Anseo atá tú: Baile > Reference > Checklists > Seicliosta chun iarratas a dhéanamh ar Chárta Leighis

Print Page Send to a Friend

Seicliosta chun iarratas a dhéanamh ar Chárta Leighis

  • Déan cinnte go bhfuil na codanna ábhartha go léir den fhoirm comhlánaithe agat agus ná déan dearmad d’iarratas a shíniú.
  • Cuimhnigh cruthúnas de d’Uimhir PSP agus uimhir PSP do theaghlaigh nó cleithiúnaigh eile a chur ar fáil más gá.
  • I gCuid 3 den fhoirm, ní mór duit cruthúnas a chur ar fáil maidir leis an ioncam agus na sócmhainní go léir a fhógraíonn tú.
  • I gCuid 4 den fhoirm, teastaíonn fianaise maidir le gach eisíocaíocht, lena n-áirítear iasachtaí, cíos, morgáistí agus costais eile.
  • Caithfidh tú Cuid 5 den fhoirm a shíniú.
  • Caithfidh tú Cuid 6a a chomhlánú agus a shíniú.
  • An bhfuil Cuid 6b comhlánaithe agus sínithe ag do rogha dochtúra (DG)?

Is féidir leis an bhfoireann oibre i d’Oifig Sláinte Áitiúil nó d’ionad sláinte aon cheisteanna atá agat maidir le cártaí leighis a fhreagairt agus cabhrú leat an fhoirm iarratais a chomhlánú.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 January 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seicliosta chun iarratas a dhéanamh ar Chárta Cuairte Dochtúra
    Ní mór duit faisnéis áirithe maidir le d’ioncam agus d’imthosca a sholáthar nuair atá iarratas á dhéanamh agat ar Chárta Cuairte Dochtúra. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach an seicliosta seo a léamh roimh duit an fhoirm iarratais a chomhlánú.
  • Cártaí leighis
    Tá daoine áirithe i dteideal seirbhísí sláinte phoiblí a bheith acu saor in aisce faoi scéim na gcártaí leighis. Léiríonn an doiciméad seo na treoracha ioncaim agus conas iarratas a dhéanamh.
  • Sochar Cuardaitheora Poist
    Is íocaíocht sheachtainiúil é a dtugtar do dhaoine atá a bpost caillte acu agus atá ag lorg oibre. Faigh amach dá bhfaighfeá seo agus sochair eile.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.