Anseo atá tú: Baile > Reference > Legislative > Reachtaíocht maidir le Cáin Fháltas Caipitiúil

Print Page Send to a Friend

Reachtaíocht maidir le Cáin Fháltas Caipitiúil

Tugadh Cáin Fháltas Caipitiúil isteach leis an Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 agus leasaíodh í in achtanna airgeadais ina dhiaidh sin. Rinneadh an reachtaíocht ábhartha a chomhdhlúthú san Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003, pdf Tá athruithe a rinneadh sna hAchtanna Airgeadais suas go dtí an tAcht Airgeadais 2006, agus an tAcht sin san áireamh clúdaithe sna nótaí treorach.

Nuair a tugadh Cáin fháltas caipitiúil isteach leis an Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, cuireadh in ionad córas dleachtanna báis é. Baineann Cáin fháltas caipitiúil le tabhartais a tógadh an 28 Feabhra 1974 nó dá éis agus le hoidhreachtaí a tógadh an 1 Aibreán 1975 nó dá éis. Rinneadh cáin fhéinmheasúnaithe den cháin i 1989.

Gearradh cáin phrobháide ar eastáit daoine nach maireann san Acht Airgeadais, 1993, ach díothaíodh an cháin sin in Acht Airgeadais, 2001.

12 chuid atá san Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003. Is iad seo a leanas na príomhábhair atá faoi chaibidil sa 12 chuid:

  1. sainmhínithe.
  2. tabhartais.
  3. oidhreachtaí.
  4. conas atá maoin le luacháil chun críocha cáin fháltas caipitiúil.
  5. forálacha ginearálta a bhaineann le tabhartais agus oidhreachtaí.
  6. ag déileáil le tuairisceáin agus measúnuithe.
  7. ag déileáil le cáin, ús agus pionóis a íoc.
  8. forálacha ag déileáil le hachomhairc.
  9. díolúintí ó cháin bhronntanais agus oidhreachta.
  10. na faoisimh éagsúla, .i. faoiseamh talmhaíochta, faoiseamh gnó agus faoisimh ilghnéitheacha eile.
  11. forálacha ilghnéitheacha a bhaineann le cáin fháltas caipitiúil.
  12. aisghairmeacha, tosach feidhme an Achta agus forálacha idirthréimhseacha.

Rinne an tAcht Airgeadais 2007 athruithe ar an Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 maidir leis an díolúine teach cónaithe a thabhairt isteach.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 January 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cáin Fháltais Caipitiúil
    Má fhaigheann tú bronntanas, b'fhéidir go mbeidh Cáin Bhronntanais le n-íoc agat air. Má fhaigheann tú oidhreacht tar éis báis, b'fhéidir go mbeidh Cáin Oidhreachta le gearradh air. Is cineálacha Cánach Fháltais Caipitiúil iad an dá cháin seo.
  • Supplementary Budget 2009
    A supplementary budget was announced on 7 April, 2009. Summary of the main changes.
  • Budget 2012
    Budget 2012 was announced on 5 and 6 December 2011. Summary of the main changes.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.