Anseo atá tú: Baile > Reference > Legislative > Cúlra reachtach: Rochtain ar fhaisnéis comhshaoil

Print Page Send to a Friend

Cúlra reachtach: Rochtain ar fhaisnéis comhshaoil

Chun faisnéis comhshaoil a fháil, is féidir leat an reachtaíocht maidir le Saoráil Faisnéise a úsáid nó Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007 (I.R. Uimh.133 de 2007) (pdf).

Tugann na Rialacháin seo feidhm don Treoir maidir le Rochtain Phoiblí ar Fhaisnéis faoi Chúrsaí Comhshaoil, Treoir 2003/4/CE, a fhorálann go bhfuil ceart rochtana ag daoine aonair maidir le faisnéis faoin gcomhshaol arna coinneáil ag údaráis phoiblí. Tá an Treoir seo ar an gcéad cheann de dhá Threoir chun Coinbhinsiún Aarhus (Coinbhinsiún UNECE maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirteachas an Phobail le linn Cinntí a Dhéanamh agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil 1998) a chur i bhfeidhm. Tá Éire ina sínitheoir den Choinbhinsiún seo.

Leagann Coinbhinsiún Aarhus síos sraith rialacha bunúsacha chun rannpháirtíocht na saoránach a spreagadh i gcúrsaí comhshaoil agus forghníomhú dlí na timpeallachta a fheabhsú. Tugann sé rochtain don phobal ar fhaisnéis comhshaoil, déanann sé foráil do rannpháirtíocht i gcinntí comhshaoil, agus tugann sé deis don phobal sásamh a lorg nuair a sháraítear dlí na timpeallachta.

Cheadaigh an tAE Coinbhinsiún Aarhus in 2005 (Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005) Déileálann Treoir 2003/35/CE le rannpháirtíocht an phobail i gcúrsaí cinnteoireachta. Forálann sé go gcaithfidh ballstáit a chinntiú go bhfuil meicníochtaí i bhfeidhm chun rannpháirtíocht an phobail i gcinntí comhshaoil a éascú.

Is í an dara Treoir a chuireann Coinbhinsiún Aarhus i bhfeidhm ná Treoir 2003/35/CE maidir le Rannpháirtíocht Phoiblí i leith Pleananna agus Cláir Áirithe a bhaineann leis an gComhshaol a Tharraingt Suas. Baineann sí seo le rannpháirtíocht phoiblí i ndéanamh cinntí. Foráiltear inti go gcaithfidh ballstáit a chinntiú go bhfuil meicníochtaí i bhfeidhm chun rannpháirtíocht an phobail i gcinntí comhshaoil a éascú. Faoi fhorálacha na Treorach seo, tá baill den phobal i dteideal achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí ábhartha de chuid chomhlachtaí poiblí trí athbhreithniú breithiúnach.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 January 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Dlí timpeallachta na hEorpa
    Forbhreathnú ar reachtaíocht na hÉireann agus an AE, beartas agus cláir mhaoinithe do chosaint an chomhshaoil.
  • Athbhreithniú breithiúnach i gcúrsaí pleanála agus comhshaoil
    Is féidir leis an Ard-Chúirt athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar chinntí poiblí le dearbhú an bhfuil siad neamhdhleathach. Faigh amach faoi athbhreithniú breithiúnach sna réimsí comhshaoil agus pleanála.
  • Orgánaigh ghéinmhodhnaithe
    Cuimsíonn cosaint chomhshaoil an AE rialachán maidir le hOrgánaigh Ghéinmhodhnaithe a úsáid. Tá creat leathan dlí ann chun a chinntiú go mbaineann táirgí Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe agus táirgí a fhaightear ó Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe a fhástar, a ndéantar margaíocht orthu agus a onnmhairítear chuig an AE, caighdeáin sábháilteachta faoi leith amach.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.