Nuair a dhéanann tú iarratas ar chúnamh sóisialta nó íocaíocht leasa shóisialaigh tástáilte ó thaobh acmhainne, déantar measúnú ar d'ioncam chun fáil amach an mbeidh tú incháilithe. Má tá tú 24 bhliana d'aois nó níos lú agus tú i do chónaí le tuismitheoir nó le leas-tuismitheoir in áras an teaghlaigh, tógfar ioncam do thuismitheoirí san áireamh freisin. Glaonn an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú ar an 'leas agus pribhléid' a fhaigheann tú ó bheith i do chónaí le do thuismitheoirí air seo.
Ciallaíonn sé seo, cé gur féidir nach bhfuil aon ioncam agat, gur féidir tionchar a bheith ag ioncam do thuismitheoirí ar méid an íocaíochta leasa shóisialaigh a fhaigheann tú. Más rud é áfach nach bhfuil aon acmhainní agat seachas ón leas ó ioncam do thuismitheoirí agus ríomhtar na hacmhainní sin a bheith níos lú ná ráta pearsanta an Liúntais Cuardaitheora Poist, is é an íocaíocht íosta atá tú i dteideal a fháil ná €40.
Is féidir go mbíonn daoine áirithe fós ag tagairt do 'leas agus pribhléid' mar 'cothú agus iostas'.
Le measúnú a fháil le haghaidh leas agus pribhléid caithfidh tú:
Ní dhéanfar tú a mheasúnú le haghaidh leas agus pribhléid má tá tú faoi bhun 25 bliana d’aois ag maireachtáil in éineacht le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir agus i do chónaí le do thuismitheoirí.
Is mar €7 a dhéanfar leas agus pribhléid a mheasúnú má bhí
tú i do chónaí go neamhspleách ar do thuismitheoirí áit éigin in Éirinn
(nó thar lear) ar feadh 3 bliana ar a laghad.
Ó 30 Aibreán 2008 ar aghaidh, úsáidfear bealach nua chun leas agus pribhléid a ríomh i gcás gach éileamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist, bíodh siad sin nua nó ann cheana féin (féach thíos).
Céim 1, cuir ioncam glan do thuismitheoirí óna gcuid foinsí ar fad le chéile. (Is éard atá san ioncam glan ná ioncam comhlán lúide cáin ioncaim, ÁSPC, Muirear Sóisialta Uilíoch, árachas sláinte, aoisliúntas agus táillí ceardchumainn).
Mar shampla, áirítear mar ioncam glan do thuismitheoirí ioncam ó:
Céim 2, bain na nithe seo a leanas ó ioncam glan do thuismitheoirí chun a gcuid ioncaim inmheasúnaithe a fháil:
Measúnú caipitil: Cuimsíonn caipiteal coigiltis, infheistíochtaí agus maoin (seachas do theach cónaithe) go hiondúil. Ní thógtar caipiteal le do thuismitheoirí san áireamh nuair atá measúnú á dhéanamh ar shochar agus ar phribhléid.
Céim 3, nuair a bhíonn ioncaim inmheasúnaithe ríofa agat faigh 34% den ioncam sin. Ní thógtar ach 34% d'ioncam inmheasúnaithe do thuismitheoirí san áireamh agus a mheas mar leas agus pribhléid.
Sampla 1
Teaghlach aontuismitheora le ceathrar leanaí. Tá beirt de na leanaí fós ar scoil, tá duine eile acu i bprintíseacht FÁS agus an t-éilitheoir féin ann (sé sin, an duine 24 bliana d'aois nó faoina bhun atá ag cur isteach ar an Liúntas Cuardaitheora Poist).
Ioncam glan seachtainiúil na dtuismitheoirí €600
Lúide asbhaintí ó ghlanioncam* €630
Iomlán -€30
*Lúide íocaíochtaí morgáiste seachtainiúla €100 agus neamhaird seachtainiúil do leanaí €60 (€30 x 2 leanaí) agus liúntas caighdeánach seachtainiúil aontuismitheora €470 (€100 + €60 + €470 = €630).
Sa chás seo is lú ioncam an tuismitheora, €600, ná méid iomlán na n-asbhaintí, €630. Ar an ábhar sin meastar gur DADA é ioncam an tuismitheora agus ní chuirfidh sé isteach ar an éileamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist.
Sampla 2
Glacaimid cás teaghlach aontuismitheora sa chás céanna ach 4 leanaí ann. Tá beirt de na leanaí fós ar scoil, tá duine eile acu i bprintíseacht FÁS agus an t-éilitheoir féin ann (sé sin, an duine 24 bliana d'aois nó faoina bhun atá ag cur isteach ar an Liúntas Cuardaitheora Poist). Déanaimid ioncam an tuismitheora a mhéadú go €800 in aghaidh na seachtaine agus is mar seo a ríomhtar leas agus pribhléid:
Glanioncam seachtainiúil an tuismitheora €800
Lúide asbhaintí ó ghlanioncam* €630
Iomlán €170
*Lúide íocaíochtaí morgáiste seachtainiúla €100 agus neamhaird seachtainiúil do leanaí €60 (€30 x 2 leanaí) agus liúntas caighdeánach seachtainiúil aontuismitheora €470 (€100 + €60 + €470 = €630).
34% den Iomlán (€170) = €57.80 (a shlánaítear go €58)
Uasíocaíocht Sheachtainiúil an Liúntais Cuardaitheora Poist €144 (2011) lúide €58 = €86
Méid an Liúntais Cuardaitheora Poist atá iníoctha don éilitheoir = €86
Nóta: faigheann daoine faoi 25 bliana d'aois ráta Liúntais Chuardaitheora Poist ag brath ar aois. Tá tuilleadh eolais maidir le rátaí LCP do dhaoine faoi 25 bliana d’aois ar fáil inár ndoiciméid faoi Liúntas Chuardaitheora Poist.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.