Nuair a dhéantar iarratas ar Liúntas Cuardaitheora Poist, caithfidh tú doiciméid áirithe a thabhairt leat.
Má chailltear post nó má dhéantar iomarcach tú, ba chóir duit do P45 nó litir ón bhfostóir a thabhairt leat a dhearbhaíonn an lá deiridh a d'oibrigh tú. Mura bhfuil do P45 nó litir ón bhfostóir agat, ba chóir duit iarratas a dhéanamh mar sin féin. Mar sin féin, tá sé tábhachtach do P45 nó litir ó d'fhostóir a thabhairt chuig an Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil chomh luath agus is féidir.
Má tá deacracht agat ag fáil do P45 ón bhfostóir, inis do bhall foirne atá ag déileáil le d'éileamh san Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil (féach ‘Mura bhfuil do P45 agat thíos).
Má dhéantar tú a leagan as go sealadach, b'fhéidir go bhfaighfeá nó nach bhfaighfeá P45. Mura bhfuil P45 agat, caithfidh tú litir ón bhfostóir a thabhairt a thugann na sonraí a leanas:
Má laghdaítear do laethanta oibre, caithfidh tú litir a thabhairt ón bhfostóir a thugann na sonraí a leanas:
Mura bhfuil pas nó ceadúnas tiomána agat, ba chóir duit aon doiciméad eile atá agat a thabhairt isteach, go háirithe ceann a bhfuil grianghraf díot air.
Is féidir do chéannacht a chruthú trí do phas nó ceadúnas tiomána a thaispeáint agus ceann ar bith de na nithe a leanas:
Moltar duit foirmeacha difriúla aitheantais a thabhairt leat.
Caithfidh tú sloinne breithe do mháthar a sholáthar chomh maith.
Níl na nithe a leanas inghlactha mar chruthúnas céannachta:
Ní féidir cinneadh a dhéanamh faoi éileamh gan chruthúnas céannachta.
D'fhéadfaí iarraidh ort fianaise ar do sheoladh a thaispeáint. Ba chóir duit ceann ar bith de na doiciméid seo a leanas a thabhairt isteach:
Tabhair faoi deara: is é atá i gceist le doiciméad le déanaí ná ceann a eisíodh le 2 mhí anuas. Caithfidh na doiciméid go léir a bheith ina mbunchóipeanna, ní ghlacfar le fótachóipeanna.
Má tá amhras ar bith faoin seoladh, ní íoctar an t-éileamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist go dtí go ndéantar do sheoladh a fhíorú.
Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar íocaíocht cuardaitheora poist - fiú mura bhfuil do P45 agat.
Má chailleann tú do phost agus mura n-eisíonn d'fhostóir foirm P45 duit, d'fhéadfadh sé a bheith amhlaidh toisc nár chláraigh sé nó sí tú le haghaidh ÁSPC. D'fhéadfadh sé gur cláraíodh tú ach nár íoc d'fhostóir na ranníocaíochtaí ÁSPC a bhí iníoctha nó nár íocadh an méid ceart. Faoi réir An Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1993 ní mór don fhostóir gach fostaí a chlárú chun críche ÁSPC. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Dhualgas an fhostóra chun árachas sóisialta a íoc.
Má dhiúltaíonn d'iarfhostóir P45 a thabhairt duit, ba chóir duit iarratas a dhéanamh fós ar íocaíocht cuardaitheora poist.
Mura bhfuil P45 agat, is féidir leis an Roinn teagmháil neamhfhoirmiúil a dhéanamh le d'fhostóir nuair a dhéanann tú iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist agus iarraidh air nó uirthi P45 a sheoladh chugat chun d'éileamh a phróiseáil. Mura dtugann sé nó sí P45 duit dá thoradh sin féadfaidh tú a iarraidh san Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil go gcomhlíonfá foirm IA49.
Is éard atá sa bhfoirm IA49 ná dearbhú go gcreideann tú nár chomhlíon d'iarfhostóir na rialacháin árachais shóisialta. Déanfar fiosrú ar na híocaíochtaí ÁSPC a rinne d'iarfhostóir de thoradh do dhearbhaithe. B'fhéidir nach bhfaighidh tú P45 de bharr IA49 a chomhlánú ach cabhróidh sé cinneadh a dhéanamh an bhfuil tú incháilithe don íocaíocht cuardaitheora poist.
Mura dtugtar P45 duit nuair a fhágann tú do phost ba chóir duit a iarraidh ar d'fhostóir ar dtús í a thabhairt duit. Mura gcuireann sé nó sí ar fáil í ba chóir duit dul i dteagmháil leis an oifig cánach.
Má théann tú i dteagmháil le d'oifig cánach, rachaidh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le d'fhostóir agus gheobhaidh siad do P45 duit. Murar tugadh P45 duit agus go bhfuil tú den tuairim ná íocadh do ranníocaíochtaí ÁSPC, ba chóir duit insint don chigire leasa shóisialaigh áitiúil trí theagmháil a dhéanamh le d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil nó le rannóg Scóipe na Roinn Coimirce Sóisialaí.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.