Má tá tú i dteideal íocaíochta leasa shóisialaigh, faigheann tú méid duit féin, ar a dtugtar an ‘ráta pearsanta íocaíochta’. D'fhéadfá méid breise a fháil do do chleithiúnaí fásta chomh maith, a íoctar sa bhreis ar d’íocaíocht phearsanta. De ghnáth, is do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir é an cleithiúnaí fásta. Is é comhchónaitheoir duine de bheirt daoine fásta (cé acu an lánúin chomhghnéis iad nó lánúin den ghnéas eile iad) atá ina gcónaí le chéile mar lánúin i ndlúthchaidreamh tiomanta ach nach dlúthghaolta iad.
Ní gá go mbíonn an duine go hiomlán spleách ort (mar shampla, d'fhéadfaidís bheith ag oibriú agus ag tuilleamh nó d'fhéadfaidís ioncam bheith acu ó fhoinsí eile) agus déanfar measúnú ar aon ioncam a bheidh acu i dtástáil mhaoine.
Chun ‘Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe’ (MDFC) a fháil, caithfidh do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir na coinníollacha atá leagtha síos ag an Roinn Coimirce Sóisialaí a chomhlíonadh - féach ‘Rialacha’ thíos. Má tá leanaí cleithiúnacha agat, suas go dtí aois 22 bliain d'aois, d'fhéadfá cáiliú do Mhéadú do Chleithiúnaí Linbh.
Ní mór duit íocaíocht phearsanta leasa shóisialaigh a bheith á fáil agat chun Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe a éileamh. Ní féidir le do chleithiúnaí aosaigh íocaíocht leasa shóisialaigh a bheith acu as a stuaim féin, seachas i gcás:
Maidir leis an gcuid is mó d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh, caithfidh do chleithiúnaí aosaigh olltuilleamh nó ioncam seachtainiúil (roimh cháin agus asbhaintí ÁSPC) níos lú ná €100 a bheith acu. Má tá do chleithiúnaí aosaigh ag tuilleamh níos lú ná €100, gheobhaidh tú Méadú iomlán i leith Duine Fásta Cáilithe (IQA). Má tá do chleithiúnaí ag tuilleamh idir €100 agus €310 gheobhaidh tú ráta laghdaithe IQA. Má tá do chleithiúnaí aosaigh ag tuilleamh níos mó ná €310, ní bhfaighidh tú IQA.
Is éagsúil do na rialacha don Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP), Liúntas Réamhscoir (LR), Liúntas Míchumais (LM) agus Cúnamh Feirme (CF). Do na híocaíochtaí seo, déantar d’ioncam teaghlaigh a mheasúnú i dtástáil mhaoine. Asbhaintear do mhaoine iomlána teaghlaigh ansin ón íocaíocht uasta (seo an ráta pearsanta, lena n-áirítear aon mhéaduithe i leith cleithiúnaithe aosaigh agus linbh) leis an tsuim chruinn den LCP, LM nó CF a dheimhniú a bhfuil tú ina dteideal.
Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh ag do chéile, páirtnéir sibhialta nó ag do chomháititheoir (féach na heisceachtaí thuas) as a stuaim féin nó má tá siad ag freastal ar chúrsa FÁS nó VTOS agus má tá liúntas á fháil acu as a stuaim féin, ní féidir leat IQA a fháil ar a son ach is féidir leat méadú leathráta i leith gach linbh cháilithe a fháil.
Má tá tú scartha ach ag tabhairt íocaíocht sheachtainiúil cothabhála de €124.80 (suim reatha an Mhéadaithe i leith Duine Fásta Cáilithe le haghaidh an Liúntais Chuardaitheora Poist) ar a laghad do do chéile nó do pháirtnéir sibhialta in aghaidh na seachtaine, is féidir leat ‘Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe’ a fháil chomh maith le d'íocaíocht phearsanta leasa shóisialaigh. Ní féidir le do chéile nó do pháirtnéir sibhialta a bheith ina c(h)ónaí le duine eile. Chun ráta iomlán an Mhéadaithe i leith Duine Fásta Cáilithe a fháil, ní féidir ioncam seachtainiúil os cionn €100 a bheith ag do chéile nó do pháirtnéir sibhialta gan cothabháil a chur san áireamh. Má tá ioncam do chéile nó do pháirtnéara shibhialta idir €100 agus €310, d'fhéadfá ráta laghdaithe an Mhéadaithe i leith Duine Fásta Cáilithe a fháil. Níl ráta laghdaithe an Mhéadaithe i leith Duine Fásta Cáilithe ar fáil i dtaca le LCP, LR, LM ná CF - féach thuas.
Má tá tú singil, i do bhaintreach, i do bhaintreach fir, scartha, i d’iar-pháirtnéir sibhialta nó mura bhfuil i do chónaí in éineacht le do pháirtnéir agus i do chónaí in éineacht le duine atá 16 bliana d’aois nó os a chionn nach bhfuil ioncam seachtainiúil os cionn €100 aige/aici, is féidir leat an Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe a éileamh dóibh chomh fada is atá sé/sí ag tabhairt aire do leanaí cleithiúnacha de do chuid.
Má tá do chleithiúnaí aosaigh ag tuilleamh idir €100 agus €310 gheobhaidh tú ceann laghdaithe. Más duine scartha tú, ní féidir leat a bheith ag cónaí leis/léi nó cothabháilte go hiomlán ag do chéile. Níl aon rátaí laghdaithe MDFC do LCP, LR, LM agus CF (féach thuas).
