Anseo atá tú: Baile > Reference > Legislative > Cúlra reachtach: sainmhíniú ar dhídeanaí

Print Page Send to a Friend

Cúlra reachtach: sainmhíniú ar dhídeanaí

Leagtar amach an dlí a rialaíonn teifigh agus próiseáil na n-éileamh ar stádas dídeanaithe in Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe ag alt 11(1) den Acht Inimirce 1999 agus ag alt 9 d’Acht na nInimirceach Mídhleathacha (Gáinneáil) 2000 agus ag Alt 7 den Acht Inimirce 2003.

Leanann an sainmhíniú dlíthiúil de dhídeanaí, mar a úsáidtear in Acht na nDídeanaithe 1996, go dlúth le ceann Choinbhinsiún 1951 na Ginéive a bhaineann le Stádas na nDídeanaithe agus tagraíonn do dhuine a bhíonn,

"de bharr údar maith eagla de ghéarleanúint orthu mar gheall ar chúiseanna ciníochais, creidimh, náisiúntachta, ballraíochta de ghrúpa áirithe sóisialta nó tuairime polaitiúla, go mbíonn siad lasmuigh de thír a náisiúntachta agus nach féidir, nó de thoradh na heagla sin, nach bhfuil toilteanach cosaint na tíre sin a fháil dóibh féin; nó nach bhfuil náisiúntacht acu agus iad lasmuigh dá ngnáthionad cónaithe roimhe sin, nach féidir nó, de bharr na heagla sin, nach bhfuil toilteanach chun filleadh uirthi, ach nach n-áirítear leis duine a bhíonn:

  • (a) ag fáil cosanta nó cúnaimh ó orgáin nó gníomhaíochtaí na Náisiún Aontaithe (seachas an tArd-Choimisinéir),
  • (b) aitheanta ag údaráis inniúla na tíre inar ghlac siad cónaitheacht mar a bheith i dteidil na gceart agus na n-oibleagáidí a cheanglaítear le seilbh náisiúntacht na tíre sin,
  • (c) go bhfuil forais thromchúiseacha ann le ceapadh fúthu:
    - go ndearna siad coir i gcoinne na síochána, coir chogaidh, nó coir i gcoinne na daonnachta, mar a shainmhínítear sna hionstraimí idirnáisiúnta a dhréachtaítear chun foráladh i leith na gcoireanna sin,
    - go ndearna siad coir thromchúiseach neamhpholaitiúil lasmuigh den Stát roimh a dteacht isteach sa Stát nó,
    - a bhí ciontach as gníomhartha i gcoinne chríocha agus phrionsabail na Náisiún Aontaithe."

[alt 2 d’Acht na nDídeanaithe 1996, arna leasaithe]

Áirítear le "Ballraíocht de ghrúpa áirithe sóisialta" ballraíocht de cheardchumann agus áiríonn freisin ballraíocht de ghrúpa daoine arb é a dtréith shainmhínitheach ná gur ball den ghnéas baineann nó fireann iad nó claonadh gnéasach áirithe a bheith acu.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 January 2010

Teanga

English | Français

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.