Anseo atá tú: Baile > Reference > Checklists > Seicliosta chun iarratas a dhéanamh ar Chárta Cuairte Dochtúra

Print Page Send to a Friend

Seicliosta chun iarratas a dhéanamh ar Chárta Cuairte Dochtúra

  • Cuimhnigh gach cuid ábhartha den fhoirm iarratais ar Chárta Cuairte Dochtúra a chomhlánú agus a shíniú roimh duit é a sheoladh ar aghaidh chuig d’Oifig Sláinte Áitiúil.
  • An bhfuil cruthúnas de d’Uimhir PSP agus uimhreacha do chleithiúnaigh curtha ar fáil agat?
  • I gCuid 3 den fhoirm iarratais, ní mór duit cruthúnas a chur ar fáil maidir leis an ioncam agus na sócmhainní go léir a fhógraíonn tú.
  • I gCuid 4 den fhoirm iarratais, teastaíonn fianaise maidir le gach eisíocaíocht, lena n-áirítear cíos, morgáistí, costais cúraim leanaí agus costais taisteal chuig an obair.
  • Ní mór Cuid 5 den fhoirm iarratais a shíniú.
  • Ní mór Cuid 6a den fhoirm iarratais a chomhlánú go hiomlán - ná déan dearmad é seo a shíniú.
  • Déan cinnte go gcomhlánaíonn agus go síníonn do rogha dochtúra (DG) Cuid 6b den fhoirm.

Beidh an fhoireann i d’ionad sláinte nó i d’Oifig Sláinte Áitiúil sásta cabhair a thabhairt duit má bhíonn deacrachtaí agat an fhoirm a chomhlánú nó má bhíonn aon cheisteanna agat faoin bhfoirm.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 January 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seicliosta chun iarratas a dhéanamh ar Chárta Leighis
    Ní mór duit sonraí éagsúla maidir le d’ioncam agus d’imthosca a sholáthar nuair atá iarratas á dhéanamh agat ar chárta leighis. Tá sé d’aidhm ag an seicliosta seo cabhrú leat an fhoirm iarratais a chomhlánú chun a chinntiú go gcuireann tú an fhaisnéis agus an fhianaise go léir a theastaíonn ar fáil.
  • Cártaí Cuairte LG (Liachleachtóir Ginearálta)
    Mura bhfuil cárta leighis nó cárta cuairte LG agat, ní bhíonn cuairt ar dhochtúir ginearálta saor in aisce. Cad é cárta cuairte LG agus conas iarratas a dhéanamh?
  • Seirbhísí máithreachais agus leasa naíonán
    Cuireann an tseirbhís sláinte phobail seirbhísí máithreachais saor in aisce ar fáil do mháithreacha agus do naíonáin suas go dtí 6 sheachtain tar éis a mbreithe.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.