Nuair a cheannaíonn tú earraí nó seirbhísí in Éirinn nó i mBallstát eile an AE tá cosaint agat ó reachtaíocht tomhaltóirí. Mura bhfuil maith á dhéanamh de do chearta tomhaltóirí beidh ort gearán a dhéanamh agus bíonn sé deacair uaireanta fios a bheith agat cad ba cheart a dhéanamh má théann aon rud in aimhréidh.
Cuimhnigh
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.