Tá sé d’aidhm ag an mbileog oibre seo cabhrú leat a fháil amach cén tionchar a bheidh ag obair páirtaimseartha nó ócáideach ar do Liúntas Cuardaitheora Poist seachtainiúil in 2011.
Déantar ioncam ón obair a mheasúnú mar acmhainn agus is féidir leis sin dul i gcion ar d’íocaíocht don Liúntas Cuardaitheora Poist. Is féidir le foinsí eile ioncaim nó acmhainní dul i gcion ar do Liúntas Cuardaitheora Poist chomh maith, mar shampla, cothabháil, sochar agus pribhléid, ioncam airgid agus capiteal (coigilteas agus infheistíochtaí san áireamh). Sa bhileog oibre seo nílimid ach ag féachaint ar an chaoi ar féidir le hioncam ón obair dul i gcion ar d'íocaíocht.
Níl duine i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poista (LCP) in Éirinn ach do
thréimhsí dífhostaíochta amháin. Is í an íostréimhse go gcaithfidh tú
a bheith dífhostaithe chun LCP a fháil ná 3 lá i dtréimhse 6 lá
leanúnach, gan an Domhnach san áireamh. Tá tuilleadh eolais faoi na critéir
cháilithe le fáil inár ndoiciméad faoin Liúntas
Cuardaitheora Poist.
Bileog Oibre maidir leis an Liúntas Cuardaitheora
Poist(LCP) Euro
Liúntas Cuardaitheora Poist (uasráta seachtainiúil)
(Is féidir d'aois an íocaíocht
uasta maidir le do chúinsí a
chinneadh. Faigh amach do ráta
sa doiciméad faoi Liúntas
Cuardaitheora Poist)
Móide Méadú
le haghaidh Cleithiúnaí Linbh _+________
(€29.80 méadaithe faoi líon na gcleithiúnaithe linbh.
Má ghearrtar d’acmhainní faoi leath
gheobhaidh tú €14.90 do gach leanbh incháilithe-
féach 'Céim 2' thíos)
Móide Méadú
le haghaidh Duine Fásta Cáilithe
(Má ghearrtar d’acmhainní faoi leath
ní bheidh an méadú le haghaidh duine fásta
cáilithe iníoctha - féach 'Céim 2' thíos.)
Iomlán (Uasmhéid an Liúntais Cuardaitheora Poist)
Lúide acmhainní seachtainiúla ón obair _-______
(Téigh
chuig eolas breise thíos le cabhrú leat
d’acmhainní seachtainiúla ón obair a ríomh.)
Lúide acmhainní seachtainiúla an chéile/pháirtí ón
obair _-____
(Téigh
chuig eolas breise thíos le cabhrú leat
acmhainní seachtainiúla
do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoirí ón obair a ríomh.)
Íocaíocht sheachtainiúil iomlán don Liúntas Cuardaitheora
Poist €________
Bain úsáid as céimeanna 1-5 chun d’acmhainní seachtainiúla ón obair a ríomh.
Faigh do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe.
Déantar na míreanna seo a leanas a asbhaint ó d'olltuilleamh i gcónaí chun do thuilleamh inmheasúnaithe a fháil:
| Sampla |
Is fear singil é Jim atá 27 bliain d'aois. Oibríonn sé 3 lá sa tseachtain (Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoin) agus faigheann sé €50 in aghaidh an lae. Is é a thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe ná €150. Glacaimid leis nach bhfuil ranníocaíocht ar bith á híoc aige maidir le haoisliúntas, dleachtanna ceardchumainn, CCSP nó RSB. Ní íocann sé ÁSPC toisc go bhfuil a thuilleamh níos lú ná €352. Tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe = €150 |
Sular féidir leat an méid LCP a bhféadfá a fháil a ríomh, ní mór duit a fháil amach an bhfuil d’acmhainní seachtainiúla níos mó ná an uasíocaíocht LCP do do staid. Cuimsíonn an uasíocaíocht don Liúntas Cuardaitheora Poist an uasíocaíocht phearsanta agus méadú ar bith le haghaidh duine fásta cáilithe agus leanaí cleithiúnacha.
Sa chéim seo níl méid iarbhír an LCP á ríomh agat, níl tú ach ag seiceáil an bhfuil tú in ann LCP a fháil.
