Anseo atá tú: Baile > Reference > Worksheets > Bileog Oibre: Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora agus Fostaíocht Pobail

Print Page Send to a Friend

Bileog Oibre: Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora agus Fostaíocht Pobail

Bileog Oibre

Sé'n aidhm atá leis an mbileog eolais seo ná cabhrú leatsa, má tá tú ag fáil Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora, chun oibriú amach conas a gcuireann páirt a ghlacadh san Scéim Fostaíochta Pobail isteach ar do ioncam seachtainiúil i 2011.

Céim 1: Faigh amach conas a chuirfidh ioncam ón Fostaíocht Pobail isteach ar do Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora.

Faigh do ioncam inmheasúnaithe ón bhFostaíocht Pobail (féach Nóta 1) _______

Nóta 1

Tóg €146.50 ón méid a shaothraíonn tú chuile sheachtain (má tá an méid a shaothraíonn tú faoi €146.50 coinneoidh tú do OFP iomlán). Meastar leath den méid a shaothraíonn tú gach seachtain idir €146.50 agus €425 mar ioncam. Má tá tú ag fáil OPF agus tá an méid a shaothraíonn tú chuile sheachtain ós cionn €425,
gheobhaidh tú íocaíocht leath-ráta idirthréimhseach ar feadh sé mhí.

Ráta nua den íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora _______
Chun do ráta nua den OPF a fháil, seiceáil an lámhleabhar den SW 19 Rátaí Íocaíochta Leasa Shóisialaigh chun an méid OPF atá iníoctha dhuitse de réir do chuid acmhainn a fháil.

Céim 2: Faigh do ioncam iomlán seachtainiúil nua

Sé do ioncam iomlán seachtainiúil ná do ráta nua den Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora agus do ioncam ón CE roimh a ghearrtar cáin as.

Ráta nua den Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora (féach Céim 1 thuas) _______
Cur leis Ioncam iomlán ón CE _______
Iomlán Ioncam Iomlán _______

Céim 3: Faigh do ioncam comhlán nua

Sé do ioncam iomlán seachtainiúil ná do ráta nua den Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora agus do ioncam ón CE roimh a ghearrtar cáin as. Ón áirimh seo beidh tú ábalta a fháil amach an bhfuil tú níos fearr as ó thaobh airgid de.

Ioncam seachtainiúil iomlán _______
Bain as Cáin Ioncam a íoctar chuile sheachtain (féach Nóta 2) _______
Iomlán Ioncam Glan _______

Smaoineamh air, beidh tú ábalta cúram leanaí agus costaisí taistil a íoc as do ioncam glan

Nóta 2

Íocann tú cáin ioncam(ÍMAT) ar do ioncam uilig: sin é do Oll-Ioncam Iomlán (féach Céim 2 thuas).

Chun do cháin ioncaim a íoctar gach seachtain a mheas, méadaigh do Oll-Ioncaim Iomlán fá 20% chun an méid iomlán den cáin ioncam iníoctha gach seachtain a fháil. _______

Bain as Creidmheas ar cháin seachtaine (féach thíos chun suim a fháil) €95.19

Iomlán Cáin Ioncam a íoctar gach seachtain _______

Cáin creidmheasa do 2011
Cáin creidmheasa Phearsanta €1,650
Cuir leis Cáin Creidmheasa do Theaghlach Aon-Tuismitheora €1,650
Cuir leis ÍMAT/Cáin Creidmheasa Fostaí €1,650
Iomlán Cáin Creidmheasa €4,950

Roinn 52 air chun an cáin creidmheasa seachtainiúil a fháil de €95.19

Sochair Bhreise

Liúntaisí Eile Saor ó Cháin

B'fhéidir go mbeadh tú ábalta éilimh a dhéanamh ar Fhaoiseamh ó Ús Morgáiste agus faoiseamh cánach ó chostaisí leigheas.

Más tionónta thú i lóistín ar chíos phríobháideach, b'fhéidir go mbeadh tú ábalta éilimh a dhéanamh air fhaoiseamh cánach ar chíos atá íoctha.

Má's baintreach agus tuismitheoir thú is féidir éilimh a dhéanamh ar Cháin creidmheasa tuismitheoir ar baintreach é/í.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi cáin creidmheasa agus faoisimh.

Sochair Thánaisteacha

Coinneoidh tú na leasaithe ar fad a bhí tú ag fáil sula ndeachaigh tú ar an Scéim CE, an fhad agus atá do Ioncam Oll-Iomlán faoi €317.43 sa tseachtain (Ach íslítear an méid a fhaightear ar fhordheontais cíosa: gheobhaidh tú 75% den méid a fuair tú sa chéad bhliain, 50% sa dara bliain, agus 25% sa tríú agus ceathrú bliain)

Coinneoidh tú do chárta leighis ar feadh 3 bliana (ní bhaineann an teorann de €317.43 leis seo)

Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh

Níl tú i dteideal Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh má tá tú ar Scéim CE.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 January 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.