Anseo atá tú:
Baile
>
Reference
>
Checklists
>
Seicliosta na ndoiciméad a theastaíonn nuair atá iarratas á dhéanamh ar Fhordheontas Ús Morgáiste
Ba chóir an méid seo a leanas a sholáthar in éineacht le d’iarratas ar Fhordheontas Ús Morgáiste:
- Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) duit féin, do do chéile agus do do leanaí nó teastais bhreithe mura bhfuil Uimhreacha PSP agat dóibh
- Cruthúnas cónaitheachta
- Cruthúnas céannachta, mar shampla, pas, ceadúnas tiomána, ceadúnas oibre, cárta inimirce (GNIB)
- Fianaise ar aon ioncam atá á fháil agat féin agus ag do chéile agus do leanaí
- Nóta ó d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil agus an duillín pá deiridh de do chuid má tá tú díreach tar éis cur isteach ar an Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta nó ar Chúnamh do Lucht Cuardaigh Fostaíochta
- Doiciméid le d’ioncam agus do staid airgeadais, ar nós duillíní pá a fuarthas le déanaí, P45, P35, P60, ráitis bhainc
- Fíorúchán faoi íocaíochtaí aon cnapshuimeanna a fuarthas nó a bheidh iníoctha má chuirtear deireadh le do chuid fostaíochta, mar shampla, íocaíocht iomarcaíochta nó íocaíocht foirceanta
- Cóip den doiciméadúchán bunaidh a bhain leis an iasacht agus fianaise ar ioncam a soláthraíodh don iasachtóir nuair a rinne tú iarratas ar iasacht
- Cóip den doiciméad lenar ceadaíodh an iasacht
- Doiciméid lena bhfíoraítear breisithe nó athruithe ina dhiaidh ar an morgáiste atá ann cheana féin
- I gcás iasachta le haghaidh deisiúchán nó feabhsúchán, fianaise ar an mbealach ar úsáideadh an t-airgea
- An fógra is déanaí maidir leis an ráta úis a bhí i bhfeidhm i leith na hiasachta
- Ráiteas bliantúil morgáiste ón institiúid iasachtóireachta
- Deimhniú TRS - taispeántar aon faoiseamh ar ús morgáiste atá á fháil agat.
Féadfar iarraidh ort an méid seo a leanas a sholáthar freisin:
- Fianaise ar íocaíochtaí a fuarthas nó atá iníoctha faoi aon pholasaí um chosaint aisíocaíochtaí morgáiste, aon phlean leanúnachais ioncaim nó faoi aon pholasaí den sórt seo cosúil leo
- Fianaise ar aon ioncam faoin scéim um seomra ar cíos
- Fianaise ar luach coigiltis agus ar luach maoin eile
- Fianaise ar iasachtaí atá amuigh ar mhaoin eile
- Má tá ráthóir ann don mhorgáiste, mar shampla, i gcás go bhfuil tuismitheoir ina ráthóir ar mhorgáiste, beidh ort litir a sholáthar ón iasachtóir ina soiléireofar téarmaí na ráthaíochta agus dliteanas an ráthóra le híocaíochtaí an mhorgáiste a dhéanamh mura mbíonn tú in ann é sin a dhéanamh.