Is í an phríomhreachtaíocht a bhaineann le Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána ná Acht an Gharda Síochána 2005.
Clúdaíonn CUID 3 (Ailt 63 - 81) bunú agus feidhmeanna Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána.
Alt 67 – cuireann síos ar chuspóirí, bhunú agus chumhachtaí an Choimisiúin
PART 4 (Ailt 82 - 112) clúdaíonn gearáin, Fiosrúcháin agus modhanna oibre eile
Alt 84 - leagann amach na teorainneacha ama le haghaidh gearáin a dhéanamh
Alt 86 - míníonn cad é a tharlaíonn má dhéantar gearán go díreach leis an gCoimisiún
Alt 87 - ar an gcinneadh an bhfuil gearán inghlactha nó nach bhfuil
Alt 90 - leagann amach an dóigh a réitítear gearáin trí idirghabháil nó trí bhealaí neamhfhoirmiúla eile
Alt 91 - míníonn fiosrú gearán a bhaineann le bás nó mórdhíobháil do dhuine
Alt 93 - ar an gcumhacht deireadh a chur le fiosrúchán
Alt 106 - faoi scrúdú a dhéanamh ar roinnt cleachtas, polasaithe agus modhanna oibre de chuid na nGardaí
Alt 110 - faoin chion d’fhaisnéis bhréige nó mhíthreorach a chur ar fáil
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.