Ranníocaíochtaí árachais shóisialta ón choigríoch a chomhcheangal
Réamhrá
Tá socruithe slándála sóisalaí ag Éirinn le tíortha eile mar a cheadaítear tú do ranníocaíochtaí árachais sóisialaí a íoctar in Éirinn a chomhcheangal le do ranníocaíochtaí árachais sóisialaí a íoctar i dtír eile. Is féidir leis seo a chuidiú leat le bheith incháilithe do íocaíocht árachais sóisialta in Éirinn nó i dtír lena bhfuil socrú slándála sóisialaí ag Éirinn.
Is feidir socruithe slándála sóisialaí atá ag Éirinn le tíortha eile a roinnt go leathan ina ndá ghrúpa:
- Tíortha ata clúdaithe ag rialacháin an Aontais Eorpaigh (AE)/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE)
- Tíortha lena bhfuil Socruithe Slándála Sóisialaí Déthaobhacha ag Éirinn.
Rialacha
Tíortha clúdaithe ag Rialacháin AE/LEE
Tá forálacha slándála sóisialaí ann i ndlí an AE le níos mó ná 30 bliain. Tá siad i Rialacháin (CEE) Uimhreacha 883/2004 agus 987/2009 ina n-ionad.
Is iad na tíortha AE/LEE atá clúdaithe ag na Rialacháin seo ná: an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, an Íoslainn, Éire, an Iodáil, an Laitvia, Lichtinstéin, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Iorua, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn, an Eilvéis, an Ísiltír, an Ríocht Aontaithe (lasmuigh d'Oileáin Mhuir nIocht).
Tá Rialacháin AE/LEE a bhaineann le slándáil shóisialta infheidhmithe leis na daoine a leanas go ginearálta:
- Náisiúnaigh na dtíortha atá clúdaithe ag na Rialacháin.
- Daoine leis an stádas de dhaoine gan stát nó teifigh atá ina gcónaí go buan in aon cheann de na tíortha atá clúdaithe ag na Rialacháin agus a gcleithiúnaithe nó marthanóirí.
Más rud é gur oibrigh tú in Éirinn agus i gceann nó níos mó de stait an AE cuirfear do ranníocaíochtaí árachais sóisialta ó gach stát an AE le do ranníocaíochtaí árachais sóisalta in Éirinn le cuidiú leat a bheith incháilithe do cheann de na híocaíochtaí leasa sóisialta atá liostaithe thíos. I gcás íocaíochtaí áirithe caithfidh do ranníocaíocht árachais sóisialaigh is déanaí bheith íoctha in Éirinn.:
- Sochar tinnis
- Sochar Máithreachais
- Pinsean Easláine
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach)
- Sochar Cuardaitheora Poist
- Sochar Cóireála
- Sochar Cúramora
An méid a íocann gach tír
Má cháilíonn tú le híocaíocht leasa sóisialta ar bhonn ranníocaíochtaí comhcheangailte ó stáit eile, íocann gach stát cion de d'íocaíocht leasa sóisialta.
Tíortha lena bhfuil Socruithe Slándála Sóisialaí Déthaobhacha ag Éirinn
Is socruithe sainiúla iad Socruithe Slándála Sóisialaí Déthaobhacha idir tíortha rannpháirteacha a cheadaíonn daoine le bogadh idir tíortha agus a chosnaíonn a dteidlíochtaí pinsin. Tá Socruithe Slándála Sóisialaí Déthaobhacha ag Éirinn le:
- An Ostair
- Ceanada
- Quebec
- An Astráil
- Stáit Aontaithe Mheiriceá
- An Nua-Shéalainn
- Poblacht na Cóiré
- An tSeapáin
Athchuireadh Socrú Slándála Sóisialaí Déthaobhach na hÉireann leis An
Eilvéis go príomha ag Rialacháin an AE.
Is iad na sochair atá clúdaithe ag socruithe slándála sóisialaí
déthaobhacha ná:
- Pinsean Stáit (Ranníocach)
- Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
- Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach)
Is í an ábharthacht is mó atá ag na socruithe slándála sóisialaí déthaobhacha ná do phinsinéirí a dtéann ar scor chuig Éirinn tar éis dóibh bheith ag obair i gceann de na tíortha liostaithe thuas.