Chun é seo a dhéanamh tóg do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe ó Chéim 1 agus bain €20 in aghaidh an lae do gach lá a d’oibrigh tú suas le huasmhéid de €60. Ansin faigh 60% den iarmhéid. Measúnaítear é seo mar d’acmhainní seachtainiúla.
Tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe - €20 = iomlán x 60% = acmhainní seachtainiúla ón obair.
Roinntear d'acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir:
Nóta: Má ghearrtar d’acmhainní faoi leath, ní bhfaighidh tú an méadú le haghaidh duine fásta cáilithe ach is féidir leat méadú leathráta a fháil do gach leanbh incháilithe.
Má tá d’acmhainní seachtainiúla níos lú ná an t-uasráta seachtainiúil do do chúinsí ansin téigh chuig Céim 3 agus tosaigh ar mhéid iarbhír an LLCF a gheobhaidh tú a ríomh.
| Sampla |
Is é tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe Jim ná €150 in aghaidh na seachtaine. Oibríonn sé 3 lá sa tseachtain. €150 - €60 (3 lá) = €90 x 60% = €54 Acmhainní seachtainiúla ón obair = €54 Sa sampla seo, tá acmhainní seachtainiúla Jim faoi bhun na buníocaíochta LCP dá chúinsí. Téigh chuig Céim 3. |
Anois go bhfuil a fhios agat go bhfuil tú i dteideal íocaíochta LCP is féidir leat tosú ar ráta d’íocaíochta LCP a ríomh.
Déan do mheántuilleamh laethúil a ríomh: chun é seo a dhéanamh faigh do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe iomlán ó fhostaíocht agus roinn faoin líon laethanta a d’oibrigh tú an tseachtain sin.
Tuilleamh seachtainiúil iomlán ÷ líon laethanta oibrithe = meántuilleamh laethúil.
| Sampla |
Oibríonn Jim 3 lá sa tseachtain (Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoin) agus faigheann sé €150 in aghaidh na seachtaine. €150 ÷ 3 = €50 Meántuilleamh laethúil = €50 |
Déan d’acmhainní laethúla ón obair a ríomh.
Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit neamhaird a thabhairt ar ioncam ar bith nár cuireadh san áireamh. Is é an t-ioncam nach gcuirtear san áireamh ná €20 do oibrítear. Ansin faigh 60% den iarmhéid. Measúnaítear é seo mar d’acmhainní laethúla.
Meántuilleamh laethúil - €20 = iomlán x 60% = acmhainní laethúla ón obair.
| Sampla |
Oibríonn Jim 3 lá sa tseachtain (Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoin) agus faigheann sé €50 in aghaidh an lae. Faigheann sé meántuilleamh laethúil de €50 (féach Céim 3). €50 - €20 = €30 Faigh 60% den iomlán (€30 sa sampla seo) = €18 Acmhainní laethúla ón obair = €18 |
Méadaigh d’acmhainní laethúla faoin líon laethanta oibrithe. Má oibríonn tú ar an Domhnach, ná cuir an Domhnach san áireamh sa líon laethanta oibrithe. (Féach obair Dhomhnaigh thíos)
Acmhainní laethúla ón obair x líon laethanta oibrithe = acmhainní seachtainiúla ón obair.
Roinntear d'acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir:
Nóta: Má ghearrtar d’acmhainní faoi leath, ní bhfaighidh tú an méadú le haghaidh duine fásta cáilithe ach is féidir leat méadú leathráta a fháil do gach leanbh incháilithe.
| Sampla |
Oibríonn Jim 3 lá sa tseachtain agus faigheann sé €50 in aghaidh an lae. Faigheann sé meántuilleamh laethúil de €50. Faigheann sé acmhainní laethúla de €18 ón obair (féach Céim 4). €18 x 3 lá = €54 Acmhainní seachtainiúla ón obair = €54 |
Má oibríonn tú ar an Domhnach, tá an chaoi a ndéanann tú d’acmhainní ó fhostaíocht a ríomh difriúil ón gnáth. Ní chuirtear an Domhnach san áireamh mar lá oibre, mar sin ní chuirtear d’acmhainní laethúla ón Domhnach san áireamh maidir le Liúntas Cuardaitheora Poist.
