Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Córas Leasa Shóisialaigh na hÉireann > Íocaíocht Leasa Shóisialaigh a Éileamh > Aisghabháil íocaíochtaí iomarcacha leasa shóisialaigh

Print Page Send to a Friend

Aisghabháil íocaíochtaí iomarcacha leasa shóisialaigh

Eolas

Má tharlaíonn sé go bhfuair tú íocaíocht iomarcach ar shochar leasa shóisialaigh, gabhfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (freagrach as íocaíochtaí leasa shóisialaigh in Éirinn) i dteagmháil leat. D'fhéadfadh íocaíochtaí iomarcacha a tharlú má íocann an Roinn liúntas, pinsean, cúnamh nó sochar ar bith eile breise leat.

Má fuair tú íocaíocht iomarcach, inseoidh an Roinn duit:

  • Fáth(anna) na híocaíochta iomarcaí
  • An tsuim atá i gceist

Agus

  • An bealach atá á mholadh acu chun an iocaíocht iomarcach a fháil ar ais.

Má tá tusa nó do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh atá bunaithe ar thástáil acmhainne agus ag cur cuid de i dtaisce gach seachtain, tógfar na coigiltis seo chomh maith le coigiltis ó fhormhór na bhfoinsí eile san áireamh mar chuid de d'acmhainní. Tá sé tábhachtach an Roinn Coimirce Sóisialaí a chur ar an eolas faoi na coigiltis seo chun íocaíocht iomarcach agus aisíoc na híocaíochta iomarcaí ina dhiaidh sin a sheachaint.

D'fhéadfadh an dliteanas maidir le híocaíochtaí iomarcacha a aisíoc a bheith fós ann tar éis do bháis. D'fhéadfadh go n-iarrfaí ar d'ionadaí pearsanta na fiacha ó d'eastáit a aisíoc.

Rialacha

An íocaíocht iomarcach a aisíoc

Is féidir leis an Roinn iarraidh ort an íocaíocht iomarcach a aisíoc trí:

  • Íocaíocht amháin a dhéanamh chun an íocaíocht iomarcach iomlán a aisíoc
  • Aisíocaíochtaí seachtainiúla nó míosúla a dhéanamh go dtí go mbeidh an íocaíocht iomarcach aisíoctha
  • Má tá tú fós ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh, trí asbhaint as d'íocaíocht sheachtainiúil (agus trí riaráiste íocaíochta ar bith dlite duit a choinneáil siar).

Agus iad ag socrú an ráta aisíocaíochta, breathnóidh an Roinn ar na rudaí seo a leanas:

  • D'acmhainn chun aisíocaíocht a dhéanamh
  • Fíricí nó cúinsí a bhaineann le ceist na haisíocaíochta a tharraing tú anuas
  • Méid na híocaíochta iomarcaí agus na cúinsí inar tharla sí.

Mura bhfuil sé d'acmhainn agat an íocaíocht iomarcach a aisíoc

Mura bhfuil sé d'acmhainn agat an tsuim a íocadh leat go hiomarcach a aisíoc, b'fhéidir go laghdofaí, go gcuirfí ar athló, nó go gcuirfí siar í. Má fheabhsaíonn do chúinsí ar ball ionas go mbeidh sé d'acmhainn agat an aisíocaíocht a dhéanamh, beidh ort an tsuim atá amuigh ort a aisíoc ag ráta a bhfuil tú ina acmhainn. D'fhéadfadh an Roinn Coimirce Sóisialaí an dlí a chur ar dhuine tríd an gcóras cúirte mar thoradh ar fhaillí in aisíocaíocht íocaíochtaí leasa shóisialaigh in Éirinn.

Cén uair a laghdaítear nó a chuirtear ar ceal aisíocaíocht?

B'fhéidir go laghdófaí nó go gcuirfí íocaíocht iomarcach ar ceal mar gheall ar:

  • Fhaillí an Roinn Coimirce Sóisialaí gníomhú taobh istigh de thréimhse ama réasúnta ar eolas curtha ar fáil agat nó ar do shon.
  • Bhotún a rinne an Roinn - ní thagann sé seo san áireamh ach amháin nuair nach féidir a bheith ag súil go reasúnta go raibh eolas agat faoin mbotún

Má cheapann tú go ndearna an Roinn botún, ba cheart duit aird na Roinne a tharraingt ar an scéal chomh luath agus is féidir.

Más amhlaidh go mbeifeá in ann íocaíochtaí a fháil faoi scéim eile

Má fuair tú íocaíochtaí nach raibh tú ina dteideal faoi scéim leasa shóisialaigh amháin, ach dá mbeifeá i dteideal íocaíochtaí faoi scéim leasa shóisialaigh eile, cuirfear é sin san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoin méid a chaithfidh tú a aisíoc.

Conas iarratas a dhéanamh

Cód cleachtais faoi iocaíochtaí iomarcacha a fháil ar ais curtha ar fáil ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Baineann an Cód Cleachtais seo chomh maith le híocaíocht iomarcach Liuntáis Leasa Fhorlíontaigh.

Tá an Cód Cleachtais seo ar fáil ó d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 January 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.