Anseo atá tú: Baile > Reference > Legislative > Cúlra reachtach i ndáil le cionta drugaí

Print Page Send to a Friend

Cúlra reachtach i ndáil le cionta drugaí

Is í an reachtaíocht phríomhúil a bhaineann le cionta drugaí agus leis na pionóis iomchuí ná an tAcht um Mí-Úsáid Drugaí 1977, arna leasú ag an Acht um Mí-úsáid Drugaí 1988 agus ag na hAchtanna um Cheartas Coiriúil 1999, 2006 agus 2007.

Reachtaíocht Phríomhúil

An tAcht um Mí-Úsáid Drugaí 1977

Alt 3 – Srian le drugaí rialaithe a bheith i seilbh duine.

Alt 15 – Drugaí rialaithe a bheith i seilbh duine, chun iad a dhíol le duine eile nó a sholáthar dó/di ar dhóigh eile.

Alt 16 – Cosc ar ghníomhaíochtaí áirithe, agus araile, a bhaineann le óipiam.

Alt 17 - Cosc ar chodlaidín nó ar phlandaí cannabais a shaothrú.

Alt 18 – Oidis brionnaithe nó oidis a athraíodh le hintinn mheabhlaireachta.

Alt 19 – Áititheoirí, agus araile, a fháil ciontach as cion a cheadaíonn gníomhaíochtaí áirithe ar thalamh, ar fheithicil nó ar árthach.

Alt 21 – Iarrachtaí a dhéanamh, agus araile, chomh maith le cionta ilghnéitheacha eile.

Alt 27 - Pionóis.

Alt 28 – Cumhacht na cúirte daoine a athchur, nuair a dhéantar iad a chiontú faoi ailt 3, 15, 16, 17 nó alt 18 agus chun tuarascáil a fháil, nó chun cóireáil leighis nó cúram a chur ar fáil do na daoine seo i gcásanna áirithe.

Reachtaíocht Leasaitheach

An tAcht um Mí-Úsáid Drugaí 1984

Alt 6 - Pionóis.

Alt 7 – Pionóis do chionta faoi na hAchtanna Ioncam a bhaineann le drugaí rialaithe.

Alt 8 - Cumhacht na cúirte daoine a athchur nuair a dhéantar iad a chiontú faoi alt 7 agus chun tuarascáil a fháil, nó chun cóireáil leighis nó cóireáil eile a chur ar fáil don duine seo i gcásanna áirithe.

Alt 11 - Leasú ar Alt 17 agus ar Alt 19 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977.

Alt 14 – Leasuithe ilghnéitheacha ar an Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977.

An tAcht um Cheartas Coiriúil 1999

Alt 4 - Leasú ar alt 15 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977

An tAcht um Cheartas Coiriúil 2006 (pdf)

Alt 81 – Leasú ar alt 15A den Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977.

Alt 82 - Drugaí rialaithe de bhreis ar luach áirithe á allmhairiú.

Alt 83 – Drugaí rialaithe á sholáthar i bpríosúin agus in ionaid choinneála.

An tAcht um Cheartas Coiriúil 2007 (pdf)

Alt 33 - Leasú ar alt 27 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí 1977.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 January 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.