Ag dul thar lear chun bheith i do chónaí nó ar laethanta saoire agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Réamhrá

Is féidir leat íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe Éireannacha a fháil agus tú i do chónaí i dtír eile. Is féidir leat leanúint freisin le híocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh a fháil má tá tú ar saoire thar lear ar feadh tréimhse shonrach ama nó má tá cóir leighis á cur ort thar lear.

Is féidir formhór na n-íocaíochtaí árachais shóisialaigh a íoc leat lasmuigh den stát seo, cé go bhféadfadh go mbraitheann an fad ar an íocaíocht agus do chúinsí. Le híocaíocht chúnaimh shóisialta a fháil, áfach, caithfidh go bhfuil cónaí ort sa Stát.

An Ríocht Aontaithe agus íocaíocht árachais shóisialaigh

D’fhág an RA an AE an 31 Eanáir 2020 - tugadh Brexit air seo go minic. Leantar le teidlíochtaí árachais shóisialaigh sa dá dhlínse a aithint agus a chur ar fáil faoin gCoinbhinsiún ar Slándáil Shóisialach idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe (pdf). Ciallaíonn seo go gcosnaítear cearta saoránach Éireannach a chónaíonn in Éirinn tairbhe a bhaint as ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh a d’íoc siad nuair a d’oibrigh siad sa Ríocht Aontaithe, agus a mhalairt.

Is féidir leat teacht ar liosta íocaíochtaí leasa shóisialaigh Éireannacha atá cumhdaithe ag an gCoinbhinsiún.

Rialacha

Saoirí agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Is féidir leat a fhaide le saoirí 2 sheachtain a ghlacadh gach bliain agus leanfar le d’íocaíocht leasa shóisialaigh a íoc. Caithfidh tú teagmháil a dhéanamh le d’Ionad Intreo áitiúil, Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh nó d’ionadaí sa Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) (ar ar tugadh Oifigeach Leasa Pobail roimhe seo), i gcónaí, áfach, le do theidlíochtaí a sheiceáil sula bpleanálann tú nó sula nglacfaidh tú saoirí. Má bheartaíonn tú saoirí níos faide a ghlacadh nó a bheith thar lear ar feadh tréimhse fhada, b’fhéidir nach n-íocfar d’íocaíocht leasa shóisialaigh.

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh Éireannacha a íoctar lasmuigh den Stát

Má tá cónaí ort lasmuigh de Stát na hÉireann, is féidir na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas a íoc thar lear:

  • Pinsean Easláine
  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Sochar Míthreorach. Ní íoctar méadú an Liúntais Síorfhreastail ach ar feadh a fhaide le 6 mhí. Má tá tú thar lear, áfach, mar gheall go gcuirfear cóir leighis ort, is féidir leat leanúint le Forlíonadh Éagumais a fháil agus déantar measúnú ar na héilimh siúd ar bhonn cás ar chás.
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Sochair Báis faoin Scéim Sochair Díobhálacha Ceirde
  • Deontas Méala

B’fhéidir go leanfar le méaduithe a íoc freisin nuair is é an duine fásta nó an leanbh cáilithe atá as láthair ón Stát. Caithfear leanúint leis na gnáthchoinníollacha spleáchais a shásamh.

Má tá ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo á fháil agat agus má bheidh tú ag dul thar lear ar feadh cúpla seachtain, ní gá duit an Roinn Coimirce Sóisialaí a chur ar an eolas.

Má bheidh tú ag dul thar lear ar feadh tréimhse fhada ama nó má bheidh tú ag bogadh thar lear go buan, caithfidh tú fógra a thabhairt don Roinn. Iarrfar ort fianaise a sholáthar lena chruthú go leanann tú leis na coinníollacha cáilitheacha a shásamh don íocaíocht. Mar shampla, caithfidh nach bhfuil tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta nua nó ag comhchónaí le duine le leanúint le Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach a fháil.

Chun go n-íocfar do shochar leasa shóisialaigh leat thar lear, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an rannóg sa Roinn Coimirce Sóisialaí a íocann d’íocaíocht agus do shonraí cuntas bainc a thabhairt dóibh chun gur féidir leo d’íocaíocht a aistriú go díreach isteach i gcuntas bainc fad a bhíonn tú thar lear. Nuair a dhéantar íocaíocht cheana féin isteach i do chuntas bainc sa Stát, is féidir leanúint le hí a íoc faoi mar a íoctar í nó í a athrú go hinstitiúid airgeadais lasmuigh den tír.

Caithfidh tú an Roinn a chur ar an eolas i gcónaí ar asláithreacht bhuan nó shealadach ón Stát agus do sheoladh teagmhála thar lear a thabhairt.

Íocaíochtaí a dhéantar thar lear i gcásanna teoranta

Is féidir Sochar Díobhála a íoc thar lear má tá cóir leighis fhaofa á cur ort.

