Tá na príomhfhorálacha a bhaineann leis an Liúntas Cuardaitheora Poist (ar a dtugtaí Cúnamh Dífhostaíochta roimhe seo) le fáil i gCaibidil 2 de Chuid III den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 2005 (pdf), arna leasú.
Ceadaíonn an tAcht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006 (pdf) an t-ainm Cúnamh Dhífhostaíochta a athrú go Liúntas Cuardaitheora Poist. Tháinig an t-ainm nua i bhfeidhm ar an 4 Deireadh Fómhair, 2006.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.