Tá míniú ar fáil sa doiciméad Coinneáil tar éis gabhála ar conas a chuirtear an ghabháil i bhfeidhm. Tá liosta thíos den reachtaíocht bhainteach faoina bhféadfar tú a chur faoi choinneáil.
Coinneáil faoi Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984
Is é Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 an reachtaíocht phríomhúil a bhaineann leis.
Rinne Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997 leasú ar an reachtaíocht phríomhúil chun go gceadófar:
Rinne Alt 9 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 (pdf) an reachtaíocht phríomhúil a leasú chun go bhféadfaidh Ard-Cheannfort na nGardaí údarás a thabhairt do na Gardaí duine a choinneáil ar feadh 12 uair an chloig breise sa chaoi go bhfeadfaí an té sin a choinneáil ar feadh uasthréimhse 24 uair an chloig san iomlán.
Coinneáil faoi Alt 42 den Acht um Cheartas Coiriúil 1999
Is é Alt 42 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1999 an reachtaíocht phríomhúil a bhaineann leis.
Rinne Alt 11 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 (pdf) an reachtaíocht phríomhúil a leasú chun go bhféadfadh an barántas gabhála breis agus cion amháin a chuimsiú.
Tugann Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil 1997 sainmhíniú ar cad is cion inghabhála ann.
Coinneáil faoi Alt 30 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit 1939
Is é Alt 30 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit 1939 an reachtaíocht phríomhúil.
Rinne Alt 10 den Acht um Chionta in aghaidh an Stáit (Leasú) 1998 leasú ar an reachtaíocht phríomhúil chun go bhféadfadh Ceannfort iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcomhair tréimhse coinneála breise 24 uair an chloig chun go mbeadh uasthréimhse coinneála 74 uair an chloig i gceist san iomlán.
Rinne Alt 187 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 (pdf) an reachtaíocht phríomhúil a leasú chun go gceadófaí tréimhse gabhála, a rachadh in éag le linn iarratais chun na cúirte ar shíneadh ama, a choinneáil i bhfeidhm go dtí go ndéanfaí cinneadh faoin iarratas.
Gabháil faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996
Is é Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 an reachtaíocht phríomhúil.
Cuireann Alt 5 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 codanna áirithe de Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984 maidir le coinneáil i bhfeidhm faoi Alt 2.
Rinne Alt 10 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006 (pdf) an reachtaíocht phríomhúil a leasú chun go gceadófaí tréimhse gabhála, a rachadh in éag le linn iarratais chun na cúirte ar shíneadh ama, a choinneáil i bhfeidhm go dtí go ndéanfaí cinneadh faoin iarratas.
Coinneáil faoi Alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007
Is é Alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil 2007 (pdf) an reachtaíocht phríomhúil.
Ar athchur i gcoimeád
Is é Alt 24 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967 an reachtaíocht phríomhúil.
Chuir Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997 Alt nua 24 in áit Ailt a bhí ann roimhe.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.