Leagann an tAcht um Míchumas 2005 (pdf) síos cearta daoine atá faoi mhíchumas agus leagann sé oibleagáidí ar chomhlachtaí poiblí. Áirítear leis na comhlachtaí sin Ranna Rialtais, Údaráis Áitiúla, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus comhlachtaí leathstáit mar aon le formhór na n-eagraíochtaí eile stáit. Tugann an tAcht an chumhacht don Ombudsman gearáin a fhiosrú maidir le neamhchomhlíonadh le Cuid 3 den Acht. Leagann Cuid 3 den Acht síos dualgais na gcomhlachtaí poiblí maidir le:
Féadfaidh tú tuilleadh eolais faoi oibleagáidí na gcomhlachtaí poiblí faoi Chuid 3 den Acht a fháil anseo.
Éilíonn an tAcht go gcuirfear pleananna earnála ar fáil i gcomhair sé Roinn Rialtais. Tugtar cuntas sna pleananna earnála ar na seirbhísí atá ar fáil agus ar na tiomantais maidir le forbairt seirbhíse. Caithfear pleananna na Ranna eile a chur san áireamh i ngach plean earnála agus sa chaoi sin bíonn siad ag forluí ar a chéile beagán. Bíonn socruithe monatóireachta i gceist sna pleananna. Féadfaidh tú na pleananna earnála a fháil ar láithreáin ghréasáin na Ranna seo a leanas:
Caithfidh tú do ghearán a dhéanamh ar dtús leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann an scéal agus am a thabhairt dóibh chun an scéal a fhiosrú sula bhféadfaidh an tOmbudsman do ghearán a fhiosrú faoin Acht.
Má bhaineann do ghearán le hinrochtaineacht ar fhoirgnimh phoiblí, le seirbhísí, le faisnéis nó le láithreacha oidhreachta is é Oifigeach Fiosraithe an chomhlachta poiblí a dhéanfaidh an gearán a fhiosrú.
Má bhaineann do ghearán le plean earnála beidh faisnéis sa phlean féin faoin nós imeachta gearáin is inleanta.
Más rud é nach réitítear an t-ábhar gearáin féadfaidh tú a iarraidh ar an Ombudsman an scéal a fhiosrú.
Má fhaigheann an tOmbudsman amach nár chomhlíon comhlacht poiblí forálacha Chuid 3 den Acht nó le plean earnála agus go raibh drochthionchar aige sin ortsa nó ar dhuine éigin eile féadfaidh an tOmbudsman moladh a dhéanamh:
Tá tuilleadh eolais faoi ról an Ombudsman faoin Acht um Míchumas 2005 le fáil ar láithreán gréasáin Oifig an Ombudsman.
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 639 5600
Lóghlao:1890 223 030 for outside (01) area
Facs:+353 (0)1 639 5674
Láithreán Gréasáin: http://www.ombudsman.gov.ie
R-phost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.