Conas cothabháil a mheas mar acmhainn
- Eolas
- Rialacha
- Conas a mheastar cothabháil do leanbh a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh de réir tástála acmhainne
Eolas
Tá dualgas dlíthiúil ar fhir agus mná a gcuid cleithiúnaithe a chothú. Féadfar cothabháil a íoc go deonach nó tríd na gcúirteanna mar thoradh ar ordú cothabhála. Tá tuilleadh faisnéise ar chothabháil a lorg agus a chur i bhfeidhm. ar fáil sa doiciméad maidir leis orduithe agus comhaontuithe cothabhála.
Ní mór duit tástáil acmhainne a shásamh má tá tú ag déanamh
iarratais ar íocaíocht
leasa shóisialaigh. Tá do foinsí ioncaim go léir (mar shampla
fostaiocht, caipiteal, airgead tirim agus cothabháil) measúnaithe ag an Roinn
Coimirce Sóisialaí. Mínionn an doiciméad seo cothabháil a n-áirítear sa
tástáil acmhainne amháin. Tá tuilleadh eolais faoi foinsí ioncaim agus
conas a mheasúnaítear siad ar fáil sa doiciméad maidir leis an tástáil acmhainne.
Rialacha
Déanfar aon chothabháil a fhaigheann tú a mheas mar acmhainn má dhéanann tú iarratas ar cheann de na híocaíochtaí seo a leanas:
- Liúntas Cuardaitheora Poist
- Íocaíocht idirthréimhseach Liúntas Cuardaitheora Poist
- Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)
- Liúntas Míchumais
- Pinsean na nDall
- Liúntas Réamhscoir
- Cúnamh Feirme
- Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach)
- Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
Meastar ioncam iomlán ó chothabháil mar acmhainn. Áirítear cothabháil duitse agus cothabháil chugatsa le haghaidh duine ar bith de do leanaí araon anseo. Má fhaigheann tú cothabháil ó níos mó ná duine amháin cuirfear é go léir le chéile agus measfar an t-iomlán mar acmhainn.
Má tá tú pósta, cláraithe i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag maireachtáil in aontíos, áfach agus má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ag fáil cothabhála, níl íocaíochtaí a dhéantar go sonrach le haghaidh chothabháil leanaí inmheasta mar acmhainn. Tá an chothabháil go léir inmheasta mura ndéantar an íocaíocht shonraithe a mhiondealú.
Cothabháil nach bhfuil inmheasta
Féadfar d'aisíocaíocht cíosa nó morgáiste d'uasmhéid €95.23 sa tseachtain a fhritháireamh in aghaidh íocaíochtaí cothabhála. Ansin meastar leath an fhuílligh mar acmhainn chun an ráta íocáíochta leasa shóisialaigh atá dlite duit a ríomh. Ní mór duit fianaise a thabhairt ar d'íocaíochtaí cíosa nó morgáiste.
| Sampla |
Tuismitheoir amháin le leanbh amháin ag
fáil cothabháil €150. Sonraíonn ordú cothabhála go
bhfuil €50 don tuismitheoir agus €100 don leanbh. Iomlán Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora €195.42 (ráta Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora: €193 móide €29.80 le haghaidh linbh chleithiúnaigh) |
Ag fáil íocaíocht roimh 2003
Má fuair tú íocaíocht atá liostaithe thuas roimh 2003, féadfaidh tú a cháiliú chun do chothabháil measúnaithe de réir na seanrialacha. Soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí tuilleadh eolais faoi na rialacha seo agus an measúnu cothabhála mar acmhainn.
Conas a mheastar cothabháil i gcomhair Forlíonadh Cíosa agus Forlíonadh Ús Morgáiste
Sna tástálacha acmhainne don Forlíonadh Cíosa agus don Forlíonadh Ús Morgáiste déantar cothabháil a mheasúnú mar ioncam teaghlaigh bhreise (féach thuas) agus déantar íocaíochtaí chothabhála suas go dtí €95.23 in aghaidh na seachtaine a mheasúnú ar an iomlán. Baineann an neamhaird ioncaim teaghlaigh le híocaíochtaí chothabhála os cionn an méid seo.
Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh: Ní thugtar méid áirithe de d'ioncam teaghlaigh san áireamh. Ní thugtar €75 de ioncam teaghlaigh bhreise ar bith san áireamh. Ioncam teaghlaigh bhreise is eaé ioncam ó fhostaíocht pháirtaimseartha nó féinfhostaíocht pháirtaimseartha, Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh (FIT, Fostaíocht Pobail (FP), Liuntas um Fhilleadh ar Obair, Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó cúrsa FÁS. Ní thógtar 25% den ioncam teaghlaigh bhreise os cionn €75 san áireamh freisin. Níl aon uasteorainn ar an méid gur féidir neamhaird a dhéanamh de.
Conas cothabháil a mheas i gcomhair Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh
Má tá tú ag fáil cothabhála, déanfar méid iomlán d’íocaíochta cothabhála (íocaíochtaí do leanaí san áireamh) a mheasúnú mar ioncam i gcomhair Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh (FIT). Ní féidir ach aon íocaíocht FIT amháin a dhéanamh maidir le haon teaghlach. Ciallaíonn sé nach bhféadfaidh an tuismitheoir a bhfuil tú ag fáil cothabhála uaidh/uaithi a bheith ag fáil FIT má dhéanann tú iarratas ar FIT.
Conas a mheastar cothabháil do leanbh a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh de réir tástála acmhainne
Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat, déantar aon chothabháil a íoctar go díreach leatsa nó a íoctar le do thuismitheoir ar do shon a mheas i do choinne mar sochar agus pribhléid. Má íoctar cuid don chothabháilgo díreach leatsa, meastar an chuid seo i do choinne mar airgead tirim agus meastar an fuílleach a íoctar le do thuismitheoir mar sochar agus pribhléid.
Tá cothabháil i bhfoirm airgid thirim ó cheachtar tuismitheoir inmheasta
mar acmhainn má tá Liúntas Míchumais á fháil agat.
