Chun bheith cáilithe le haghaidh íocaíochta cúnaimh shóisialaigh caithfidh tú tástáil mhaoine agus tástáil gnáthchónaithe a shásamh. Is tástáil mhaoine í nuair a scrúdaíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí d'fhoinsí ioncaim go léir chun a fháil amach an dtiteann siad faoi leibhéal áirithe. Má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag comhchónaí, tógtar ioncam do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir san áireamh freisin nuair a chuireann tú iarratas isteach ar íocaíocht cúnaimh shóisialaigh.
Conas a áirítear d'acmhainn agus méid na hacmhainne atá ceadaithe duit athraíonn sí ó íocaíocht go híocaíocht. Uaireanta ní thógtar suim áirithe ioncaim nó ioncam ó fhoinsí ar leith san áireamh. Ioncam nach dtógtar san áireamh tugtar "neamhaird ioncaim" air go minic.
Má tá tú ag fáil íocaíochta árachais shóisialaigh, ní gá duit tástáil mhaoine a shásamh. Mar sin féin, is féidir le hioncam do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir cur isteach ar d'íocaíocht do d'aosach cleithiúnach nó dod' leanbh cleithiúnach. I gcás íocaíochtaí árachais shóisialaigh, nuair atá caipiteal coinnithe i gcomhpháirt idir tú féin agus do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir, meastar gur led' chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a leath den luach. Mar sin, sa tástáil mhaoine ní mheastar ach leath den chaipiteal coinnithe i gcomhpháirt, i dteannta le coigiltí maidir le Ardú d'Aosach Cáilithe nó maidir le Ardú do Leanbh Cleithiúnach. Tá tuilleadh eolais faoin measúnú a dhéantar ar ioncam dhuine fásta cáilithe le haghaidh íocaíochtaí árachais shóisialta le fáil inár ndoiciméad Ag éileamh do dhuine fásta cleithiúnach.
D’fhéadfadh an tástáil maoine do íocaíocht cúnaimh shóisialta a bheith ina próiseas ríofa casta, féachaimid anseo ar roinnt de na míreanna ginearálta a gcuirtear san áireamh sa tástáil mhaoine.
Scrúdaíonn an tástáil mhaoine na cineálacha ioncaim seo a leanas:
Cuireann an tástáil mhaoine an t-ioncam airgid go léir a bhfuil tú ag súil leis sa bhliain seo chugainn san áireamh. I ngníomh, meastar é seo ón bhfíorioncam a fuair tú anuraidh. I measc an ioncaim airgid a mheastar is ea aon ioncam ó fhostaíocht nó ó fhéin-fhostaíocht, chomh maith le ioncam feirme, ioncam ó phinsean slándála sóisialaí ó thír eile agus cothabháil. Léigh anseo le haghaidh eolais bhreise maidir le measúnú cothabhála mar mhaoin.
Ní chuirtear ioncam ó infheistíochtaí nó réadmhaoin san áireamh mar ioncam airgid, ach amháin ioncam ó léas feirme, os rud é go dtugtar iad seo san áireamh faoi cheannteidil eile. Léigh anseo le haghaidh níos mó eolais maidir le hioncam airgid nach bhfuil san áireamh sa tástáil mhaoine.
Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP) á éileamh ag duine de lánúin agus go bhfuil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh atá liostaithe thíos á fháil ag an duine eile acu, ní féidir leis an méid iomlán a íoctar leis an lánúin a bheith níos mó ná an t-uasmhéid a íoctar le duine amháin (cleithiúnaithe san áireamh) ar íocaíocht leasa shóisialaigh amháin. Is féidir leat an íocaíocht ag an ráta níos airde a roghnú mar an bpríomhíocaíocht, áfach.
Ioncam ó fhostaíocht:
Braitheann an chaoi a mheastar d'ioncam ó fhostaíocht nó ó fhéinfhostaíocht ar an íocaíocht a fhaigheann tú. Nuair a bhíonn d'ioncam á mheas baintear na liúntais seo leanas i gcónaí ó d'olltuilleamh.
I gcás féinfhostaíochta:
Tá tuilleadh neamhaird ioncaim maidir le híocaíochtaí aonair, mar
shampla:
Ní thógtar san áireamh €120 in aghaidh na seachtaine ó thuillimh
athshlánúcháin do Liúntas
míchumais agus Pinsean
na nDall.
Tá tuilleadh neamhaird ioncaim freisin do Liúntas Chúramóra, Forlíonadh Cíos, Liúntas Réamhscoir, Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) agus Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.
Tá measúnú ioncaim ó fhostaíocht do Liúntas Cuardaitheora Poist beagáinín níos casta. Léigh anseo le haghaidh eolais maidir le conas a chuireann ioncam ó fhostaíocht isteach ar an Liúntas Cuardaitheora Poist.
