Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Córas Leasa Shóisialaigh na hÉireann > Íocaíocht Leasa Shóisialaigh a Éileamh > Athruithe ar féidir tionchar a bheith acu ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh

Print Page Send to a Friend

Athruithe ar féidir tionchar a bheith acu ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh

Eolas

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat agus má thagann athrú ar do chúinsí pearsanta, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. D'fhéadfá méadú nó laghdú a fháil i d'íocaíocht leasa shóisialaigh mar gheall ar athrú i do chúinsí pearsanta. D'fhéadfá bheith i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh bhreise nó difriúil a fháil.

Má dhéanann tú teagmháil leis an Roinn, gheobhaidh tú d'íocaíocht níos tapúla nó seachnóidh tú aisíoc na n-íocaíochtaí iomarcaí.

Mar gheall ar athrú i do chúinsí pearsanta, d'fhéadfá a bheith i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil don chéad uair.

Mar shampla, más rud é go raibh tú ag obair agus gur chaill tú do phost le déanaí, féadann tú a bheith incháilithe i gcomhair Sochar Cuardaitheora PoistLiúntas Cuardaitheora Poist. Sa chás seo, má tá tú i gcóiríocht phríobháideach ar cíos, féadann tú bheith incháilithe chomh maith i gcomhair Fhordheontas Cíosa. Tá tuilleadh eolais faoi do phost a chailliúint anseo.

Uaireanta, tar éis athruithe i do chúinsí pearsanta ní bhíonn tú incháilithe le haghaidh íocaíocht leasa shóisialaigh. Sa chás seo féadfaidh tú a bheith i dteideal Liúntas Leasa Forlíontach a fháil. Mar shampla, mura n-íocfaidh d'fhostóir tú agus tú tinn as obair, ach mura bhfuil tú incháilithe le haghaidh Sochar Tinnis, féadfaidh tú a bheith i dteideal Liúntas Breise Leasa Shóisialaigh a fháil.

Rialacha

Athruithe a cháilíonn tú i gcomhair íocaíochtaí leasa shóisialaigh breise

Mar gheall ar athrú i do chúinsí pearsanta, d'fhéadfá bheith i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh bhreise a fháil. Cuir i gcás go bhfaigheann tú Íocaíocht do Theaghlach Aontuismitheora, agus má fhaigheann tú post 19 uair in aghaidh na seachtaine ar a laghad, d’fhéadfá iarratas a dhéanamh ar Fhorlíonadh Ioncam Teaghlaigh (FIT).

Athruithe a cháilíonn tú i gcomhair íocaíocht leasa shóisialaigh difriúil

Mar gheall ar athrú i do chúinsí, féadfaidh tú a bheith docháilithe le haghaidh íocaíocht a fhaigheann tú faoi láthair ach féadfaidh tú a bheith incháilithe le aghaidh íocaíocht dhifriúil. I gcásanna áirithe, d'fhéadfá a bheith i dteideal níos mó airgid leis an íocaíocht dhifriúil. Mar shampla, ní íoctar an Liúntas Cúram Baile a thuilleadh nuair a shroicheann an duine atá faoi chúram 16 bliana d'aois. Ach is féidir leis an duine míchumasaithe cur isteach ar Liúntas Míchumais, agus íoctar é sin ag ráta níos airde ná Liúntas Cúram Baile.

Athruithe a cháilíonn tú i gcomhair íocaíocht leasa shóisialaigh laghdaithe

Má chuireann tusa nó do chéile nó do pháirtí cuid den Pinsean Stáitse (Neamh-Ranníocach) i dtaisce gach seachtain, tógfar na coigiltis seo san áireamh mar chuid de d'acmhainní. Tá sé tábhachtach an Roinn Coimirce Sóisialaí a chur ar an eolas faoi na coigiltis seo chun íocaíocht iomarcach agus aisíoc na híocaíochta iomarcaí ina dhiaidh sin a sheachaint.

Athruithe a dhícháilíonn tú ó íocaíocht leasa shóisialaigh atá agat

Mar gheall ar athrú i do chúinsí tá seans ann nach bhfuil tú incháilithe a thuilleadh i gcomhair íocaíocht leasa shóisialaigh. Mar shampla, níl tú incháilithe an Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a fháil má athphósann tú, má déanann tú páirtnéireacht shibhialta nua nó má chónaíonn tú le duine mar fhear céile agus bean chéilí.

Is cion coiriúl é íocaíocht leasa shóisialaigh a éileamh, má tá a fhios agat nach bhfuil tú i dteideal í a fháil.Is féidir tú a ionchúiseamh as íocaíocht leasa shóisialaigh a éileamh nach bhfuil ag dul duit a thuilleadh.

Athruithe a dhéantar go huathoibríoch ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh

I gcásanna áirithe, athróidh an Roinn Coimirce Sóisialaí d'íocaíocht leasa shóisialaigh go huathoibríoch chun na hathruithe i do chúinsí pearsanta a thaispeáint. Mar shampla, má tá tú íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat, gheobhaidh tú méadú go huathoibríoch nuair a shroichfidh tú 80 bliain d'aois. I bhformhór na gcásanna áfach, ní mór duit dul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí nuair a athraíonn do chúinsí pearsanta.

Tuilleadh Eolais

I gcásanna áirithe, má tá tú i dteideal níos mó ná íocaíocht amháin a fháil, ní mór duit an ceann is tairbhí duit a roghnú. Cuir i gcás go bhfuil tú i dteideal Sochar Tinnis fadtéamach a fháil, tá seans ann go mbeadh sé níos tairbhí duit Liúntas Míchumais a éileamh mar gheall ar na sochair bhreise ar nós Liúntas um Chónaí Aonair agus an Pacáiste Sochar Teaghlaigh. Féadfaidh d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil agus d'Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil cabhair agus comhairle a thabhairt duit maidir leis an íocaíocht leasa shóisialaigh a bhfuil tú incháilithe di agus cé acu is tairbhí duit.

Tá tuilleadh eolais anseo faoi na híocaíochtaí leasa shóisialaigh difriúla go bhféadfaidh tú a bheith i dteideal a fháil de bharr do chúinsí pearsanta:

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Aisghabháil íocaíochtaí iomarcacha leasa shóisialaigh
    Faigheann an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí iomarcacha sochar agus cearta leasa shóisialaigh ar ais in Éirinn. Faigh amach cén chaoi a mbailítear íocaíochtaí iomarcacha.
  • Liúntas Cúramóra leath-ráta
    Ó 27 Meán Fómhair 2007, beidh Liúntas Cúramóra leath-ráta iníoctha le híocaíochtaí leasa sóisialta áirithe eile. Ar an choinníoll go gcomhlíonann tú na critéir cháilithe Faigh tuilleadh eolais maidir le conas bheith incháilithe do Liúntas Cúramóra leath-ráta.
  • Fordheontais ioncaim do dhaoine aosta
    Faigh amach faoi raon na n-íocaíochtaí atá ar fáil, agus déan nasc le seicliosta níos leithne de theidlíochtaí do dhaoine aosta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.