Anseo atá tú: Baile > Reference > Legislative > An cúlra reachtach maidir le truailliú aeir

Print Page Send to a Friend

An cúlra reachtach maidir le truailliú aeir

Tá réimse reachtaíochta AE ann maidir le truailliú aeir. Ina measc sin tá na Treoracha um Bhainistiú Dramhaíola agus iad seo a leanas:

  • Is í Treoir 96/62/CE an Chreat-treoir um mheasúnú agus um bhainistiú cáilíocht aeir. Tá foráil ann maidir le comhaontú mionsonraithe is féidir a dhéanamh ina dhiaidh sin i gcomhair truailleán sonrach aeir. Leagann Treoir 1999/30/CE síos teorainneacha i gcomhair roinnt truailleán.
  • Leagann Treoir 2000/69/CE síos teorainneacha maidir le beinsín agus aonocsaíd charbóin san aer.
  • Is é an aidhm atá ag Treoir 2001/81/CE ná truailliú aeir a laghdú trí uasmhéideanna astuithe náisiúnta a cheapadh i gcomhair truailleán áirithe aeir a chaithfidh na Ballstáit a bhaint amach roimh 2010.
  • Treoir 89/369/CEE maidir le cosc a chur le truailliú aeir ó ghléasra loiscneach nua um dhramhaíl chathrach.
  • Is é an aidhm atá le Treoir 2001/80/CE maidir le srian a chur le hastuithe truailleán áirithe san aer ná truailliú an aeir ó ghléasra mór cumhachta a laghdú trí theorainneacha a cheapadh maidir le hastuithe dé-ocsaíd sulfair agus dé-ocsaíd nítrigine
  • Déileálann Treoir 89/369/CEE le cosc a chur le truailliú aeir ó ghléasra loiscneach nua um dhramhaíl chathrach
  • Déileálann Rialachán 2037/2000 le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin
  • Eilíonn Rialachán 2037/2000, Rialachán 29/06/2000, faoi shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin, go soláthródh na Ballstáit fianaise faoi na bearta atá déanta chun substaintí rialaithe mar clórafluaracarbóin (CFCanna) hidreaclórafluaracarbón (HCFCanna) halón agus bróimíd mheitile a aisghabháil, a athchúrsáil agus a scriosadh. Caithfidh Ballstáit faisnéis a sholáthar freisin faoi cad atá déanta le cinntiú go mbeidh eagraíochtaí agus úsáideoirí freagrach as na rudaí sin a dhéanamh. Ní foláir dóibh a thaispeáint cad atá déanta le cosc a chur le sceitheadh substaintí rialaithe agus chun íoslaghdú a dhéanamh ar sceitheadh bhróimíd mheitile.

Reachtaíocht na hÉireann

Is iad an tAcht um Thruailliú Aeir 1987 agus an tAcht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992 na príomhdhlíthe a rialaíonn truailliú an aeir in Éirinn. Lena chois sin tá réimse ionstraimí reachtúla lena n-áirítear na Rialacháin um Chaighdeáin Aercháilíochta, 2002 (I.R. Uimh. 271 de 2002). Is iad an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) agus d’údarás áitiúil a dhéanann monatóireacht ar thruailliú aeir in Éirinn. Tá sé de dhualgas ar d’údarás áitiúil de bhun an Achta um Thruailliú Aeir 1987 cibé beart a mheasann sé a bheith riachtanach a dhéanamh chun cosc a cur le truailliú an aeir ina limistéar nó srian a chur leis. Ní mór d’úinéirí gléasra tionsclaíoch ceadúnais um thruailliú aeir a fháil ó d’údarás áitiúil nó ón GCC chun rudaí áirithe a dhéanamh a chruthódh astuithe.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 January 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Bainistíocht Dramhaíola
    Is iomaí cineálacha dramhaíola éagsúla ann, mar shampla, dramhaíl pacáistithe agus dramhaíl leictreonach. Tá raon reachtaíochta in Éirinn agus san AE ann a théann i ngleic le diúscairt cineálacha dramhaíola éagsúla. Faigh tuilleadh eolais.
  • Truailliú aeir
    Truailliú aeir
  • Measúnacht Tionchair Timpeallachta
    Bíonn Measúnachtaí Tionchair Timpeallachta de dhíth faoi dhlí an AE agus na hÉireann le haghaidh tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha. Is é cuspóir na Measúnachtaí anailís a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na tionscadail sin ar an gcomhshaol.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.