo a leanas an fhoirmle maidir luach an chaipitil a mheasúnú lena n-áirítear do theach (seachas do theach), coigiltis agus infheistíochtaí:
| Caipiteal | Maoin sheachtainiúil measúnaithe |
| An chéad €20,000 | Dada |
| An chéad €10,000 eile | €1 de réir €1,000 |
| An chéad €10,000 eile | €2 de réir €1,000 |
| Iarmhéid (€40,000 +) | €4 de réir €1,000 |
Má tá comhchuntas agat le do chéile nó do pháirtí, tá úinéireacht ag an mbeirt agaibh ar an méid iomlán atá sa chuntas de réir an dlí. Mar sin is féidir measúnú a dhéanamh air ina iomláine i gcoinne na beirte agaibh. Mar sin féin, má tá tú féin agus do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ag fáil íocaíochtaí atá tástáilte ó thaobh maoine, déanfar iad a mheasúnú ar bhonn roinnte nó do dhuine amháin.
| Mar shampla: |
Má tá coigiltis €55,000 agat: Déantar an chéad €20,000 a mheasúnú mar neamhní, €20,000 go €30,000 a mheasúnú mar €10, €30,000 go €40,000 a mheasúnú mar €20, €40,000 agus €55,000 a mheasúnú mar €60. €10 + €20 + €60 = €90 Tugann coigiltis €55,000 acmhainní de €90 in aghaidh na seachtaine. |
Má tá tú 24 bliana d’aois nó faoina bhun agus má tá tú i do chónaí le tuismitheoir nó le leastuismitheoir in áras an teaghlaigh, cuirfear cuid d’ioncam do thuismitheoirí san áireamh nuair atá measúnú á dhéanamh ó thaobh Liúntais Cuardaitheora Poist.
Tugtar measúnú ar 'leas agus pribhléid' ó bheith i do chónaí le do
thuismitheoirí ar an measúnú seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi conas a
dhéantar leas agus pribhléid a mheasúnú i dtástáil mhaoine.
Chun d’acmhainní iomlána a fháil, déantar d’acmhainní a shuimiú le chéile faoi cheannteidil éagsúla (mar shampla, ioncam in airgead tirim, fostaíocht, caipiteal, leas agus pribhléid). Más lánúin phósta, páirtnéireacht sibhialta nó ag maireachtáil i bhfochair a chéile atá i gceist, déanfar d’acmhainní a roinnt faoi leath (féach ‘Lánúineacha’ thíos).
Déantar acmhainní iomlána an teaghlaigh agat a asbhaint ón íocaíocht uasta ansin (féach thíos) chun méid iarbhír an Liúntais Cuardaitheora Poist lena bhfuil tú incháilithe a dhéanamh amach.
Is íocaíocht uasta o thaobh do chúinsí í an ráta pearsanta Liúntais Cuardaitheora Poist lena n-áirítear méaduithe ar bith do chleithiúnaithe aosaigh agus leanaí cleithiúnacha. Áfach má tá tú pósta nó ag maireachtáil i bhfochair a chéile agus roinntear d’acmhainní faoi leath, ní áirítear an méadú do dhuine fásta cáilithe agus ach amháin leath-ráta an mhéadú do chleithiúnaí linbh san íocaíocht uasta o thaobh do chúinsí.
Is féidir le d'aois an uasráta íocaíochta le haghaidh do chúinsí a chinneadh. Tá tuilleadh eolais maidir le ráta LCP do dhaoine faoi 25 bliana d’aois ar fáil inár ndoiciméid faoi Liúntas Chuardaitheora Poist.
Roinntear d’acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir:
Má ghearrtar d’acmhainní faoi leath, ní bhfaighidh tú an méadú le haghaidh duine fásta cáilithe ach is féidir leat méadú leathráta a fháil do gach leanbh incháilithe.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil i dTreoirlínte Oibriúcháin na Roinn Coimirce Sóisialaí faoi:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.