Anseo atá tú: Baile > Reference > Legislative > Cúlra reachtaíochta do shaoránacht Éireannach

Cúlra reachtaíochta do shaoránacht Éireannach

Is é sraith Achtanna um Náisiúntacht agus Saoránacht na hÉireann an príomhreachtaíocht a rialaíonn Saoránacht na hÉireann. Is iad:

D’fhoilsigh An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais comhdhlúthú neamhfhoirmiúil na n-Achtanna Saoránachta atá le fáil anseo (pdf).

Soláthraíonn an tAcht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 go nglacfar páirtnéirí sibhialta comhionann le lánúineacha pósta le haghaidh saoránachta. Soláthraíonn sé freisin creat reachtúil ina dtarlóidh bronnadh teastais eadóirseachta i searmanais saoránachta foirmiúla.

Pléann an dá Alt 2 agus 9 de Bunreacht na hÉireann (pdf) le saoránacht.

Luíonn Alt 2, a tháinig isteach mar chuid an Bhunreachta ar 2 Nollaig 1999 de thoradh Comhaontú na Breataine-na hÉireann 1998 (ar a dtugtar Comhaontú Aoine an Chéasta, Comhaontú Síochána Thuaisceart na hÉireann nó Comhaontú Bhéal Feirste chomh maith):

“Tá gach duine a shaolaítear in oileán na hÉireann, ar a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí, i dteideal, agus tá de cheart oidhreachta aige nó aici, a bheith páirteach i náisiún na hÉireann. Tá an teideal sin freisin ag na daoine go léir atá cáilithe ar shlí eile de réir dlí chun bheith ina saoránaigh d'Éirinn. Ina theannta sin, is mór ag náisiún na hÉireann a choibhneas speisialta le daoine de bhunadh na hÉireann atá ina gcónaí ar an gcoigríoch agus arb ionann féiniúlacht agus oidhreacht chultúir dóibh agus do náisiún na hÉireann.”

Tugann an tAcht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 2001 éifeacht i ndlí saoránachta na hÉireann d’Alt 1(vi) an Chomhaontaithe. Sa fhoráil sin, aithníonn Rialtais na Breataine agus na hÉireann “ cheart oidhreachta mhuintir uile Thuaisceart Éireann iad féin a aithint mar Éireannaigh nó mar Bhriotanaigh, nó mar Éireannaigh agus Briotanaigh araon, de réir mar a roghnaíonn siad”.

Sa chomhthéacs seo, ciallaíonn an téama “muintir Thuaisceart Éireann” “gach duine a rugadh i dTuaisceart Éireann agus atá ag am a mbreithe, tuismitheoir amháin, ar a laghad, acu is saoránach Briotanach nó saoránach Éireannach nó a bhfuil teideal cónaí i dTuaisceart Éireann air gan srian ar bith ar a thréimhse chónaithe”.

Luann Alt 9.2 de Bhunreacht na hÉireann, a bhí curtha isteach ag reifreann Meitheamh 2004:

"9.2.1 D’ainneoin aon fhorála eile den Bhunreacht seo, maidir le duine a shaolaítear in oileán na hÉireann, ar a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí, agus nach bhfuil aige nó aici, an tráth a shaolaítear an duine sin, tuismitheoir amháin ar a laghad is saoránach d’Éirinn nó atá i dteideal a bheith ina shaoránach nó ina saoránach d’Éirinn, níl teideal ag an duine sin chun saoránacht nó náisiúntacht Éireann, mura ndéanfar socrú ina chomhair sin le dlí.

9.2.2 Ní bhainfidh an t-alt seo le daoine a saolaíodh roimh dháta achtaithe an ailt seo."

Sonraíonn an tAcht Náisiúntachta agus Saoránachta 2004 na riachtanais chónaithe a chaithfidh tuismitheoirí neamhnáisiúnacha de leanaí a rugadh in Éirinn ó 1 Eanáir 2005 a chomhlíonadh chun go mbeidh teideal saoránachta na hÉireann ag an leanbh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 September 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Saoránacht d'Éirinn ó bhreith nó ó ghinealach
    Ní hé an gnáthchúrsa é gur saoránach Éireannach tú má saolaíodh in oileán na hÉireann tú. D'fhéadfá a bheith i dteideal saoránacht Éireannach dá mb'Éireannaigh iad do thuismitheoir(í) nó do sheantuismitheoirí ach d'fhéadfá an bhreith a chlárú. Faigh amach tuilleadh.
  • Cé hiad na daoine ar féidir leo a bheith ina saoránaigh Éireannacha?
    Ceisteanna coitianta maidir le cé atá i dteideal éirí ina shaoránach Éireannach
  • Pasanna do leanaí
    Braitheann an cháipéisíocht atá de dhíth nuair a bhítear ag déanamh iarratais ar phas Éireannach ar roinnt fachtóirí, lena n-áirítear uair agus áit bhreithe an linbh. Faigh tuilleadh eolais.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.