Anseo atá tú: Baile > Reference > Worksheets > Bileog Oibre: Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora agus ioncam ó obair

Print Page Send to a Friend

Bileog Oibre: Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora agus ioncam ó obair

Bileog Oibre

Is é an aidhm atá leis an mbileog oibre seo ná cabhrú leat, má tá tú ag fáil Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora (OPF), oibriú amach cén tionchar a bhéas ag jab ar d'ioncam seachtainiúil i 2012.

Céim 1: Faigh amach conas mar a chuirfidh ioncam ó obair isteach ar d'Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora

Faigh d' ioncam inmheasúnaithe ón obair - féach Nóta 1 _______

Nóta 1

Tóg €130 ón méid a shaothraíonn tú sa tseachtain (má tá an méid a shaothraíonn tú níos ísle ná €130 coinneoidh tú do OFP iomlán). Measúnaítear leath den méid a shaothraíonn tú sa tseachtain idir €130 agus €425 mar ioncam.
Má tá tú ag fáil OPF agus tá an méid a shaothraíonn tú níos mó ná €425 sa tseachtain, gheobhaidh tú íocaíocht idirthréimhseach leath-ráta ar feadh sé mhí.

Ráta Nua den Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora _______

Chun do ráta nua OPF a fháil seiceáil lámhleabhar an SW 19 Social Welfare Rates of Payment chun an méid OPF iníoctha a fháil de réir do acmhainne.

Céim 2: Faigh do ioncam olliomlán seachtainiúil nua

Sé do ioncam oll-iomlán seachtainiúil nua ná do ráta nua de Íocaíocht Teaghlach Aon-Tuismitheora agus do ioncam ón obair roimh cháin.

An Ráta nua den Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora - féach Céim 1 thuas _______
Cur leis Ioncam oll-iomlán seachtaine ón obair _______
Iomlán Ioncam Oll-iomlán seachtainiúil _______

Céim 3: Faigh do ioncam olliomlán seachtainiúil nua

Sé do ioncam oll-iomlán seachtainiúil nua ná do ráta nua de Íocaíocht Teaghlach Aon-Tuismitheora agus do ioncam ón obair roimh cháin. Ón áirimh seo beidh tú ábalta a fháil amach má tá tú níos fearr as ó thaobh airgead de.

Iomlán Ioncam Oll-iomlán seachtainiúil _______
Bain as Muirear Uilíoch Sóisialach – féach Nóta 2
Bain as ÁSPC a íoctar gach seachtain - féach Nóta 3 _______
Bain as Cáin Ioncaim a íoctar gach seachtain - féach Nóta 4 _______
Iomlán Ioncam Glan _______

Smaoineamh, beidh ort costaisí cúram leanaí agus taistil a íoc as do ioncam glan

Nóta 2

Beidh ort [you will have to pay] an Muirear Uilíoch Sóisialach (MUS) ar d’ollioncam ón obair.

Gearrtar an MUS mar seo: 2% ar d’ollioncaim suas go €193 sa tseachtain, 4% idir €194 agus €308, agus 7% ar ollioncam seachtainiúil os cionn €308.

Nóta 3

Íocann tú ÁSPC ar ioncam ó do jab amháin, ní ar do Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora. Má shaothraíonn tú níos lú ná €352 sa tseachtain ní íocann tú ÁSPC. (Má tá ioncam ó do jab níos mó ná
€352 íocann tú 4% ar an méid a shaothraíonn tú ós cionn €127 sa tseachtain.) Ní íocann tú ÁSPC ach ar na seachtainí a oibríonn tú

Nóta 4

Íocann tú cáin ioncaim (ÍMAT) ar do chuid ioncam ar fad: sé sin do Ioncam Oll-Iomlán - féach Céim 2 thuas.

Chun do Cháin Ioncaim chuile sheachtain a mheas, méadaigh an Ioncam Iomlán fá 20% chun an méid iomlán cáin ioncaim iníoctha sa tseachtain a fháil amach.

Ioncam Oll-Iomlán seachtainiúil x 20% _______
Bain as Creidmheas Cánach Seachtainiúil (féach thíos luaite chun suim a fheiceáil) €95.19
Iomlán Cáin Ioncam a íoctar gach seachtain _______

Creidmheas Cánach do 2012
Creidmheas pearsanta €1,650
Creidmheas Cánach Teaghlach Aon-Tuismitheora €1,650
Creidmheas Cánach ÍMAT/Fostaí €1,650
Iomlán Creidmheas Cánach €4,950

Roinn ar 52 chun an creidmheas cánach seachtainiúil a fháil de €95.19

Sochair Bhreise

Liúntais Saor ó Cháin eile

D'fhéadfadh tú bheith in ann éilimh a dhéanamh ar Fhaoiseamh ó ús morgáiste agus faoiseamh ar shláinte agus faoiseamh ó cháin ar chostaisí leighis.
Más tionónta thú i lóistín atá ar chíos phríobháideach, d'fhéadfadh tú bheith ábalta éilimh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach ar chíos atá íoctha.

Más tuismitheoir thú atá ina b(h)aintreach is féidir leat éilimh a dhéanamh ar Chreidmheas cánach an Tuismitheoir atá ina B(h)aintreach.

Cúnamh Poist na gCoimisinéirí Ioncaim Tugann sé seo breis liúntaisí saor ó cháin do dhaoine atá dífhostaithe nó tuismitheoirí aonair atá ag filleadh ar obair. Is rogha eile én an liúntas cánach seo ó scéimeanna spreagúla fostaíochta eile ar nó an Liúntas um Fhilleadh ar Obair.

Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoi chreidmheas cánach agus faoisimh cánach.

Sochair Thánaisteacha

Má cháilíonn tú don Job Assist is féidir leat do chárta leighis a choinneáil ar feadh 3 bliana ón dáta a fhilleann tú ar an obair agus coinnigh do shochair thánaisteacha ar nós liúntas breosla srl ar feadh trí bliana, an fhad atá do ioncam níos lú ná €317.43 sa tseachtain. (Ach laghdaítear an méid forlíonadh cíos a fhaigheann tú: gheobhaidh tú 75% den chéad mhéid sa gcéad bhliain, 50% sa dara agus 25% sa tríú agus sa ceathrú blianta.) Ní thógtar ioncam ó FIS san áireamh don ioncam teoranta de €317.43.

Mura gcáilíonn tú dona liúntaisí breise cánacha (mar shampla, mar nach raibh tú ag fáil OFP ar feadh 12 mí nó níos mó) ansin déanfar ath-mheasúnú ort maidir le do shochair thánaisteacha, de réir na treoirlínte ioncaim atá leagtha amach do gach ceann.
Ba chóir duit do chárta leighis a choinneáil ar feadh 3 bliana ón dáta a thosaíonn tú ag obair - déan é seo a sheiceáil leis an Limistéar áitiúil d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIS)

Is féidir leis éilimh a dhéanamh ar FIS má tá tú ag obair ar a laghad 19 uair sa tseachtain, nó 38 uair sa gcoicís, agus titfidh do ioncam faoi thairseach ioncaim do mhéid do chlann. Ní féidir cáin a ghearradh ar Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh agus ní chuireann sé isteach ar shochair thánaisteacha.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 February 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.