Ní mór duit tástáil acmhainne a chomhlíonadh chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht leasa shóisialaigh. Tá do foinsí ioncaim go léir (mar shampla, ioncam (airgead tirim, fostaiocht, caipiteal agus cothabháil) measúnaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí.
De réir reachtaíocht Leasa Shóisialaigh, áfach, ní chomhairtear rudaí
áirithe agus measúnú á dhéanamh ar d'acmhainn le haghaidh íocaíocht
leasa shóisialaigh. Mínionn an doiciméad seo ioncam (airgead tirim) a
n-áirítear sa tástáil acmhainne amháin. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa
doiciméad maidir leis an tástáil
acmhainne.
Seo a leanas an ioncam nach n-áirítear sa tástáil acmhainne do na scéimeanna uile seachas Forlíonadh ar Ioncam Teaghlaigh (FIT), Liúntas Leasa Forlíontach agus Liúntas Cíosa (Ní hionann Liúntas Cíosa agus Forlíonadh Cíosa):
Tá ioncam (airgead tirim ) breise ann, nach n-áirítear sa tástáil acmhainne d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh aonair. Tá tuilleadh eolais a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí i dtaobh ioncam (airgead tirim) breise nach n-áirítear sa tastáil acmhainne d'íocaíochtaí leasa soisialaigh.
De ghnáth ní chuirtear aon íocaíochtaí a dhéanann an RGST san áireamh sa tástáil acmhainne maidir le híocaíocht leasa shóisialaigh. Má éilíonn duine den lánúin an Liúntas Cuardaitheora Poist agus má fhaigheann an duine eile ceann amháin de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh atá ar an liosta thíos áfach, ní féidir leis an méid iomlán a íoctar don lánúin a bheith níos mó ná an t-uasmhéid a íoctar do dhuine amháin (agus cleithiúnaithe san áireamh) ar íocaíocht leasa shóisialaigh amháin. Ina dhiaidh sin is uile, is féidir leat an íocaíocht ar an ráta níos airde a roghnú mar an íocaíocht phríomhúil chun d’uasmhéid a ríomh.
Tá níos mó eolais faoin íocaíocht uasta mar Liúntas Cuardaitheora Poist ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinn Coimirce Sóisialaí.
Déanann tástáil acmhainne iniúchadh ar bhur bhfoinsí ioncaim iomlána (mar shampla ioncaim airgid thirim, fostaíocht, caipiteal agus cothabháil) chun bhur n-acmhainní iomlána a ríomh.
Nuair a dhéantar na hacmhainní iomlána a ríomh maidir le lánúin pósta nó lánúin ag maireachtáil i bhfochair a chéile, ní chuirfear ach leath an mhéid seo san áireamh.
Má fhaigheann tú Liúntas Cuardaitheora Poist, Liúntas
Réamhscoir, Cúnamh Feirme nó Liúntas Míchumais
ní dhéantar bhur gcuid acmhainní a roinnt ina dhá leath ach má fhaigheann
do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir íocaíochtaí leasa
shóisialaigh áirithe, nó má tá sé/sí ar chúrsa FÁS nó VTOS agus
faigheann sé/sí liúntas ina c(h)eart féin. Tá níos mó eolais faoi
lánúineacha inár ndoiciméad faoin tástáil acmhainne.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.