Anseo atá tú: Baile > Reference > Legislative > Cúlra reachtach maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chiontóirí gnéis

Print Page Send to a Friend

Cúlra reachtach maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chiontóirí gnéis

Is í an phríomhreachtaíocht a bhaineann le monatóireacht a dhéanamh ar chiontóirí gnéis ná Acht um Chiontóirí Gnéis 2001.

Clár na gCiontóirí Gnéis

Clúdaítear an oibleagáid le Gardaí a chur ar an eolas i gCuid 2. Tá níos mó faisnéise ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm ar fáil anseo.

Maoirseacht iarscaoilte

Clúdaítear maoirseacht iarscaoilte i gCuid 5.

CUID 5 Maoirseacht Iarscaoilte do Chiontóirí Gnéis

Alt 27 - Léirmhíniú (Cuid 5).
Alt 28 - Dualgas na cúirte breithniú ar phianbhreith a bhfuil maoirseacht iarscaoilte mar chuid di.
Alt 29 - Cumhacht na cúirte pianbhreith a ghearradh a bhfuil maoirseacht iarscaoilte mar chuid di.
Alt 30 - Forálacha breise arbh fhéidir iad a chur isteach sa phianbhreith a mbeidh maoirseacht iarscaoilte mar chuid díobh.
Alt 31 - Dualgas na cúirte éifeacht na pianbhreithe a mhíniú don chiontóir.
Alt 32 - Urscaoileadh nó athrú ar riachtanais a bhaineann le tréimhse na maoirseachta.
Alt 33 - Loiceadh riachtanais a bhaineann le tréimhse maoirseachta a chomhlíonadh.

Fostaíocht

Clúdaítear an oibleagáid fostaitheoirí a chur ar an eolas i gCuid 4

CUID 4 Soláthar Faisnéise chun Críche Fostaíochta

Alt 25 - Léirmhíniú (Cuid 4).
Alt 26 - Loiceadh fostaitheoir srl. a fhaisnéisiú faoi chiontú as cion gnéis.

Cionta thar lear

Clúdaítear an riachtanas atá ar dhaoine a ciontaíodh thar lear as cion gnéis é sin a chur in iúl do na Gardaí má bhogann siad go hÉirinn i Alt 13.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 January 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ag déanamh monatóireachta ar chiontóirí gnéis in Éirinn
    Foráiltear ar son maoirseacht a dhéanamh ar chiontóirí gnéis i ndiaidh a scaoilte as príosún san Acht um Chiontóirí Gnéis 2001. Foghlaim níos mó anseo.
  • Clár na gCiontóirí Gnéis
    Tá oibleagáid ar dhaoine a chiontaítear as cionta áirithe gnéis faisnéis áirithe a chur ar fáil do na Gardaí, lena n-áirítear an seoladh ina mbeidh siad ina gcónaí i ndiaidh a scaoilte saor ón phríosún. Tugadh an fhoráil seo isteach leis an Acht um Chiontóirí Gnéis 2001.
  • Cineálacha pianbhreitheanna
    Tá réimse leathan de phianbhreitheanna ar fáil do bhreithiúna ar féidir a ghearradh ar dhuine a fhaightear ciontach i gcion coiriúil.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.