Is scéim í an Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh a chabhraíonn leo siúd a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe in Éirinn chun costas roinnt billí tí a roinnt amach thar an bhliain uilig. Baintear méid socraithe ó d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh chuile sheachtain faoin scéim seo.
An Post a riarann an scéim. Ní mór duit a bheith ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh áirithe agus caithfear d'íocaíocht a íoc tríd oifig an phoist áitiúil ionas go gcáileoidh tú don scéim. Tá an Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh saor ó tháille.
Ní mór duit a bheith ag fáil ceann amháin de na híocaíochtaí seo a leanas chun cáiliú don Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh:
Seo a leanas an líon teoranta billí is féidir leat a íoc ag úsáid na Scéime Buiséadta Teaghlaigh:
Is iad na soláthraithe seirbhíse thuas amháin atá mar chuid den scéim. Mura bhfuil do sholáthraí seirbhíse sa liosta thuas, ní féidir leat na billí a íoc leis an Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh.
Tabhair ar aird freisin, nach féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh mura bhfuil tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh thuas.
Féadfaidh tú méid iomlán an bhille a íoc má thograíonn tú. Ní féidir leat níos mó ná 25% de d'íocaíocht iomlán sheachtainiúil leasa shóisialaigh a asbhaint leis an Scéim seo. Tá íosmhéid gur gá a asbhaint chuile sheachtain le haghaidh gach bille a íoctar leis an Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh. Cuirfear an asbhaint ó d'íocaíocht i dtreo do bhille a íoc taobh istigh de 4 lá ón uair go bhfaigheann tú an íocaíocht ag oifig an phoist .
Is féidir. Caithfidh tú Foirm Ordaithe nua don Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh a chomhlíonadh chun na hasbhaintí reatha a athrú, agus caithfidh tú an fhoirm a sheoladh chuig an seoladh thíos.
Chun asbhaint a chur ar ceal, caithfidh tú fógra i scríbhinn a thabhairt do An Post 2 sheachtain roimh réidh - féach ar an seoladh thíos. Ná déan dearmad d'ainm, seoladh, uimhir PSP agus sonraí na hasbhainte gur mian leat a chur ar ceal a thabhairt, uimhir an chuntais san áireamh.
Comhlíontar Foirm Ordaithe d' Asbhaint Bhuiséadta Teaghlaigh le haghaidh gach bille gur mian leat íocaíochtaí seachtainiúla a dhéanamh ina treo agus tú ag oscailt cuntais faoin Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh. Seol d'fhoirm chomhlánaithe le 'Saorphost' uirthi (níl stampa ag teastáil) chuig an seoladh thíos. Tá foirmeacha ar fáil go háitiúil san Oifig an Phoist chomh maith.
Tógfaidh sé tuairim agus 28 lá chun d'iarratas ar asbhaintí ó d'íocaíocht leas shóisialaigh a phróiseáil.
Faigh freagraí ar thuilleadh ceisteanna faoin Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh ó An Post ag an seoladh thíos.
Saorphoist
An Post
Ard-Oifig an Phoist
Baile Átha Cliath 1
Éire
Láithreán Gréasáin: http://www.anpost.ie/AnPost
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.