Má cháilíonn tú d'íocaíocht leasa shóisialaigh faigheann tú méid duit féin. Glaoitear ráta pearsanta íocaíochta air seo. D'fhéadfá ardú breise a fháil do do leanbh ar a nglaoitear Méadú do Leanbh Cáilithe agus do do chleithiúnaí aosaithe ar a nglaoitear méadú do dhuine fásta cáilithe.
Má tá tú ag fáil ag fáil ceann de na híocaíochtaí seo a leanas ní bhfaighidh tú Méadú do Leanbh Cáilithe.
Déanann an doiciméad seo cur síos an cás arbh fhéidir leat ardú ar d'íocaíocht phearsanta do do leanbh cleithiúnaí a fháil.
Chun cáiliú d'Ardú do Chleithiúnaí Linbh caithfidh do leanbh a bheith cónaitheach sa stát, gan a bheith i gcoimeád dlíthiúil, coinníoll aoise don íocaíocht sin a shásamh agus a bheith ag cónaí leat.
Is leanbh atá i 'gcleithiúnaí linbh' suas go dtí 18 bliana d'aois go hiondúil agus a chónaíonn leat. Má tá do leanbh ag obair, is féidir leat fós Ardú do Chleithiúnaí Leanaí a éileamh. Ní bhfaighidh tú Ardú do Chleithiúnaí Linbh, áfach, má tá íocaíocht leasa shóisialaigh nó íocaíocht Fheidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag do leanbh ina c(h)eart féin, lasmuigh den Liúntas Leasa Forlíontach.
Má tá do leanbh 18 mbliana d'aois nó níos sine, is féidir leat leanúint ag fáil an Ardaithe do Chleithiúnaí Linbh ar feadh trí mhí tar éis dó/di oideachas dara leibhéal a fhágáil nó an Ardteistiméireacht a chríochnú.
Má tá tú ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh fhadthéarmaigh agus do pháiste in oideachas lánaimseartha, íocfar Ardú do Chleithiúnaí Linbh suas go dtí 22 bliain d'aois nó suas go dtí deireadh na bliana acadúla ina sroicheann sé/sí 22.
Má tá tú ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh ghearrthéarmaigh ar feadh 156 lá ar a laghad gus do pháiste in oideachas lánaimseartha, íocfar Ardú Cleithiúnaí Linbh suas go dtí 22 bliain d'aois nó suas go dtí deireadh na bliana acadúla ina sroicheann sé/sí 22. Is féidir am atá caite ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile a chur le chéile chun an 156 lá a bhaint amach, ach ní féidir leis an spás idir aon dhá íocaíocht a bheith níos mó ná 26 seachtaine. Cibé ar bith, ní féidir leis an spás idir na híocaíochtaí Liúntas Cuardaitheora Poist a bheith níos faide ná 52 seachtain.
Ní chuimsíonn oideachas lánaimseartha oiliúint atá soláthraithe ag FÁS áit atá liúntas íoctha nó ina bhfuil an tréimhse thaithí oibre níos mó ná an tréimhse oiliúna nó treorach nó áit a chuimsíonn oiliúint páirt de chlár fostaíochta nó taithí oibre. Eisceacht amháin is ea Youthreach.
Má bhí tú ag fáil Liúntais do Lucht Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist ar feadh 12 mí ar a laghad agus ráta iomlán Ardaithe Cleithiúnaí Linbh, is féidir leat leanúint ag fáil d'ardú cleithiúnaí linbh do 13 seachtain ma thógann tú obair ar bord a bhfuil súil go mairfidh sí 4 seachtain ar a laghad. Ní bhaineann sé seo le hobair shéasúrach nó le Fostaíocht Phobail.
Má tá tú incháilithe d'Ardú do Chleithiúnaí Linbh 13 seachtaine leanúnach agus incháilithe chomh maith do Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh is féidir leat roghnú go níocfaí Ardú Cleithiúnaí Linbh leat don 13 seachtain seachas Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh má tá sé seo níos tairbhiúla.
Gheobhaidh tú an ráta iomlán Ardaithe Cleithiúnaí Linbh má cháilíonn tú do Liúntas Duine Fásta Cháilithe do do chéile/pháirtí nó más tuismitheoir aonair tú.
Ní bhfaighidh tú ach leath an ráta Ardaithe do Chleithiúnaí Linbh má tá ioncam de €310 nó níos mó in aghaidh na seachtaine seachtain ag do chéile/pháirtí, nó íocaíocht leasa shóisialaigh ina c(h)eart féin. Má tá tú féin agus do chéile/pháirtí araon ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh, gheobhaidh tú leath an Ardaithe do Chleithiúnaí Linbh.
Ni bheidh tú ag fáil Ardú do Chleithiúnaí Linbh má tá tú ag éileamh Sochar Breoiteachta nó Sochar Cuardaitheora Poist agus má tá ollioncam do chéile nó do pháirtí os cionn €400.
| Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh | Ardú do Chleithiúnaí Linbh Leath-Ráta | Ardú do Chleithiúnaí Linbh Ráta Iomlán |
Pinsean Stáit (Idirthréimhse), Pinsean
Stáit (Ranníocach), Pinsean Easláinte, Pinsean Baintrí, Baintrí
Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach), Sochar
Banchéile Thréigthe, |
€14.90 ó Eanáir 2011 | €29.80 ó Eanáir 2011 |
Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, |
€14.90 ó Eanáir 2011 | €29.80 ó Eanáir 2011 |
Má tá tú incháilithe d'Ardú Cleithiúnaí Linbh le Liúntas Leasa Forlíontach, gheobhaidh tú ráta iomlán an Arduithe Cleithiúnaí Linbh. Níl Ardú do Chleithiúnaí Linbh iníoctha le Liúntas Leasa Forlíontach.
Chun Ardú do Chleithiúnaí Linbh a fháil, caithfidh tú sonraí a thabhairt faoi do chleithiúnaí linbh ar d'fhoirm éilimh nuair atá tú ag déanamh éilimh ar íocaíocht leasa shóisialaigh. Mura ndearna tú éileamh dod' chleithiúnaí linbh ag an am go ndearna tú d'éileamh, déan teagmháil leis an rannóg den Roinn Coimirce Sóisialaí a íocann d'íocaíocht leasa shóisialaigh.
Cuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí uimhir teileafóin Lóghlao ar fáil; is costas ghlaoch áitiúil a ghearrfar ort ar an nglaoch.
Lóghlao: 1890 500 000
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.