Is féidir Sochar Breoiteachta a íoc ar feadh 4 seachtaine, ar a fhaide, fad a bhíonn tú ar saoire i dtír atá cumhdaithe ag Rialacháin an AE agus 3 seachtaine i dtíortha eile. Is féidir leat leanúint le Sochar Breoiteachta a fháil má théann tú chun cónaí i dtír eile atá cumhdaithe ag Rialacháin an AE. Caithfidh tú leanúint leis na critéir cháilitheacha go léir do Shochar Breoiteachta a shásamh go fóill, lena n-áirítear teastais dochtúra a sheoladh chuig an RCS. Má théann tú chun cónaí i dtír eile atá cumhdaithe ag Rialacháin an AE agus má thagann breoiteacht ort, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta ó Éirinn má d’íoc tú do ranníocaíocht árachais dheireanach in Éirinn nó má bhí Sochar Cuardaitheora Poist á fáil agat in Éirinn sula ndeachaigh tú thar lear. Ní íoctar Sochar Breoiteachta i dtíortha nach bhfuil cumhdaithe ag Rialacháin an AE. Má théann tú go tír nach bhfuil cumhdaithe ag rialacháin an AE chun cóireáil fhaofa a fháil, áfach, is féidir tosú arís le d’íocaíocht a íoc nuair a fhilleann tú.

Is féidir Sochar Cúramóra a íoc má dhéanann tú an duine a thionlacan a bhfuil cúram á sholáthar agat dóibh thar lear chun cóir leighis a fháil. Is féidir leat dul thar lear freisin ar sos faoisimh ar feadh 3 seachtaine ar a fhaide. Is féidir Sochar Cúramóra a íoc má tá cúram agus aird lánaimseartha á soláthar agat do dhuine eile san AE, chomh fada agus a shásaíonn tú na coinníollacha cáilitheacha do Shochar Cúramóra.

Is féidir le saoránaigh an AE/an LEE agus na hEilvéise Sochar Máithreachais nó Sochar Uchtaíoch a fháil d’aon tréimhse dá saoire mháithreachais nó saoire uchtaíoch a chaith siad i dtír eile an AE/an LEE (an Eilvéis san áireamh). Is féidir leat taisteal lasmuigh den AE/an LEE agus an Eilvéis freisin agus Sochar Máithreachais nó Sochar Uchtaíoch a fháil ar feadh 6 seachtaine, ar a fhaide.

Is féidir le saoránaigh thíortha seachas an AE/an LEE agus an Eilvéis taisteal áit ar bith thar lear agus Sochar Máithreachais nó Sochar Uchtaíoch a fháil ar feadh 6 seachtaine, ar a fhaide.

Chun go n-íocfar Sochar Máithreachais nó Sochar Uchtaíoch leat fad a bhíonn tú thar lear, caithfidh tú fógra a thabhairt don Roinn sula dtaistealóidh tú

Is féidir Sochar Atharthachta a íoc thar lear le saoránaigh AE agus neamh-AE saoránaigh ar feadh 2 sheachtain, ar a fhaide. Caithfidh tú an Roinn a chur ar an eolas sula dtaistealóidh tú.

Má tá tú ag oibriú i mballstát eile an LEE, b’fhéidir go gcáileoidh tú do shochar, má leanann tú de bheith faoi árachas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh Éireannacha.

Is féidir Sochar Cuardaitheora Poist (SCP) agus Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) a aistriú chuig ballstát eile an LEE ar feadh a fhaide 13 seachtaine (78 lá), má tá obair á cuardach ansin agat. Caithfidh go bhfuil Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat ar feadh 4 seachtaine sular féidir leat é a aistriú chuig ballstát eile an LEE (is féidir an riachtanas seo a tharscaoileadh i gcásanna áirithe). Ón 1 Bealtaine 2010, tháinig Rialacháin nua an AE i bhfeidhm a chiallaíonn go n-íocfar do Shochar Cuardaitheora Poist go díreach leat má dhéanann tú iarratas ar do Shochar Cuardaitheora Poist a aistriú. Má tá Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (MDFC) nó Méaduithe do Leanaí Cáilithe (MLC) á n-íoc, leantar leo seo a íoc leat ar an ngnáthbhealach (cibé acu má thaistealaíonn nó mura dtaistealaíonn do chleithiúnaithe leat thar lear).

Tá tú cláraithe go fóill le seirbhísí fostaíochta na tíre ar thaistil tú chuige le hobair a aimsiú laistigh de sheachtain. Má tá tú ag fágáil na hÉireann chun bogadh go Tuaisceart Éireann nó an Bhreatain, eiseoidh d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh Foirm U2 duit (tugadh Foirm E303 air roimhe seo) agus tugann tú an fhoirm seo leat go dtí seirbhísí sóisialacha an RA. Má bhogann tú go tír eile san AE, seolfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí foirm U2 chuig do sheoladh nua sa tír AE sin. Is féidir leat d’íocaíocht SCP a aistriú níos mó ná uair amháin fad a bhíonn tú dífhostaithe ar choinníoll nach sáraíonn tú an uasteorainn 13 seachtaine.

