Anseo atá tú:
Baile
>
Reference
>
Checklists
>
Seicliosta nuair atá achomharc á dhéanamh in aghaidh chinnidh leasa
shóisialaigh
Má tá tú míshásta le cinneadh a rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí
faoi íocaíocht, tá sé de rogha agat achomharc a dhéanamh in aghaidh an
chinnidh sin. Sula ndéanann tú achomharc, ní mór socrú an féidir
achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh agus cé leis a ndéanfaidh tú an
t-achomharc. Déanfar an t-achomharc chuig Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh
nó leis an Roinn Coimirce Sóisialaí, braitheann sé ar an gcineál
íocaíochta.
Tá céimeanna éagsúla sa nós imeachta achomhairc. Cuireann an seicliosta
seo na céimeanna seo in iúl agus míníonn sé próiseas an achomhairc.
- An féidir an t-achomharc a dhéanamh leis an Oifig Achomhairc
Leasa Shóisialaigh?
Léirítear na
scéimeanna leasa shóisialaigh gur féidir achomharc foirmeálta a
dhéanamh ina n-aghaidh. Mura bhfuil an íocaíocht nó an scéim gur
mhaith leat achomharc a dhéanamh uirthi clúdaithe ag an Oifig Achomhairc,
tá sé de rogha agat iarraidh go ndéanfadh an Roinn Coimirce Sóisialaí
an cinneadh a athbhreithniú, ach ní féidir achomharc foirmeálta a
dhéanamh.
- An bhfuil tú laistigh den teorainn ama chun achomharc a
dhéanamh?
Go hiondúil, ní mór achomharc a dhéanamh leis an Oifig Achomhairc
laistigh de 21 lá ó rinneadh an cinneadh. Má tá d'iarratas déanach,
ní foláir duit cúiseanna na moille sin a léiriú. Níl dualgas ar na
hOifigigh Achomhairc glacadh le hiarratais dhéanacha.
- An bhfuil cabhair uait chun an t-achomharc a dhéanamh?
Tá roinnt eagraíochtaí deonacha ann (ar nós an tIonad
Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil) agus is féidir leo treoir a
thabhairt duit le socrú an bhfuil foras achomhairc agat. Is féidir leo do
chás a ullmhú leat agus féadfaidh siad dul mar ionadaí leat ar lá
d'éisteachta. Faigh an
tIonad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.
Do
chás a ullmhú
- Cén fáth nach raibh tú sásta le cinneadh na Roinne?
Leag amach na cúiseanna cén fáth.
An bhfuil do cháipéisí ar fad agat chun do chás a chruthú? Ba chóir
cáipéisí sa chomhad achomhairc a eagrú de réir dátaí. Sa chás nach
bhfuil ach fótachóipeanna le fáil, ba chóir iad a bheith
d'ardchaighdeán agus soléite.
Samplaí de
chásanna a tógadh chuig an Oifig Achomhairc.
- Cuir an fhoirm "Cuir isteach d'Fhógra Achomhairc" faoi bhráid
na hOifige Achomharc leis an bhfaisnéis atá bailithe agat roimh an
spriocdháta 21 lá. Cuimhnigh, ba chóir an t-eolas seo a leanas
a bheith san fhógra achomhairc:
D'ainm agus do sheoladh
• D'Uimhir
Phearsanta Seirbhíse Poiblí
• An cinneadh a bhfuil achomharc á dhéanamh agat ina aghaidh
• Ráiteas leis na fíricí agus pointí a bheidh á n-úsáid agat san
achomharc. Ba chóir fianaise fhaisnéiseach chun tacú le do chás a chur
faoi bhráid na hOifige Achomharc leis an bhFógra Achomhairc.
• Ba cheart cóip den litir ón Roinn chuig an Oifigeach Cinnidh maidir
leis an achomharc a bheith sa litir chomh maith.
Ag
déanamh d'Achomhairc
- Ar dhearbhaigh an Oifig Achomhairc i scríbhinn go bhfuair siad
d'achomharc?
Beidh d'Uimhir Tagartha Achomhairc leis an dearbhú. Ba chóir an uimhir
seo a thabhairt i gcumarsáidí go léir leis an Roinn as seo amach.
Éisteachtaí
Achomharc Leasa Shóisialaigh
- An bhfuair tú fógra den chinneadh i scríbhinn nó ar iarradh
ort teacht chuig agallamh chun do chás a phlé?
D'fhéadfadh na hOifigigh Achomhairc cuireadh a thabhairt duit teacht chuig
agallamh chun do chás a phlé nó d'fhéadfaidís cinneadh a dhéanamh ar
d'achomharc bunaithe ar an bhfianaise atá curtha isteach agat.
- Ar chuimhnigh tú ar dháta, am agus áit an agallaimh? Ní mór
teacht in am.
Tá na hagallaimh achomharc neamhchoimhlinteach. Is í aidhm an Oifigigh
Achomhairc ná éisteacht le do chás agus déanfaidh sé cinneadh cothrom.
Mura féidir leat teacht, ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an oifig
chomh luath agus is féidir ionas gur féidir athrú dáta a shocrú.
Cinntí
achomharc Leasa Shóisialaigh
- Tabharfar cinneadh ar do chás duit
Cuirfidh an t-Oifigeach Achomhairc a c(h)inneadh, agus na fáthanna atá
leis an gcinneadh sin, chugat i scríbhinn. Cuirfear litir den chineál
céanna chuig an Roinn ag an am céanna.
Má bhí agallamh ann, gheobhaidh tú cinneadh an Oifigigh Achomhairc
laistigh de trí nó ceithre mhí. Tabharfaidh an tOifigeach Achomhairc
breith ar d'achomharc agus cuirfidh sé an bhreith sin in iúl chugat i
scríbhinn. Cuirfear litir den chineál céanna chuig an Roinn ag an am
céanna. Má theipeann ar d'achomharc, míneoidh Oifigeach na nAchomharc
cén fáth.
Seo
roinnt ceisteanna a chuirtear go minic maidir le hachomharc a dhéanamh.