Nuair a chuireann tú isteach ar íocaíocht cúnaimh shóisialaigh nó thástáilte ó thaobh acmhainne, measúnaítear d’ioncam féachaint an bhfuil tú incháilithe. Má tá tú 24 bliana d’aois nó faoina bhun sin agus tú i do chónaí le tuismitheoir nó leastuismitheoir sa teaghlach, cuirfear ioncam na dtuismitheoirí san áireamh freisin. Is éard a thugann an Roinn Coimirce Sóisialaí air seo measúnú ar an ‘sochar agus ar an bpribhléidí a fhaigheann tú as a bheith i do chónaí le do thuismitheoirí.
Dá bharr seo, fiú amháin mura bhfuil aon ioncam agat, is féidir go rachaidh ioncam do thuismitheoirí i bhfeidhm ar mhéad d’íocaíochta leasa shóisialaigh.
B’fhéidir go dtabharfaidh daoine áirithe ‘bia agus leaba’ fós ar
‘shochar agus phribhléid’.
Le go measúnófaí tú le haghaidh sochair agus pribhléide caithfidh tú:
Céim 2, bain na nithe seo a leanas ó ioncam glan do thuismitheoirí chun a gcuid ioncaim inmheasúnaithe a fháil:
Céim 3, nuair a bhíonn ioncaim inmheasúnaithe ríofa agat faigh 34% den ioncam sin. Ní thógtar ach 34% d'ioncam inmheasúnaithe do thuismitheoirí san áireamh agus a mheas mar leas agus pribhléid.
Teaghlach aontuismitheora le ceathrar leanaí. Tá beirt de na leanaí fós ar scoil, tá duine eile acu i bprintíseacht FÁS agus an t-éilitheoir féin ann (sé sin, an duine 24 bliana d'aois nó faoina bhun atá ag cur isteach ar an Liúntas Leasa Forlíontach).
Ioncam glan seachtainiúil na dtuismitheoirí €600
Lúide asbhaintí ó ghlanioncam* €630
Iomlán -€30
*Lúide íocaíochtaí morgáiste seachtainiúla €100 agus neamhaird seachtainiúil do leanaí €60 (€30 x 2 leanaí) agus liúntas caighdeánach seachtainiúil aontuismitheora €470 (€100 + €60 + €470 = €630).
Sa chás seo is lú ioncam an tuismitheora, €600, ná méid iomlán na n-asbhaintí, €630. Ar an ábhar sin meastar gur DADA é ioncam an tuismitheora agus ní chuirfidh sé isteach ar an éileamh ar Liúntas Leasa Forlíontach.
Glacaimid cás teaghlach aontuismitheora sa chás céanna ach 4 leanaí ann. Tá beirt de na leanaí fós ar scoil, tá duine eile acu i bprintíseacht FÁS agus an t-éilitheoir féin ann (sé sin, an duine 24 bliana d'aois nó faoina bhun atá ag cur isteach ar an Liúntas Leasa Forlíontach). Déanaimid ioncam an tuismitheora a mhéadú go €800 in aghaidh na seachtaine agus is mar seo a ríomhtar leas agus pribhléid:
Glanioncam seachtainiúil an tuismitheora €800
Lúide asbhaintí ó ghlanioncam* €630
Iomlán €170
*Lúide íocaíochtaí morgáiste seachtainiúla €100 agus neamhaird seachtainiúil do leanaí €60 (€30 x 2 leanaí) agus liúntas caighdeánach seachtainiúil aontuismitheora €470 (€100 + €60 + €470 = €630).
34% den Iomlán (€170) = €57.80 (a shlánaítear go €58)
Uasíocaíocht Sheachtainiúil an Liúntas Leasa Forlíontach €144 (2011) lúide €58 = €86
Méid an Liúntas Leasa Forlíontach atá iníoctha don éilitheoir = €86
Nóta: faigheann daoine faoi 25 bliana d'aois ráta Liúntas Leasa Forlíontach ag brath ar aois. Tá tuilleadh eolais maidir le rátaí LCP do dhaoine faoi 25 bliana d’aois ar fáil inár ndoiciméid faoi Liúntas Leasa Forlíontach.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.