Reachtaíocht i bhfeidhm maidir le gealltanais teipthe

Is é an phríomhreachtaíocht i bhfeidhm maidir le haighnis idir lánúin a bhfuil deireadh tagtha lena ngealltanas é An tAcht um an Dlí Teaghlaigh 1981

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh 1981

  • Alt 3 – bronntanais a tugadh do na lánúineacha geallta
  • Alt 4 – bronntanais idir an lánúin geallta féin
  • Alt 5 – maoin na lánúineacha geallta. Tagraíonn an t-alt seo d'alt 12 den Acht um Stádas Ban Pósta 1957 maidir le díospóidí maoine. Rinneadh Alt 12 a aisghairm san Acht um an Dlí Teaghlaigh 1995. Caitear anois le díospóidí mar seo mar atá leagtha amach in alt 44 den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996 agus alt 36 den Acht um an Dlí Teaghlaigh 1995
  • Alt 6 – agus duine den lánúin gheallta i ndiaidh buntáiste substaintiúil a fháil mar gheall ar an ngealltanas.
  • Alt 7 – agus duine den lánúin gheallta i ndiaidh caiteachais substaintiúil a thabhú.
  • Alt 9 – fad ama atá ann chun caingean a tahbhairt chun cúirte
Page edited: 4 February 2015