Nuair a dhéantar iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist, caithfidh tú doiciméid áirithe a thabhairt leat.
Má chailltear post nó má dhéantar iomarcach tú, ba chóir duit do P45 nó litir ón bhfostóir a thabhairt leat a dhearbhaíonn an lá deiridh a d'oibrigh tú.
Mura bhfuil do P45 nó litir ón bhfostóir agat, ba chóir duit iarratas a dhéanamh mar sin féin. Mar sin féin, tá sé tábhachtach do P45 nó litir ó d'fhostóir a thabhairt chuig an Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil chomh luath agus is féidir.
Má tá deacracht agat ag fáil do P45 ón bhfostóir, inis do bhall foirne atá ag déileáil le d'éileamh san Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil (féach ‘Mura bhfuil do P45 agat thíos).
Má dhéantar iomarcach tú, caithfidh tú doiciméid a thabhairt leat a léiríonn an méid iomarcaíochta tugtha duit. Mura bhfuair tú ach amháin iomarcaíocht reachtúil, caithfidh tú do RP50 a thabhairt leat. Má fuair tú níos mó ná iomarcaíocht reachtúil, caithfidh tú litir ó d’fhostóir a thabhairt leat a sonraíonn an méid iomarcaíochta tugtha duit. Mura mbíonn d’éileamh iomarcaíochta socraithe fós, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist.. Nuair gheobhaidh tú d’íocaíocht iomarcaíochta, ní mór duit cur in iúl d’Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil. Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le do chearta ar íocaíochtaí iomarcaíochta.
Má dhéantar tú a leagan as go sealadach, b'fhéidir go bhfaighfeá nó nach bhfaighfeá P45. Mura bhfuil P45 agat, caithfidh tú litir ón bhfostóir a thabhairt a thugann na sonraí a leanas:
Má laghdaítear do laethanta oibre, caithfidh tú litir a thabhairt ón bhfostóir a thugann na sonraí a leanas:
Caithfidh tú na doiciméid agus an t-eolas a leanas a thabhairt leat chomh maith:
Is féidir leat fianaise ar chéannacht a sholáthar trí do phas nó do cheadúnas tiomána a thaispeáint.
Mura bhfuil pas nó ceadúnas tiomána agat, ba chóir duit aon doiciméad eile atá agat a thabhairt isteach, go háirithe ceann a bhfuil grianghraf díot air.
D’fhéadfaí glacadh leis na doiciméid seo a leanas freisin: cárta creidmheasa, cárta dochair, cárta leighis, cárta aitheantais aoise, cárta aitheantais oibre, cárta ballraíochta club.
Níl na nithe seo a leanas inghlactha mar chruthúnas céannachta:
Ní féidir cinneadh a dhéanamh faoi éileamh gan chruthúnas céannachta.
D'fhéadfaí iarraidh ort fianaise ar do sheoladh a thaispeáint. Ba chóir duit ceann ar bith de na doiciméid seo a leanas a thabhairt isteach:
Tabhair faoi deara: is é atá i gceist le doiciméad le déanaí ná ceann a eisíodh le 2 mhí anuas. Caithfidh na doiciméid go léir a bheith ina mbunchóipeanna, ní ghlacfar le fótachóipeanna.
Má
tá amhras ar bith faoi do sheoladh, ní dhámhfar an t-éileamh ar Shochar do
Lucht Cuardaigh Fostaíochta le haghaidh íocaíochta go dtí go ndéanfar do
sheoladh a dhearbhú.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.