Má tháinig tú ó thír lena bhfuil socrú slándála sóisialaí déthaobhach ag Éirinn, beidh do chearta pinsin ón tír eile cosanta nuair a bhogann tú chuig Éirinn. Is féidir pinsean a bheith agat óÉirinn agus ó cheann amhain nó ó gach ceann de na tíortha eile. Féadtar go mbeidh tú ábalta do chuntais árachais ó Éirinn agus ón tír eile a chomhcheangal le bheith incháilithe le Pinsean Stáit (Ranníocach).
Conas iarratas a dhéanamh
Nuair atá foirm iarratais ar íocaíocht árachais sóisialta in Éirinn á líonadh nó á comhlánadh agat, tá rannán san fhoirm iarratais a iarrann cé acu an raibh tú riamh i bhfostaíocht i dtír eile an AE seachas Éire. Maidir le híocaíochtaí fadtéarmacha iarrfar cé acu an raibh tú riamh i bhfostaíocht i dtír an AE nó i dtír lena bhfuil socrú slándála sóisialaí déthaobhach ag Éirinn.
Iarrfar an fhaisnéis a leanas ort:
- An tír a d'oibrigh tú ann
- Ainm agus seoladh an fhostaitheora ansin
- Na dátaí a d'oibrigh tú ansin
- Agus d'Uimhir Slándála Sóisialaí ansin
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Chun íocaíocht leasa sóisialta a éileamh ba chóir duit an fhoirm chuí a líonadh agus í a chur ar ais chuig An Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá an seoladh fillte priontáilte ar an fhoirm iarratais.
Tá tuilleadh eolais faoi do chuntas árachais sóisialta in Éirinn ar fáil ó:
Rannóg um Taifead ÁSPC
Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire
Teil:(01) 471 5898 (If calling from outside the Republic of Ireland please call +353 1 471 5898)
Lóghlao:1890 690 690 (Note: the rates charged for using 1890 (Lo-call) numbers may vary)
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/
Tuilleadh eolais
An dóigh a dhéantar do ranníocaíochtaí árachais sóisialta ó stáit eile a ríomh
Más rud é gur oibrigh tú i stát eile an AE nó i dtír lena bhfuil socrú slándála sóisialaí ag Éirinn féadtar go gcuideódh na ranníocaíochtaí arachais sóisialta a d'íoc tú ansin leat bheith incháilithe d'íocaíocht árachais sóisialta in Éirinn.
Rialacháin an AE
Faoi rialacháin an AE, go hairithe Rialachán CEE Uimh. 883/2004 (pdf) (1408/71 roimhe seo), ba chóir go ndéanfaí teidlíochtaí a thógtar i stát amháin an AE a aithint agus teidlíochtaí sochair á ríomh i stát eile.
Ba chóir go dtabharfaí foirmeacha U1 (E301 roimhe seo) agus E104 nuair a fhágann tú tír an AE ina raibh tú ag obair. Tá na foirmeacha seo ar fáil ag an ghníomhaireacht slándála sóisialaí ábhartha sa tír óna dtagann tú agus soláthraíonn siad sonraí faoi do chuntas árachais sóisialta. Tá Foirm E104 riachtanach má chuireann tú iarratas isteach ar shochar tinnis agus tá Foirm U1 riachtanach ar chúiseanna sochair dífhostaíochta.
Mar shampla, má tá iarratas á chur isteach agat le haghaidh sochair tinnis, seol cóip de d'fhoirm E104 le d'iarratas ar Shochair Tinnis. Déanfaidh sé próiseáil d'iarratais a luathú. Muna bhfuil foirm U1 agat ó na tíortha ábhartha AE a d'oibrigh tú iontu, nuair a luann tú na tíortha eile a d'oibrigh tú iontú ar d'fhoirm iarratais gheobhaidh An Roinn Coimirce Sóisialaí na sonraí ábhartha duit.
