Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Córas Leasa Shóisialaigh na hÉireann > Íocaíocht Leasa Shóisialaigh a Éileamh > Gearradh cánach ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Print Page Send to a Friend

Gearradh cánach ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Eolas

Go hiondúil, gearrtar cáin ar gach ioncam in Éirinn. D'fhéadfadh d'íocaíocht leasa shóisialaigh a bheith inchánaithe nó saor ó cháin. Fiú má tá d'íocaíocht leasa shóisialaigh inchánaithe, tá seans fós ann nach n-íocfaidh tú cáin uirthi.

Má tá tú ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh, gheobhaidh tú Creidmheas Cánach ÍMAT chomh maith leis na gnáth-chreidmheasanna cánach. Dá thoradh, más íocaíocht leasa shóisialaigh an t-aon foinse ioncaim atá agat, ní bheidh cáin le híoc agat toisc nach sáraíonn do dhliteanas cánach do chreidmheasanna cánach.

Íocaíocht leasa shóisialaigh agus ioncam eile

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh chomh maith le foinse eile ioncaim agat, d'fhéadfadh sé go mbeadh cáin le n-íoc aige/aici. Sa chás seo, beidh d’íocaíocht inchánaithe agus d’fhoinse eile ioncaim suimithe. Gearrtar cáin ar an méid iomlán. Níl aon bhealach i bhfeidhm le cáin a ghearradh ar phinsin leasa shóisalaigh ag an bhfoinse, i bhfocail eile, sula n-íoctar an pinsean leat. Braitheann an córas cánach ar an bhfoinse eile ioncaim atá agat.

Mar shampla, má tá íocaíocht leasa shóisialaigh agus pinsean gairme agat, gearrtar cáin air tríd an gcóras ÍMAT air, díreach mar an gcéanna leis an gcóras nuair a ghearrtar cáin ar phá nó tuarastal. Is ionann é seo agus a rá go bhfaigheann tú chreidmheasanna cánach sa ghnáthbhealach. Chun cáin a ghearradh ar an bpinsean leasa shóisialaigh, déantar scoithphointe an ráta chaighdeánaigh a laghdú faoi mhéid an phinsin leasa shóisialaigh agus déantar na creidmheasanna cánach a laghdú faoin dliteanas cánach ar an bpinsean leasa shóisialaigh. Mar sin, is amhlaidh go n-íoctar cáin ar an dá phinsean ach íoctar í tríd an bpinsean ceirde.

Tugtar "códú" creidmheasanna ar an nós seo. Cuirtear an nós imeachta céanna i bhfeidhm má tá ioncam agat ó phost agus má tá pinsean leasa shóisialaigh aige/aici. Muna mbeadh do phinsean leasa shóisialaigh curtha san áireamh sa bhealach seo, bheadh cáin le n-íoc air ina cnapshuim go bliantúil mar dhuine féinfhostaithe faoin 31 mí Dheireadh Fómhair.

Mura n-íocann tú cáin ar an bhfoinse ioncaim eile atá agat tríd an gcóras ÍMAT, cuir i gcás go bhfuil pinsean gairme ó thír thar lear nó ioncam infheistíochta agat, cuirtear tú san aicme féinfhostaithe agus ní mór an cháin a íoc ina cnapshuim go bliantúil roimh 31 Deireadh Fómhair.

Pinsin leasa shóisialaigh nó pinsin slándála sóisialaí ó thír eile

Má tá pinsean slándála sóisialaí ó thír eile agat, is iondúil go bhfuil sé inchánaithe in Éirinn. Ní mór an cháin a íoc go bliantúil mura bhfuil foinse ioncaim eile agat a thiteann faoin gcóras ÍMAT. Tá pinsin eachtrannacha áirithe a bheadh saor ó cháin dá mbeadh faighteoir an phinsin ina chónaí sa tír as atá an pinsean ag teacht agus mar sin tá siad saor ó cháin in Éirinn chomh maith.

Rialacha

Íocaíochtaí leasa sóisialaigh na hÉireann

Go hiondúil, tá Sochar Cuardaitheora Poist inchánaithe, ach tá an chéad €13 sa tseachtain saor ó cháin. Nuair a íoctar Sochar Cuardaitheora Poist le hoibrithe gearrthéarmacha níl sé inchánaithe. Chomh maith leis sin, níl an tArdú do Chleithiúnaí Linbh a íoctar le Sochar Cuardaitheora Poist inchánaithe.

Seachas na cásanna thuasluaite, má tá d'íocaíocht leasa shóisialaigh inchánaithe, beidh méadú ar bith i d'íocaíocht do dhaoine fásta cleithiúnacha agus leanaí cleithiúnacha inchánaithe chomh maith.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh

Liúntas Cuardaitheora Poist Saor ó cháin
Liúntas Réamhscoir Saor ó cháin
Cúnamh Feirme Saor ó cháin
Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) Inchánaithe
Íocaíocht Chaomhnóra (Neamhranníocach) Inchánaithe
Liúntas Cúramóra Inchánaithe
Liúntas Leasa Forlíontach Saor ó cháin
Pinsean Stáit (Neamhranníocach) Inchánaithe
Pinsean na nDall Inchánaithe
Liúntas Míchumais Saor ó cháin
Liúntas Banchéile Thréigthe Inchánaithe
Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora Inchánaithe

Íocaíochtaí árachais shóisialaigh

Sochar Breoiteachta Inchánaithe
Sochar Máithreachais Saor ó cháin
Sochar Uchtála Saor ó cháin
Sochar Sláinte agus Sábháilteachta Saor ó cháin
Pinsean Míchumais Inchánaithe
Pinsean Stáit (Idirthréimhseach) Inchánaithe
Sochar Cuardaitheora Poist agus Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach Inchánaithe (Seachas an chéad €13.00 in aghaidh na seachtaine)
Sochar Cuardaitheora Poist (nuair a íoctar é le hoibrithe gearr-ama) Saor ó cháin
Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) Inchánaithe
Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) Inchánaithe
Sochar Banchéile Thréigthe Inchánaithe
Sochar Cúramóra Inchánaithe
Pinsean Stáit (Ranníocach Inchánaithe
Pinsean Stáit (Ranníocach) Inchánaithe
Liúntas Freastail Leanúnach ( Iníoctha le Pinsean Míchumais) Inchánaithe
Sochar Gortaithe Inchánaithe
Pinsean Sochair Báis Inchánaithe

Scéimeanna eile

Níl an Liúntas um Fhilleadh ar Obair; an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair agus an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas inchánaithe.

Níl íocaíochtaí a dhéanann an CGO faoin Scéim Deiseanna Oiliúna Ghairmoideachais (SDOG) inchánaithe.

Má tá tú i do chónaí i d'aonar, d'fhéadfá méadú ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil. Má tá d'íocaíocht leasa shóisialaigh inchánaithe, tá anMéadú do Mhaireachtáil Aonair inchánaithe. Mura mbíonn d'íocaíocht leasa shóisialaigh inchánaithe, níl do Mhéadú do Mhaireachtáil Aonair inchánaithe.

De ghnáth, níl an Liúntas Cúram Baile agus an Liúntas Breosla inchánaithe.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.