Ní féidir ioncam ó obair mar chúntóir baile a chur san áireamh sa tástáil maoine le haghaidh íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe.
De ghnáth ní thógtar cáin ioncam ó d'ioncam fostaíochta ach amháin sa mheasúnú Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh agus sa mheasúnú leasa agus pribhléide le haghaidh Liúntas Cuardaitheora Poist agus sa mheasúnú leasa agus pribhléide le haghaidh Liúntas Leasa Forlíontach.
Níl an teach ina bhfuil cónaí ort san áireamh sa mheasúnú ar do chuid acmhainní mura bhfuil ioncam á fháil agat as. Má tá seomra ar cíos agat sa teach, déantar measúnú ar an ioncam. Mar sin féin, má tá tú ag fáil Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) nó Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) agus mura bhfuil an seomra ar cíos agat ciallaíonn sé go mbeadh tú i do chónaí leat féin, ní dhéantar measúnú ar an ioncam ar chor ar bith.
Má dhíolann tú do theach, chuirfeá fáltais an díolacháin san áireamh de ghnáth. Mar sin féin, má tá tú ag fáil ceann amháin de na híocaíochtaí seo a leanas agus má dhíolann tú do theach chun cóiríocht eile níos oiriúnaí a cheannach nó a chíos nó chun dul isteach i dteach altranais nó bogadh isteach le duine atá ag fáil Liúntas Cúramóra ar do shon, ní chuirfidh an chéad €190,460.71 d'fháltais an díolacháin san áireamh.
Mar sin féin, is féidir fáltais an díolacháin a chur san áireamh má tá do theidlíocht ar fhóirdheontas teach altranais á mheasúnú.
Ioncam ó chaipiteal cuirtear réadmhaoin, coigiltí agus infheistíochtaí san áireamh. Má tá réadmhaoin agat nach úsáideann tú go pearsanta nó má tá infheistíochtaí agat nó aon sórt eile caipitil, meastar a luach ag úsáid foirmle speisialta. B'fhéidir go bhfuil tú nó nach bhfuil tú ag fáil ioncaim ó réadmhaoin nó ó infheistíocht.
An réadmhaoin agus na hinfheistíochtaí gur féidir a mheas faoin gceannteideal seo tugtar coigiltí i gcuntas bainc ( nó in aon áit eile), teach a lig tú ar cíos agus stoic agus scaireanna. Má shábhálann tú nó do chéile cuid de do liúntas leasa shóisialaigh gach seachtain, tógfar na coigiltí seo chomh maith le coigiltí ó bheagnach gach foinse eile san áireamh mar cuid de do mhaoin.
Má tá comh-chuntas agat le do chéile nó do pháirtí, go dlíthiúil is le gach duine agaibh an méid iomlán sa chuntas. Mar sin is féidir é a mheas in aghaidh gach duine agaibh. Mar sin féin, má tá tú nó do chéile nó do pháirtí ag fáil íocaíochtaí tástála mhaoine measfar iad ar bhonn comhroinnte nó in aghaidh duine amháin.
Meastar an luach leis an bhfoirmle seo leanas:
| Caipiteal | Maoin sheachtainiúil measta |
| An chéad €20,000 | Neamhní |
| An chéad €10,000 eile | €1 in aghaidh €1,000 |
| An chéad €10,000 eile | €2 in aghaidh €1,000 |
| Iarmhéid | €4 in aghaidh €1,000 |
Má tá comhchuntas agat le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir, tá úinéireacht ag an mbeirt agaibh ar an méid iomlán atá sa chuntas de réir an dlí. Mar sin is féidir measúnú a dhéanamh air ina iomláine i gcoinne an bheirt agaibh. Mar sin féin, má tá tástáil maoine á dhéanamh ort féin agus ar do chéile nó do pháirtí araon déantar íocaíochtaí a mheasúnú ar bhonn roinnte nó i gcoinne duine amháin díbh.
Más duine de lánúin tú agus go gcuireann tú isteach ar Phinsean Stáit (Neamhranníocach), Phinsean na nDall nó Liúntas Cúramóra déantar do chomhchaipiteal a roinnt faoi leath agus déantar méasúnú ar an méid níos ísle seo ag baint úsáide as an bhfoirmle thuas. I ndiaidh duit an fhoirmle a chur i bhfeidhm déantar an toradh a mhéadú faoi dhó chun d’acmhainní ó chaipiteal a fháil.
| Sampla |
Tá €20,000 i gcoigilteas ag John agus tá €20,000 i gcoigilteas ag a bhean chéile Mary, tá comhchuntas acu chomh maith a bhfuil €10,000 ann. Tá iarratas curtha isteach ag Mary ar Liúntas Cúramóra. €20,000 + €20,000 + €10,000 = €50,000 €50,000 ÷ 2 = €25,000 €25,000 measúnaithe ag baint úsáide as an bhfoirmle thuas = €5 €5 x 2 = €10 Measúnaítear go bhfuil acmhainní caipitiúla seachtainiúla de €10 ag John agus Mary. |
Do dhaoine a bhronnadh stádas dídeanaithe orthu agus a gcónaíonn i
gcóiríocht sholáthair dhírigh, meastar luach seachtainiúil an tsoláthair
dhírigh mar mhaoin. Meastar soláthar díreach mar seo a leanas 2011:
Éilitheoir - €166.90
Aosach cleithiúnach- €105.70
Leanbh cleithiúnach - €20.20 (an leanbh)
Shocraigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) luach seachtainiúil
reatha an tsoláthair dhírigh.
