Anseo atá tú: Baile > Reference > Checklists > Seicliosta de nithe le déanamh ag lucht méala tar éis báis

Print Page Send to a Friend

Seicliosta de nithe le déanamh ag lucht méala tar éis báis

Ceisteanna dlíthiúla

Ceisteanna Airgeadais

Tithíocht

  • Má bhí morgáiste ag an duine éagtha athraigh an t-ainm atá air.
  • Athraigh an t-ainm ar ghníomhais an tí
  • Más lóistín ar cíos atá i gceist, socraigh go n-athrófar an t-ainm ar an gcomhaontú tionóntachta.
  • Athraigh an t-ainm ar bhillí fóntais teaghlaigh.
  • Déan teagmháil leis An Post le haghaidh post a athdhíriú ar an seiceadóir nó ar riarthóir an eastáit.

Ilghnéitheach

  • Cuir fostóir an duine éagtha ar an eolas má b'fhostaí é/í nó cuir an scoil / coláiste ar an eolas má bhí sé/sí sa chóras oideachais.
  • Déan teagmháil le hOifig Sláinte Áitiúil an duine éagtha nó le heagraíocht dheonach má bhí siad ag fáil seirbhísí sláinte chúram pobail
  • Déan teagmháil leis an dochtúir/ospidéal má bhí coinní ag an duine éagtha leo.
  • Déan teagmháil le gníomhaireacht taistil, le hóstán, le haerlíne, srl. má bhí na háiseanna seo curtha in áirithe ag an duine éagtha, chun fiosrúchán a dhéanamh maidir le haisíocaíochtaí.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 January 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Nuair a fhaigheann duine bás
    Má chaill tú duine éigin a bhí gar duit le déanaí nó má tá aithne agat ar dhuine éigin a chaill duine a bhí gar di nó dó, tabharfaidh sé seo treoir duit ar na nithe nach foláir duit a dhéanamh tar éis bás in Éirinn. Tugann sé achoimre freisin ar roinnt de na seirbhísí stáit agus seirbhísí deonacha atá ar fáil chun tacú leat.
  • Deileáil le hEastát an Mhairbh
    Tá cur síos anseo ar a bhfuil i gceist le Deonú Probháide nó litreacha riaracháin a fháil. San áireamh tá na dualgais atá ar sheiceadóir nó riarthóir leis an uacht a chur i gcrích nó faoin Acht Comharbachta.
  • Ábhair airgid i ndiaidh an bháis
    Nuair a fhaigheann do chéile nó garghaol bás, bíonn a lán le déanamh agat agus bíonn ort a lán cinntí a dhéanamh agus tú faoi mhórstrus. Achoimre ar shaincheisteanna, m.sh. teidlíochtaí leasa shóisialaigh, cáin agus ábhair airgid eile gur gá dul i gceann orthu.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.