Chun d’acmhainní ó fhostaíocht a ríomh:
Má chuimsíonn d’obair pháirtaimseartha nó ócáideach obair Dhomhnaigh, lean Céimeanna 1-3 mar a léirítear thuas. Ansin bain úsáid as Céim 4 agus Céim 5 mar a léirítear thíos chun d’acmhainní seachtainiúla ón obair a fháil.
| Samplar |
Tá Susan 48 bliain d'aois agus oibríonn sí 3 lá (an Aoine, an Satharn agus an Domhnach). Íoctar €50 léi as obair ar an Aoine, €50 as obair ar an Satharn agus €50 as obair ar an Domhnach. Lean Céimeanna 1 go 3 thuas chun a meántuilleamh laethúil a fháil. Céim 1: Tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe = €150 Céim 2: €150 - €60 (3 lá) = €90 x 60% = €54. Acmhainní seachtainiúla ón obair = €54 Sa sampla seo, tá na hacmhainní seachtainiúla faoi bhun na buníocaíochta LCP, mar sin is féidir leat dul go Céim 3. Céim 3: (€150 ÷ 3*) = €50 *Is é líon na laethanta a oibrítear leis an Domhnach san áireamh ná 3. Meántuilleamh laethúil = €50 |
Céim 4: Acmhainní laethúla ón obair
Ansin faigh d’acmhainní laethúla ón obair.
Bain an t-ioncam nach gcuirtear san áireamh. €20 do gach lá oibrithe suas le huasmhéid de €60 (3 lá gan an Domhnach san áireamh) agus faigh 60% den iarmhéid.
| Sampla |
Faigheann Susan meántuilleamh laethúil de €50. Meántuilleamh laethúil lúide neamhaird ar lá oibrithe €50 - €20 = €30 60 % den mheántuilleamh laethúil inmheasúnaithe de €30 = €18 Is ionann na hacmhainní laethúla ón obair agus €18 |
Céim 5: Acmhainní seachtainiúla ón obair
Méadaigh d’acmhainní laethúla faoin líon laethanta oibrithe. Ní chuirtear an Domhnach san áireamh mar lá oibre. Mar sin, ní chuirtear d’acmhainní laethúla ó obair Dhomhnaigh san áireamh.
Acmhainní laethúla ón obair x líon laethanta oibrithe (gan an Domhnach san áireamh) = acmhainní seachtainiúla ón obair.
Roinntear d'acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir:
Nóta: Má ghearrtar d’acmhainní faoi leath, ní bhfaighidh tú an méadú le haghaidh duine fásta cáilithe ach is féidir leat méadú leathráta a fháil do gach leanbh incháilithe.
| Sampla |
Ní dhéantar ach tuilleamh laethúil inmheasúnaithe Susan don Aoine agus don Satharn a chur san áireamh agus a mheasúnú mar acmhainn do Liúntas Cuardaitheora Poist. €18 x 2 lá (gan an Domhnach san áireamh) = €36 Acmhainní seachtainiúla ón obair = €36 |
Chun acmhainní seachtainiúla ón obair do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a ríomh caithfear a t(h)uilleamh inmheasúnaithe a ríomh ar dtús.
Déantar na míreanna seo a leanas a asbhaint óna (h)olltuilleamh i gcónaí chun tuilleamh inmheasúnaithe a fháil:
Bain €20 in aghaidh an lae ó thuilleamh inmheasúnaithe do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir do gach lá oibrithe suas le huasmhéid de €60 (an Domhnach san áireamh).
Ansin faigh 60% den iarmhéid. Déantar é seo a mheasúnú mar a (h)acmhainní seachtainiúla.
Tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe - €20 in aghaidh an lae (uasmhéid de 3 lá) = iomlán x 60% = acmhainní seachtainiúla ón obair.
Roinntear d'acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir:
Nóta: Má ghearrtar d’acmhainní faoi leath, ní bhfaighidh tú an méadú le haghaidh duine fásta cáilithe ach is féidir leat méadú leathráta a fháil do gach leanbh incháilithe.
| Sampla |
Is é tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe an chéile ná €150 in aghaidh na seachtaine. Oibríonn an chéile 3 lá (an Céadaoin, an Aoine agus an Domhnach). €150 - €60 (3 lá leis an Domhnach san áireamh) = €90 x 60% = €54 Acmhainní seachtainiúla an chéile ón obair = €54 |
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.