Má tá tú ag fáil íocaíochta cúnaimh shóisialta, tógtar ioncam do le chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir sa tástáil mhaoine do d'íocaíocht.
Má tá tú ag fáil íocaíochta cúnaimh shóisialta, déantar ioncam do dhuine fásta cleithiúnach a mheasúnú sa tástáil acmhainne dod' íocaíocht.
Déantar ioncam dhuine fásta cleithiúnach a mheasúnú i gcomhair íocaíochtaí árachais shóisialta mar seo a leanas:
Fostaíocht agus féinfhostaíocht
Déantar meánioncam seachtainiúil do chéile, páirtnéara shibhialta nó comhchónaitheora ó fhostaíocht nó ó fhéinfhostaíocht a mheasúnú (déantar an t-ollioncam seachtainiúil a mheasúnú, ní cheadaítear asbhaintí i gcomhair cánach, ranníocaíochtaí ÁSPC nó costais phearsanta). Má íoctar leis an duine ar bhonn míosúil, déantar an mheáníocaíocht sheachtainiúil thar thréimhse an dá mhí roimhe a áireamh. Má íoctar leis nó léi go seachtainiúil nó gach coicíse, úsáidtear an mheáníocaíocht sheachtainiúil thar na sé seachtaine roimhe sin.
Chun íocaíocht ó fhéinfhostaíocht a ríomh, roinntear an t-ioncam a fuarthas sa bhliain cánach iomlán seo caite ar 52 chun an meánioncam seachtainiúil a fháil.
Caipiteal
Déantar ioncam ó chaipiteal, mar shampla, maoin, coigilteas agus infheistíochtaí, a mheasúnú chomh maith.
Nuair atá caipiteal agat i gcomhpháirt le duine eile, déantar é a mheasúnú ar bhonn go bhfuil leath den luach ag do chéile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir,
Tá tuilleadh eolais maidir leis an gcaoi a ndéantar caipiteal a luacháil ar fail inár gcáipéis Caipiteal agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Ioncam ó fhoinsí eile
Clúdaíonn ioncam ó fhoinsí eile ioncam cíosa ó mhaoin atá ligthe ar cíos, ioncam ó phinsean ceirde, íocaíochtaí leasa shóisialaigh eachtracha, ioncam ó chiste iontaobhais, ioncam faoi ghníomhas cúnaint, ioncam airgead tirim eile, srl.
Ríomhtar é ar bhonn seachtainiúil.
Ní thógtar na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas san áireamh mar ioncam:
Má cháilíonn tú do mhéadú san íocaíocht leasa shóisialaigh do chleithiúnaí aosaigh, íocfar seo go díreach leat mar chuid den phríomhíocaíocht. Mar sin féin, má thoilíonn an dá pháirtí, is féidir an Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe a íoc díreach leis an gcleithiúnaí aosaigh.
I gcásanna áirithe, má tá deacrachtaí sa bhaile (mí-úsáid alcóil mar shampla), is féidir le cleithiúnaí aosaigh níos mó ná an Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe a fháil íoctha go díreach leis/léi gan toiliú uait agus mar thoradh ar fhiosrúchán a rinne Cigire Leasa Shóisialaigh.
Má dhéanann tú iarratas ar Phinsean Stáit (Idirthréimhseach), Pinsean Stáit (Ranníocach) nó Pinsean Stáit (Neamhranníocach) tar éis an 24 Meán Fómhair 2007, déanfar an Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe a íoc díreach leis an gcleithiúnaí aosaigh sa ghnáthchúrsa. D'fhéadfá roghnú go n-íocfaí an méadú leis an bpríomhéilitheoir ina ionad sin.
| Íocaíocht Leasa Shóisialaigh | Aois faoi 66 Méadú do Dhuine Fásta
Cáilithe (Uasráta) |
Aois 66 agus os cionn Méadú do Dhuine
Fásta Cáilithe (Uasráta) |
| Pinsean Stáit (Idirthréimhse) Pinsean Stáit (Ranníocach) | €153.50 | €206.30 |
| Pinsean Easláinte | €138.100 | €206.30 |
| Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) | €144.70 | Nuair a shroicheann dodo Dhuine Fásta
Cáilithe 66 féidir leo iarratas a dhéanamh ar Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) ina gceart féin. |
| Sochar Breoiteachta, Sochar Cuardaitheora Poist, Forlíonadh Éagumais, Sochar Díobhála, Sochar Sláinte & Sábháilteachta, Liúntas Míchumais, Pinsean Daill, Liúntas Cuardaitheora Poist, Cúnamh Feirme, Liúntas Réamhscoir, Liúntas Leasa Forlíontach |
€124.80 | €124.80 |
Chun Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe a fháil, caithfidh tú sonraí a thabhairt faoi do chleithiúnaí aosaigh ar d'fhoirm éilimh nuair atá tú ag déanamh éilimh ar íocaíocht leasa shóisialaigh. Mura ndearna tú éileamh dod' chleithiúnaí aosaigh ag an am go ndearna tú d'éileamh, déan teagmháil leis an rannóg den Roinn Coimirce Sóisialaí a íocann d'íocaíocht leasa shóisialaigh.
Cuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí uimhir teileafóin Lóghlao ar fáil; is costas ghlaoch áitiúil a ghearrfar ort ar an nglaoch.
Lóghlao: 1890 500 000
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.