Chun d’acmhainní iomlána a fháil déantar d’ioncam faoi na ceannteidil éagsúla (mar shampla, ioncam airgid, fostaíocht agus caipiteal) a shuimiú le féachaint cén ráta íocaíochta leasa shóisialaigh, más ann dó, ar féidir leat a fháil. Más lánúin phósta tú nó i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag comhchónaí, ansin glactar le d’acmhainní mar leath de na hacmhainní iomlána atá agat féin - féach thíos. Tá an ráta íocaíochta leasa shóisialaigh ar féidir leat a fháil grádaithe ar scála chomhghluaisteach le haghaidh na coda is mó d’íocaíochtaí de réir tástála acmhainne.
Má tá LCP, LR, CF nó LM ar iarraidh nó á fháil agat áfach, beidh d’acmhainní iomlána seachtainiúil dealaithe ón uasráta Liúntais ó thaobh do chúinsí chun ríomh an méid ar féidir leat a fháil.
Nóta: Is íocaíocht uasta o thaobh do chúinsí í an ráta pearsanta Liúntais Cuardaitheora Poist lena n-áirítear méaduithe ar bith do chleithiúnaithe aosaigh agus leanaí cleithiúnacha. Áfach má tá tú pósta nó ag maireachtáil i bhfochair a chéile agus roinntear d’acmhainní faoi leath, ní áirítear an méadú do dhuine fásta cáilithe agus ach amháin leath-ráta an mhéadú do chleithiúnaí linbh san íocaíocht uasta o thaobh do chúinsí.
Má tá tú faoi 25 bliain d'aois agus ag déanamh iarratais ar SCP nó LLF, is féidir d'aois an íocaíocht uasta ó thaobh do chúinsí a chinneadh.
In imthosca áirithe, ní chuirtear ach leath d’achmhainní lánúine san áireamh nuair atá measúnú á dhéanamh orthu ar íocaíocht leasa shóisialaigh.
Acmhainn ó chaipiteal
Más duine amháin de lánúin tú agus má dhéanann tú iarratas ar Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach), Phinsean na nDall nó Liúntas Cúramóra déantar dhá leath de do chaipiteal carnach agus déantar measúnú ar an méid níos ísle seo ag baint úsáide as an bhfoirmle chaighdeánach. Dúblaíltear an méid a thagann amach ó seo chun d’acmhainn ó chaipiteal a fháil - féach 'Caipiteal' thuas.
Acmhainn iomlán
Go ginearálta, más duine de lánúin thú measfar gurb iad d'acmhainn leath de na hacmhainní iomlána agat féin agus ag do chéile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir. Léigh anseo chun sainmhíniú níos mionsonraithe ar lánúin in aontíos.
Mar sin féin, má tá tú ag fáil Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta, Liúntas Réamhscoir nó Cúnamh Feirme déantar dhá leath de d'acmhainn nuair atá do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh amháin (seachas Sochar Leanaí, Pinsean Míchumais, Liúntas Cúram Baile, Liúntas Leasa Forlíontach, Liúntas Cúramóra leath-ráta nó íocaíocht chaomhnóra), nó ar chúrsa FÁS nó SDOG agus ag fáil liúntas ina c(h)eart féin.
Chun teacht ar mhéid iarbhír an LLCF, LR, CF nó LM a gheobhaidh tú, baintear d’acmhainn iomlán tí ón íocaíocht uasta (de ghnáth, is é seo an ráta pearsanta lena n-áirítear méaduithe ar bith do chleithiúnaithe aosaigh agus leanaí). Má déantar dhá leath de d'acmhainn, ní bhfaighidh tú méadú do dhuine fásta cáilithe ach gheobhaidh tú méadú leathráta do gach leanbh cáilithe. Is féidir breis eolais a fháil inár ndoiciméad maidir leis an tástáil acmhainne do Liúntas Lucht Cuardaigh Fostaíochta.
Déan teagmháil leis an rannóg sa Roinn Coimirce Sóisialaí a n-íocann an íocaíocht a bhfuil tú ag cur isteach uirthi.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil i dtreoirlínte Saorála Faisnéise na Roinne faoi:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.