Sula dtiocfaidh tú chuig Éirinn, ba chóir duit seiceáil leis an oifig slándala sóisialaí áitiúil sa tír ina bhfuil tú ag obair maidir leis na doiciméid chuí le tabhairt leat.
Socruithe Slándála Sóisialaí Déthaobhacha
Ní chlúdóidh ranníocaíochtaí a íocadh i stáit lena bhfuil socrú slándála sóisialaí déthaobhach ag Éirinnach amháin íocaíochtaí fadtéarmacha áirithe mar, an Pinsean Stáit (Ranníocach), an Pinsean Easláine, an Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) agus Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach).
Ba chóir go raibh tú i bhfostaíocht inárachais le seachtain amháin ar a laghad in Éirinn chun socrú déthaobhach a bheith infheidhmithe agus (seachas i gcás Íocaíochta Chaomhóra (Ranníocach)) ba chóir íoslíon de 52 seachtain inríofa faoi reachtaíocht na hÉireann a bheith agat. Ma chuireann tú isteach ar cheann de na híocaíochtaí slándála sóisialaí thuasluaite in Éirinn agus má chuireann tú i d'fhoirm iarratais gur oibrigh tú i dtír lena bhfuil socrú slándála sóisialaí ag Éirinn déanfaidh An Roinn Coimirce Sóisialaí na rudaí a leanas:
- Ma tá ranníocaíochtaí slándála sóisialaí go leor agat chun uas-íocaíocht a fháil íocfaidh an Roinn sin agus cuirfidh sí tús, ar do shonsa, le héileamh sa tír eile ina raibh tú ag obair.
- Muna bhfuilI ranníocaíochtaí slándála sóisialaí go leor agat iarrfaidh an Roinn ar do chuntas árachais sóisialta ón tír eile le cuidiú leat bheith incháilithe le haghaidh íocaíochta árachais sóisialta in Éirinn agus cuirfidh sí tús, ar do shonsa, le héileamh sa tír eile ina raibh tú ag obair.
Ciallaíonn sé seo gur féidir leat níos mó ná íocaíocht amháin a fháil; is féidir leat íocaíocht a fháil in Éirinn agus íocaíocht ó thír eile.
Déantar ráta an phinsin nó na híocaíochta, nuair atá ranníocaíochtaí arachais i dtír eile á gcomhcheangal le ranníocaíochtaí in Éirinn, a ríomh mar a leanas:
Céim 1:
Déantar do phinsean barúlach a ríomh. Is é an pinsean barúlach ná ráta
an phinsin Éireannaigh a bheadh iníoctha dá ndéanfaí plé le do
ranníocaíochtaí árachais sóisialta go léir, in Éirinn agus lasmuigh
d'Éirinn ar aon, mar ranníocaíochtaí Éireannacha. Le teacht ar líon na
ranníocaíochtaí bliantúla ar an meán, déantar do ranníocaíochtaí
Éireannacha agus do ranníocaíochtaí ináirithe neamh-Éireannacha a chur le
chéile agus iad a roinnt ansin faoi líon na mblianta (is é sin le rá líon
na mblianta ó d’íoc tú árachas sóisialta den chéad uair go deireadh na
bliana cánach sular shroich tú aois an phinsin (66)).
Céim 2:
Cuirtear an fhoirmle a leanas i bhfeidhm ansin.
(A x B)/C
A = ráta barúlach an phinsin. (féach céim 1 chun ráta
barúlach an phinsin a ríomh.)
B = líon na ranníocaíochtaí Éireannacha.
C = líon iomlán na ranníocaíochtaí (Éireannacha agus coimhthíocha)
Nóta:
Sna socruithe leis An Ostair, An Astráil, Ceanada, Quebec agua an RA, (mar
atá faoi reachtaíocht an AE), nuair a íocadh níos lú ná 52
ranníocaíocht sa tír eile agus nach ndámhtar pinsean sa tír sin, dámhtar
an pinsean Éireannach ar shuim an dá chuntais árachais gan cur i bhfeidhm na
rialach pro-rata.