Má tá tú SCP á éileamh agat, is féidir leat méaduithe do do dhuine fásta agus do leanaí cáilithe, a bhfuil cónaí orthu i mballstát eile an LEE, a éileamh.

Is féidir íocaíochtaí Cuardaitheora poist a íoc freisin nuair a fhilleann tú ó ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn i gcáil amaitéarach ag imeacht spóirt idirnáisiúnta. Caithfidh tú deimhniú scríofa a fháil maidir leis an spórt agus an t-am a ghlacfaidh sé ó chomhlacht rialaithe an spóirt.

Ní íoctar na híocaíochtaí seo a leanas lasmuigh den Stát:

  • Liúntas Banchéile Thréigthe
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach)
  • Liúntas Banchéile Príosúnaigh
  • Liúntas Leasa Forlíontach
  • Sochar Sláinte agus Sábháilteachta

Ní gnách go n-íoctar Forlíonadh Cíosafad a bhíonn tú lasmuigh den tír. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach a dhéileálann le d’éileamh má bheartaíonn tú an tír a fhágáil, fiú mura mbeidh ach asláithreacht ghearr i gceist. Is féidir íocaíocht a dhéanamh faoi chúinsí áirithe le haghaidh asláithreacht ghearr ón tír, cosúil le saoirí etc., má chomhaontaíonn an t-oifigeach atá ag déileáil le d’éileamh leis.

Ní íoctar na híocaíochtaí seo a leanas má bhíonn tú lasmuigh den Stát ach bíonn roinnt eisceachtaí ann, ag brath ar do chúinsí

Is féidir Sochar Banchéile Thréigthe a íoc ar feadh a fhaide le 3 seachtaine.

Is féidir Liúntas Cúramóra a íoc má dhéanann tú an duine a thionlacan a bhfuil cúram á sholáthar agat dóibh thar lear chun cóir leighis a fháil. Is féidir leat dul thar lear freisin ar sos faoisimh ar feadh 3 seachtaine ar a fhaide.

Is féidir Liúntas Míchumais a íoc má tá staidéar á dhéanamh agat ar chúrsa faofa lasmuigh den Stát faoin Scéim Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas nó má tá cóir leighis á cur ort nach bhfuil ar fáil in Éirinn. Caithfidh tú fógra a thabhairt don Roinn agus cruthúnas a sholáthar maidir leis an gcóir leighis nó an t-oideachas. Faoin reachtaíocht, níl aon teidlíocht agat go n-íocfar Liúntas Míchumais leat fad a bhíonn tú ar saoire. Is féidir Liúntas Míchumais a íoc leat i gcleachtas, áfach, ar feadh 2 sheachtain fad a bhíonn tú ar saoire thar lear. Ba cheart duit an Roinn Coimirce Sóisialaí a chur ar an eolas sula dtéann tú ar saoire.

Is féidir Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora agus Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist a íoc ar feadh a fhaide le 3 seachtaine fad a bhíonn tú ar saoire thar lear. Caithfidh tú an Roinn a chur ar an eolas roimh ré go mbeidh tú ag dul thar lear.

Má tá Pinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach), Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) agus Pinsean na nDall á fháil agat, is féidir leat dul thar lear faoi chúinsí eisceachtúla ar feadh tréimhse theoranta agus déanfaidh an Roinn athbhreithniú ar do theidlíocht nuair a fhillfidh tú. Caithfidh tú an Roinn a chur ar an eolas sula bhfágfaidh tú an Stát. Má tá Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) nó Pinsean na nDall á fháil agat agus má chuireann tú fút i dTuaisceart Éireann, beidh an pinsean le híoc go dtí go mbeidh teideal agat dá macasamhail d’íocaíocht ó Thuaisceart Éireann nó ar feadh tréimhse 5 bliana, pé tréimhse is giorra.

Is féidir Sochar Linbh a íoc le hoibrithe deonacha forbartha agus le comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann nó Státseirbhís na hÉireann atá ag fónamh thar lear. Is féidir é a íoc freisin má tá tú ag oibriú thar lear le fostóir Éireannach agus má tá ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh Éireannacha á n-íoc agat.

Eolas breise

Chun teacht ar eolas breise faoi d’íocaíocht leasa shóisialaigh a aistriú thar lear, nó faoi dhul ar saoirí fad a bhíonn íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat, déan teagmháil leis an rannóg sa Roinn Coimirce Sóisialaí a íocann d’íocaíocht leasa shóisialaigh nó d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Meán Fómhair 2022